Tá sraith grinn drámaíochta de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, Carthanacht Chlíodhna, ainmnithe do Ghradam Zebbie de chuid Writers Guild of Ireland don Script is Fearr Raidió agus Closdrámaíochta. Siad Dorothy Cotter agus Cillian Ó Donnachadh den gcomhlacht Pinch of Sult, an bheirt a scríobh.
Bhí an sraith lonnaithe i mbaile bheag áit a bhfuil Clíodhna de Brí, fíochmhar lasánta ar an All Ireland Charity Shop Championship a bhuachaint. Faraor, tá a ndearg-namhaid gleacaí, Bríd Óg, i mbun siopa charthanachta iomaíoch díreach trasna an bhóthair.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Cillian Ó Donnachadh fén smaoineamh taobh thiar don sraith agus faoi thábhacht na nGradam Zebbie.
"Bhuel, tá na Zebbies ar siúl i Mí Meán Fómhar, gradam an Irish Writers Guild. Mar sin má tá tú bainteach leis an Writers Guild tá tú in ann vótáil ar ár son. Aon uair go ndéanann tú rud ar bith ó thaobh scríbhneoireachta de, tá sé fíor-dheacair aon gradam a fháil le haghaidh rudaí mar sin, seachas ainmniúcháin a fháil."

"Mar sin is mór an onóir é go bhfaighfeá ainmniúchán. Ach go háirithe toisc gur bunaíodh Pinch of Sult Productions chun Carthanacht Chlíodhna a dhéanamh. Chuir Dorothy Cotter isteach air mhaoiniú ón BAI agus chuir sí glaoch ormsa féachaint an mbeadh suim agam ann, mar tá aithne againn ar a chéile leis na blianta mar gur aisteoirí agus scríbhneoirí muid beirt."
"Mhínigh sí dom go raibh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag cuardach seó nua le lucht éisteachta nua a mhealladh mar sin seó grinn nó seó difriúil a bhí á lorg acu. Ní raibh aon taithí agamsa bheith ag scríobh don raidió ach tá ag Dorothy agus tháinig muid le chéile chun é a dhéanamh."
Ar dtús, ní raibh clú againn cad a bhí á dhéanamh againn, bhíomar ag díriú ar an togra é féin. Ach ansin nuair a fuaireamar an deontas é a dhéanamh, bhí orainn díriú air. Bhí coincheap deas, simplí, craiceáilte againn, agus ansin bhí orainn é a dhéanamh."

"B'shin an rud is suimiúla dúinn, ach go háirithe, mar gheall nach raibh muid ag iarraidh rud éigin atá déanta cheana a dhéanamh arís, agus ag iarraidh plé leis an stíl greann a bhí uainn. Mar sin bhí sé bunaithe go ginearálta ar stíl greann Father Ted-esque ach conas a chuirfeá sin trasna ar an raidió?"
"Ar dtús cheapamar go mbeadh sé níos deacra mar gheall nach mbeadh an físeán agat chun cabhrú ach is léir agus muid á dhéanamh, toisc nach raibh aon taithí agamsa ar aon nós, go raibh sé i bhfad níos éasca, go bhféadfá an físeán a chur amach i gceann do lucht éisteachta, níl aon srian leat."
The pictures are always better on the radio!
"Absolutely! Ach ceann de na deacrachtaí a bhí ann don scríobh ná, nathanna cainte a d’úsáidfeá sa Béarla, mar shampla, nach n-oibríonn an t-aistriúchán mar a cheapfá. Bhí orainn,, mar sin bheith ag smaoineamh as Gaeilge chun go mbeadh an script ceart ó thaobh an ghreann de ach go háirithe mar gheall go bhfuil an stíl céanna agam féin agus Dorothy, scéalta atá craiceáilte, cineál gas, nach bhfuil trom nó róchrua a insint."

Theatre of the Absurd ab ea?
"Díreach é. Agus ní raibh clú againn conas a d’éireodh leis ach thaithin sé le go leor daoine agus fuaireamar ainmniúcháin, mar sin caithfidh go ndearna muid rud éigin i gceart!"
"Agus táim féin agus Dorothy anois ag iarraidh é a fhorbairt mar togra do seó don teilifís. An ndéanfadh sibh an tarna sraith raidió do Raidió na Gaeltachta dá mbeadh an rogha agaibh? Oh cinnte dá mbeadh deis againn dhéanfaimis é sin chomh maith. Mar sin an plean atá againn ná an tarna sraith a dhéanamh agus an chéad sraith a chur isteach mar sraith teilifíse, bheadh sé sin an-suimiúil ar fad."
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Bhí cliar den scoth acu don sraith: Donncha Crowley, Marcus Lamb, Áine Ní Laoghaire, Eoin P Ó Murchu, Bairbre Ní Chaoimh mar Chlíodhna agus ceol cumtha ag an cumadóir cumasach, Steve Lynch.
Leanann votáil bhaill an Writers Guild go dtí an 28 Iúil agus fógrófar buaiteoirí ar an 3 Meán Fómhar.
Éist siar le Carthannacht Chlíodhna anseo.