We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Cuirfidh RTÉ craoladh iomlán telefíse i nGaeilge ar fáil beo ón taobhlíne mar aon le clúdach raidió Raidió na Gaeltachta, ar na cluichí ceannais peile agus iománaíochta arís i mbliana.
An Domhach beag seo tabharfaidh Corcaigh agus an An Clár aghaidh ar a chéile sa gcluiche ceannais iománaíochta don dara huair i stair an CLG. Chas siad ar a chéile i 2013, tráth gur chroch An Clár Corn Mhic Cárthaigh leo i ndiaidh athimirt.
Is í an craoltóir spóirt aitheanta Gráinne McElwain a chuirfidh an clár i láthair le hainilís ó John Allen, a bhuaigh Craobh na hÉireann le Corcaigh mar imreoir agus mar bhainisteoir, agus Michael Rice, a bhí ar fhoireann iontach Chill Chainnigh a bhuaigh 8 gCraobh Uile-Éireann idir 2006 agus 2015.
Is iad Garry Mac Donncha agus Pat Fleury a bheidh i mbun tráchtaireachta beo ó Pháirc an Chrócaigh agus is é Damien Ó Dónaill a bheas mar thuairisceoir.
Antoine Ó Conghaile a bheidh ag tráchtaireacht do Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh agus 'sé Liam Mac an Mhaoir a bheidh mar ainilisí aige.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Garry MacDonncha, a bheidh i mbun tráchtaireachta ar an gcluiche lena leathbhádóir, Pat Fleury, fé bhuaic-ócáid an fhéilire iomána.
"Bhí sé fíor-thaitneamhach a bheith páirteach i gcraoladh na bliana seo caite, an chéad uair gur cuireadh na cluichí ceannais amach le léiriú iomlán i nGaeilge ó thaobh láithriú, ainailís, tuairisciú," arsa Garry.
"Bhí beocht ag baint leis an gcraoladh. Tá na cluichí ceannais ag dul amach le tráchtaireacht Ghaeilge beo ar an RTE Player agus ar an gcainéal Nuachta ó 2015 ach ba céim mhór chun tosaigh a bhí ann ó thaobh lucht féachana na Gaeilge agus ó thaobh craoltóireacht seirbhíse poiblí de."

"Tá RTÉ ag cur tráchtaireacht i nGaeilge ar fáil ó 1997, a chuaigh amach iarbheo ar TG4 le blianta ar lá an chluiche ceannais, rud a tharlaíonn go fóill agus tá an t-ádh orm gur mé a bhí i mbun tráchtaireachta do chuile ceann."
"Is dóigh liom gurb í seo an 61ú cluiche ceannais agam idir iománaíocht, peil agus athimirtí agus tá sé suimiúil go raibh An Clár páirteach sa chéad ceann riamh a rinne mé nuair a bhuail siad Tiobraid Árann i gCluiche Ceannais Iománaíochta 1997, agus bhí a mbainisteoir don Domhnach seo, Brian Lohan, mar lán-chúlaí acu an lá sin."
"Tá sean-aithne agam féin agus mo chomhthráchtaire, Pat Fleury, ar a chéile. Tá muid anois 20 bliain nó mar sin ag obair i dteannta a chéile ar na cluichí ceannais iománaíochta agus creidim go n-oibríonn muid go han-mhaithe lena chéile agus tá an gaol sin tábhachtach idir an tráchtaire agus comhthráchtaire."
"Má bhíonn an t-atmaisféir leath chomh maith ar an Domhnach agus a bhí sé don chluiche idir Luimneach agus Corcaigh beidh muid ar mhuin na muice."

Caithfidh go bhfuil sásaimh ar leith le braith nuair atá an jab déanta agus déanta go maith?
"Is mór an onóir agus pribhléid agam é a bheith i láthair i bPáirc an Chrócaigh ar lá na gcluichí ceannais, tá mé ar bís anois fiú agus mé agus féachaint ar aghaidh chuig an Domhnach. Níl cliú ag aon duine againn cad a tharlóidh sa gcluiche - tá sé ar nós dráma neamhscriptithe ag titim amach os ár gcomhair."
"I mo thuairim seo an lá is tábhachtaigh i bhféilire spóirt na hÉireann agus muid uilig faoi dhraíocht ag ceol na gcamán. An mbeidh Seán O'Donoghue ag crochadh Corn Mhic Cárthaigh do Chorcaigh don chéad uair ó 2005 nó an mbeidh Jarlath Burns ag bronnadh an chorn ar Tony Kelly don cúigiú huair i stair Chontae an Chláir? Beidh freagra na ceiste sin againn thart ar a 5.00 ar an Domhnach."

Sé Ciarán O'Hara léiritheoir an chláir agus an dualgas air bheith cinnte go bhfuil idir trealamh agus socruithe teicniúla an seach-craoladh réidh agus ag feidhmiú mar is cóir.
"Seo an dara bliain á dhéanamh," ar sé. "D'éirigh go maith linn anuraidh ar an dá chluiche (peile agus iomána) agus dá bhrí sin, táimid in ann é a dhéanamh, sin an chéad rud. Caithfimid oibriú le na craoltóirí eile ar an lá mar beidh go leor acu ann. Má théann tú isteach i lár Ardán Uí Ógáin beidh an BBC ann, beidh RTÉ 2 ann, beidh muid fhéin ann agus beidh GAAGO ann. Mar sin, caithfimid ar fad oibriú le chéile chun an príomh 'signal' a thógáil isteach agus cláracha difriúil a dhéanamh uaidh."
Mar léiritheoir an chraoladh Gaeilge de, tá go leor réiteach le déanamh roimh lá an chraolta, ach ar an lá fhéin beidh tú gnóthach chomh maith?
"Caithfimid cineál stádas an ócáid a thaispeáint ar an aer. Caithfimid an gaol a dhéanamh idir an Ghaeilge agus an spórt agus chomh maith leis sin caithfimid bheith réidh le anailís a dhéanamh ar na rudaí a tharlaíonn os ár gcomhair. Ón dtaobh sin de beidh Michael Rice agus John Allen linn don iomáint. Agus tá ana-chuid taithí acu siúd ar an lá. Tá ocht craobh buaite ag Michael agus bhí sé páirteach i bhfoireann bainistíocht Chill Cainnigh i mbliana agus tá dhá cheann buaite ag John mar bhainisteoir le Corcaigh cheana. Mar sin tá go leor taithí againn ar an taobhlíne agus beidh siadsan in ann cuidiú linne agus leis an lucht féachana chun rudaí a thuiscint."

Beidh pacáistí á thaispeáint mar chúnamh ar an anailís sin, beidh taifeadadh beo le craoladh siar ag leath-ham agus mar sin de i gceist?
"Beidh an bheirt acu ag roghnú an stuif is tábhachtaí, dar leo, agus beidh sé sin á thaispeáint ag leath-hama. Chomh maith leis sin tá uainn rudaí eile a chlúdach. Beidh muid a thaispeáint an stuif fé faoi fhoireann an Jubilee - Corcaigh atá ann i mbliana don iomaint, a bhuaigh i 1999. Bhí John páirteach san fhoireann sin chomh maith. Agus beidh Damien Ó Dónaill linn chun nuacht foirne a fháil i rith an chluiche, ag leath am agus dar ndóigh caint le aíonna i ndiaidh an cluiche chomh maith."
Beidh Garry Mac Donncha agus Pat Fleury i mbun tráchtaireachta beo ó Pháirc an Chrócaigh. Tosnóídh an craoladh ag 2.55pm agus beidh sé le fáíl ar an RTE Player agus ar chainéal RTÉ News.
Tosnóidh clúdach Raidió na Gaeltachta le Antoine Ó Conghaile agus Liam Mac an Mhaoir ag 3.30.

Tá cainéal RTÉ News ar fáil ar Saorview - cainéal 21; Sky - cainéal 517; Virgin Media - cainéal 200.
Le féachaint ar an Sunday Game Beo ar an RTÉ Player: Ar leathanach baile ar fón, táibléid nó ar an ríomhaire, gheobhaidh tú roinn faoin teideal 'Watch Live Tv'- roghnaigh sruth RTÉ News le féachaint ar an Sunday Game Beo.
Seachas sin, brú an cnaipe LIVE ar an bhfón, táibléid nó ríomhaire, (beidh sé ar bharr nó ag bun an scaileáin ag brath ar an ngléas atá in úsáid agat) agus arís roghnaigh an sruth RTÉ News. Beidh lipéad dearg ar na cluichí ar fad ar mbeidh tráchtaireacht Ghaeilge orthu le Irish Language air le feiceáil ag barr an scáileáin, ar chlé. Is féidir teacht ar Thráchtaireacht Bheo ar an iliomad ardán lena n-áirítear; Saorview HD, RTE News Channel agus ar an RTE Player.