skip to main content

This is it boys - no room for caidology

Paul Conroy agus Stefan Campbell san iomaíocht i bPáirc Markievicz i mbabhta 3 den Chraobh Mí Meitheamh - Ard Mhacha abú.
[Pic: Brendan Moran/Sportsfile]
Paul Conroy agus Stefan Campbell san iomaíocht i bPáirc Markievicz i mbabhta 3 den Chraobh Mí Meitheamh - Ard Mhacha abú. [Pic: Brendan Moran/Sportsfile]

Don dara Dhomhnach as a chéile cuirfidh RTÉ craoladh iomlán telefíse i nGaeilge ar fáil beo ón taobhlíne chomh maith le clúdach raidió ag Raidió na Gaeltachta, an uair seo ar Chluiche Ceannais Peile na hÉireann.

For the second Sunday in a row RTÉ will provide full television sideline coverage as Gaeilge as well as radio coverage on Raidió na Gaeltachta, this time for the All-Ireland Football Final.


An Domhach beag seo seasfaidh Gaillimh agus Ard Mhacha bearaicín le bearacín ar a chéile sa gCluiche Ceannais Peile. Casadh ar a chéile iad go cáilíúil i gcluiche ceathrú ceannais 2022 nuair a bhí shemozzle ar leith acu - an mbeidh an fhuil ag friochadh Dé Domhnaigh nó an mbeidh oighear ina gcuislí? Neosfaidh an aimsir.

Is í an craoltóir spóirt aitheanta Gráinne McElwain a chuirfidh an clár i láthair le hainilís ó Seán Ó Domhnaill na Gaillimhe agus Marc Ó Sé Chiarraí.

RTÉ.ie/Gaeilge spoke to Gráinne McElwain, host of Sunday Game Beo, about her job; the wonder of the occasion and the challenges it presents.

"Is onóir agus pribhléid domsa i gcónaí a bheith mar láithreoir ag Cluiche Ceannais na hÉireann nó aon uair atá tú ag na cluichí Cumann Lúthchleas Gael. Is aoibhinn liom é agus caithfidh mé a rá ar an lá is mó i bhféilire an Chumainn Lúthchleas Gael bíonn sé iontach a bheith ann, ar an taobh líne ag féachaint ar na laochra seo agus ag féachaint ar an gcluiche."

Gráinne McElwain, Sunday Game Beo presenter.


"Níl aon rud ann fén lá atá go dona, ach toisc go mbíonn an oiread sin daoine ann go mbíonn brú ort a bheith in am, is dócha. Caithfidh tú a bheith cinnte go mbíonn tú ann níos luaithe ná aon lá eile mar gheall gurb é an Chluiche Ceannais atá ann. Ní feidir bheith mall!"

Bhfuil sé deacair cois páirce sibh féin a chloisteáil nuair atá ochtó míle duine san áit agus sibh ag iarraidh caint le chéile?

"Níl, mar tá muid uilig ar córas fuaime le chéile go bhfuilimid in ann éisteacht lena chéile. Mar shampla, bíonn ort na cluasáin agus ear-pieces a bheith á chaitheamh agat, agus nuair atáimid ag caint le chéile cloiseann sibh a chéile mar gheall ar an gcóras fuaime. Mura mbeadh sé sin ann cinnte bheadh deacracht againn, ach nuair atá tú beo ar an aer tá tú ag caint le chéile trín gcóras fuaime mar sin ní bhíonn aon deacracht ar bith aon duine a chloisteáil."

Nuair atá an triúir agaibh, tú féin, Seán agus Marc, ag seasamh ansin ag na seastán ar thaobh na páirce, bhfuil fuinneog beag bídeach agaibh go gcaithfidh sibh iad sin a chaitheamh isteach, léimt isteach chun cainte a dhéanamh agus léimt amach arís?

"Cinnte bíonn brú ann ansin i gcónaí le gnó na teilifíse mar go bhfuil go leor prótacal i gceist le Cluichí Ceannais na hÉireann. Bíonn an tUachtarán ann, bíonn an Taoiseach ann agus caithfidh tú cloígh le hamanntaí ceart ar an lá. Ní bhíonn rudaí mall ag tarlú mar sin tá tusa ag iarraidh do phointí a dhéanamh taobh istigh den am atá tú in ann ar an aer mar ní bhfaighidh tú an deis teacht ar ais beo."

Sean Ó Domhnaill battles with Darragh Ó Sé a few years ago. (24 years ago.)

"Agus bfhéidir gurb shin rud atá dúshlánach; de gnáth, (ar leathannta eile) b'fhéidir go mbíonn cluichí eile ann, nó b'fhéidir nach dtosaíonn Amhrán na bhFiann in am nó go mbíonn cúpla bomaite ann nuair a bhíonn foireann mall ag teacht amach ar an bpáirc, ach ar an lá roimh an Cluiche Ceannais, bíonn achan rud cineál clockwork."

"Ní bhíonn rudaí mall ag tarlú mar sin tá tusa ag iarraidh do phointí a dhéanamh taobh istigh den am atá tú in ann ar an aer mar ní bhfaighidh tú an deis teacht ar ais beo."

"Tosaíonn an rud ag an am ceart agus agus ní stopann sé, nó ní ghéileann sé d'aon duine. Bíonn paráid ag tarlú ag an t-am díreach ceart mar sin mar láithreoir agus mar anailísí caithfidh na pointí atá sibh ag iarraidh a chur trasna a bheith déanta in san am gairid sin. Ach sin gnó na teilifíse chomh maith. Níl sé cosúil leis an raidió go bhfuil níos mó ama agat rudaí a rá, ach ní sa teilifís; caithfidh tú iad a bheith déanta in am agus ar aghaidh leatsa."

Another example of the seemingly inexhaustible supply of Ó Sé's, Marc.

Beidh Gráinne ag cur Sunday Game Beo i láthair an Domhnach Beag seo agus siad Marc Ó Sé agus Seán Ó Domhnaill a bheidh i mbun ainilíse taobh líne léi.

Tosnaíonn an chlúdach telefíse ag 2.55, agus Garry Mac Donncha agus Dara Ó Cinnéide i mbun tráchtaireachta. Beidh sé le fáil ar an RTÉ Player agus ar chainéal RTÉ News.

Tosnóidh clúdach RTÉ Raidió na Gaeltachta le Gearóidín Nic Con Iomaire agus Lorcán Ó Máirtín óna 2 a chlog.

Tá cainéal RTÉ News ar fáil ar Saorview - cainéal 21; Sky - cainéal 517; Virgin Media - cainéal 200.

Le féachaint ar an Sunday Game Beo ar an RTÉ Player: Ar leathanach baile ar fón, táibléid nó ar an ríomhaire, gheobhaidh tú roinn faoin teideal 'Watch Live TV'- roghnaigh sruth RTÉ News le féachaint ar an Sunday Game Beo.

Seachas sin, brú an cnaipe LIVE ar an bhfón, táibléid nó ríomhaire, (beidh sé ar bharr nó ag bun an scaileáin ag brath ar an ngléas atá in úsáid agat) agus arís roghnaigh an sruth RTÉ News. Beidh lipéad dearg ar na cluichí ar fad ar mbeidh tráchtaireacht Ghaeilge orthu le Irish Language air le feiceáil ag barr an scáileáin, ar chlé. Is féidir teacht ar Thráchtaireacht Bheo ar an iliomad ardán lena n-áirítear; Saorview HD, RTÉ News Channel agus ar an RTÉ Player.