Amach libh ag siúl leis an Kerry Cowboy, Séaghan Ó Súilleabháin, across the sléibhte, amuigh san aer leis an dúlra while using what cúpla focal Gaeilge you have at the same time.
RTÉ.ie/Gaeilge spoke to Séaghan about the idea behind Siúlóidí sna Sléibhte.
Cad as a dtáinig an smaoineamh seo chugat?
"Is dócha bím i gcónaí ag lorg slite leis an nGaelainn a chur chun cinn agus is mó rud iontach atá ag tarlú ar nós ciorcail comhrá agus popup gaeltachtaí ar fud na tíre. Ach theastaigh uaim is dócha é a nascadh le rudaí gur suim liom féin.
"And in Kerry, we're blessed with beautiful mountains and those views. So I thought it would be nice to bring a group out, show them the place and chat away in whatever Gaelainn they have, at their ease, while learning some of the placenames, plants and stories from the locality."
"Níorbh ann ach smaoineamh ar dtús agus buíochas leis an gCiste Spreagtha bhí mé in ann é a thriailt agus buíochas le Dia bhí sé ana-rathúil go deo agus beidh a thuilleadh é eagrú aríst agam."
Agus is deis iontach é do dhaoine a bheith ag súil leatsa, gur walking talking encyclopedia tú, ach ní stroll beag bog é seo, tá sibh ag déanamh siúlóidí cearta?
"Sea, ní walk in the park, mar a déarfá, atá ann."
"Tá varying degrees of difficulty, mar a deirtear, i gceist. Cuid acu, beidh siad níos deacra ná a chéile nuair a bheidh mé ag déanamh fógraíochta ortha, beidh sé sin le feiscint. An chéad cheann a dheineamar ná An Struicín (i gCill Áirne) sin thart ar 450 méadar in airde, is dóigh liom agus an chéad cheann eile beidh sé ag tarlúint ar an 17 de mhí Lúnasa ar Shliabh an Iolair agus tá sé sin ábhairín níos airde."

"Táimid ag caint ar 600 méadar agus an talamh níos boige. Mar sin beidh sé ábhairín níos dúshlánaí, ach tá sé i gceist agam is dócha go mbeadh cuid acu níos deacra ná a chéile, ach ba mhaith liom cloígh le sléibhte. Is dócha gur mó siúlóide atá ag tarlúint timpeall na tíre ar thalamh deas réidh, ach i gCiarraí, nfheadar maith nó olc é, ach tá ana-chuid cnoc agus sléibhte againn agus ba mhaith liom leas a bhaint astu agus daoine a thabhairt amach ortha."
Sliabh an Iolair is famous for the frequent mentions it gets from Philip King's radio show South Wind Blows from Raidió na Gaeltachta studios in Baile na nGall, west of Dingle, but its no small hillock either. The walk you mentioned that will take place on 17 August, is that part of Heritage Week?
"Sea beidh sé sin bainteach le Sheachtain na hOidhreachta agus tá sé urraithe ag Dúchas an Daingean agus Tobar Dhuibhne mar sin táim ag súil go mór a bheith ag comhoibriú leo. Sin rud eile iontach is dócha atá tar éis tarlúint le Siúlóidí sna Sléibhte - níl sé ach ina thús fós, ach tá dreamanna éagsúla ó gach cearn den gcontae tar éis a bheith i dteangmháil liom ag fiafraigh an bhféadfainn teacht chuig a gceantar féin agus rud a eagrú ansan."
"Ní luafaidh mé na háiteanna go fóill go dtí go bhfuil siad deimhnithe. Ach is deas é go bhfuilim ag nascadh daoine, ní amháin i gCiarraí ach i bhfad níos faide i gcéin fiú leis na siúlóidí seo a dhéanamh agus tabhairt fúthu mar is slí álainn é le Gaeilinn a labhairt agus le pobal an nascadh is dócha. Agus níl aon dabht ann ach go bhfuil spéis ag daoine sna siúlóidí sléibhte."

"Ní luafaidh mé na háiteanna go fóill go dtí go bhfuil siad deimhnithe. Ach is deas é go bhfuilim ag nascadh daoine, ní amháin i gCiarraí ach i bhfad níos faide i gcéin fiú leis na siúlóidí seo a dhéanamh agus tabhairt fúthu mar is slí álainn é le Gaeilinn a labhairt agus le pobal an nascadh is dócha. Agus níl aon dabht ann ach go bhfuil spéis ag daoine sna siúlóidí sléibhte."
Chonaic mise ar instagram tú ach conas atá daoine ag déanamh teangmháil leat, an ansin atá an mealladh is mó ag daoine chugat nó conas go bhféadfaidís, mura bhfuil instagram acu, dul i dteangmháil leat agus bheith ag siúlóid leat?
"Sea an príomh slí le teacht i dteagmháil liom is dócha ná instagram. Táim tar éis leathanach a shocrú dos na siúlóidí agus sé sin @siúlóidsnasléibhte ach chomh maith leis sin, féadfaidís ríomh-phost a chur chugam ag thekerrycowboy@gmail.com – deas fuirist cuimhneamh air sin!"
"Sin iad na príomh bhealaí teangmhála atá ann ar aon chuma. Formhór na ndaoine, chualadar fé, is dócha, óna bheith dom leanúint ar instagram ach roinnt daoine, leis, chualadar fé go háitiúil, is dócha go raibh mé fógra in Corca Dhuibhne Beo. Bhfuil an irisleabhar san léite agat? Tá sé go diail, mholfainn é d'aon duine."
"Rud a bhí ana-shuimiúil ná an meascán aoiseanna a bhí ann. Ní rabhas cinnte dom chéad siúlóid cén saghas daoine a thiocfadh agus bhí daoine ann níos óige ná mé féin, luath sna fichidí agus fiú deireadh na ndéaga agus bhí daoine ann a bhí sna seachtóidí leis, mar sin ana-mheascán go deo agus b'aoibhinn é a eiscint."

Meascán deimeagrafaic cinnte agus meascán saghasanna daoine agus carachtar éagsúla spéisiúla le scéalta difriúla.
Sea, bhí Meiriceánach againn fiú.
Is breá leis na Poncánaigh Ciarraí. An dtógann tú an gadhar leat?
Ar an gceann áirithe sin, An Struicín, níl gadhar ceadaithe. Caithfidh mé seiceáil fé Sliabh an Iolair, glacaim leis chomh maith ná beadh cead mar go bhfuil caoire amuigh ar an sliabh sin. Ach má tá sé ceadaithe in áit go mbeimid seans go dtiocfadh Braindí. Is breá léi dul suas sléibhte.
Lean Siúlóidí sna Sléibhte ag @siúlóidsnasléibhte agus an Kerry Cowboy