Tá foireann Bharrscéalta ar an bhealach, ní hea, ach ar bharr na dtonn aríst agus ár gcuid seoltaí á n-ardú le h-aghaidh a thabhairt ar oileán Árainn Mhóir.
Ar an 16ú agus 17ú lá de mhí na Bealtaine tá Michelle Nic Grianna agus an fhoireann fá choinne seal a chaitheamh i measc na nGael ar an oileán.
Ar an Déardaoin beidh muid ag cómhra 's a' caibidil le bunadh an oileáin, cuid acu a rugadh agus a tógadh ann cuid acu a bhog isteach le cónaí a dhéanamh ann le gairid.

Tá pobal breabhsánta bríomhar beo go bródúil ar an oileán agus i rith na seachtaine beidh fáilte a chur acu roimh cheoltóirí ó chian agus ó chóngar agus iad ag tabhairt aghaidhe ar Fhéile Róise Rua. Ina measc na gceoltóirí beidh Nell Ní Chróinín, Breanndán Ó Beaglaoich, Ruth Clinton, Griogar Labhruidh, Síle Friel, Ye Vagabonds agus go leor eile nach iad. Ar an Aoine beidh siad inár gcuideachta ar an chlár agus a gcuid ceoil ag baint macalla as beanna an oileáin. Bigí linn.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences