skip to main content

Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana

Iarratais anois oscailte - tapaígí an deis, a fhoilsitheoirí Gaeilge
Iarratais anois oscailte - tapaígí an deis, a fhoilsitheoirí Gaeilge

Iarratais oscailte anois do 'Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana', urraithe ag Love Leabhar Gaeilge, do Ghradaim Leabhar An Post 2024: Sprioc 9 Lúnasa

Tá an catagóir 'Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana' atá urraithe ag Love Leabhar Gaeilge le Foras na Gaeilge, do Ghradam An Post Irish Book Awards 2024, oscailte d'iarratais anois.

Tá Foras na Gaeilge ag tacú le catagóir na leabhar Gaeilge ag na Gradaim Leabhar An Post ó 2018. Ceiliúradh iontach atá sa ghradam seo ar scríbhneoireacht agus ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge. B'é 'Imram agus scéalta eile’ le Róise Ní Bhaoill, agus foilsithe ag Éabhlóid, a ainmníodh mar bhuaiteoir an ghradaim anuraidh.

Viva an Leabhar! Seod a bhronn Johann Freiherr von Gutenburg ar an gcine daonna.

Má tá tú ag iarraidh do leabhar a chur isteach, cinntigh le do thoil go gcomhlíonann na teidil a chuirtear isteach na riachtanais incháilitheachta go léir:

  • Caithfidh an leabhar a bheith foilsithe laistigh de bhliain na nGradam, ie idir 1ú Samhain 2023 go dtí an 1ú Samhain 2024.

  • Caithfidh an t-údar a bheith Éireannach, tré bhreith, saoránacht, nó cónaí orthu go fad-téarmach.

  • Caithfidh an leabhar a bheith ina bhunchóip, ie ní féidir leis a bheith ina athchló nó aistriúchán de leabhar atá foilsithe cheana.

Foras na Gaeilge i mbun urraithe.

Cliceáil anseo le tuilleadh faoi na critéir a léamh.

Is é an spriocdháta d’iarratais 9ú Lúnasa 2024.

Fógrófar an gearrliosta do na catagóirí uilig ar an 23ú Deireadh Fómhar, agus beidh an ócáid bhronnta bhliantúil ar siúl ar an 27ú Samhain.

Is féidir gach eolas a fháil faoin ngradam agus an fhoirm iarratais a líonadh isteach anseo.

Tá Gradam Love Leabhar Gaeilge á chomhordú ag Lorg Media thar ceann Fhoras na Gaeilge.