skip to main content

Beo ar Éigean: Ardmheas ar an ArdRí

Labhair Siún, Sinéad agus Áine faoin tionchar atá ag Rónán Mac Aodha Bhuí orthu mar chraoltóirí agus mar Ghaeil.

Craoltóir ceannródaíoch agus laoch mór na Gaeilge is ea Rónán do phobail na Gaeilge, thuaidh, theas agus go hidirnáisiúnta. Labhair Beo ar Éigean faoi na cuimhní cinn atá acu féin ag freastal ar Cabaret Craiceáilte ar Oileán Thoraí, ag an Oireachtas i gcontae Mhuineacháin agus an lorg a d'fhag croí na féile, Rónán Mac Aodha Bhuí orthu.

Chomh maith le sin, bí ag súil le píosa craic a bhaint as daoine cantalacha ar an idirlíon ag tabhairt amach faoi Bheo ar Éigean. Cé a dhéanfadh a leithéid?!