Is dochtúir í Máire Treasa Ní Cheallaigh le cáilíocht sa síceolaíocht spóirt. Tá spéis aici sa meabhair shláinte agus an tionchar atá in ann a bheith ag an sochaí ar ár sláinte agus caighdeán saoil.
Tá tuiscint againn uilig ar an mbrú a chuireann rothaí móra an tsaoil orainn. Cruthaíodh focal dó – scrios-dóite. Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur ídiú iomlán fisiciúil, mothúcháin agus inchinne atá i scrios-dó, agus gur minic gur brú fadtéarmach ón obair is cúis leis.
Tugtar comhairle an-mhaith do dhaoine chun dul i ngleic leis seo. Deirtear linn féin-chúram a dhéanamh, ár gcuid fónanna a leagan uainn, cothromaíocht oibre is saoil a aimsiú agus sos a ghlacadh go rialta. Sin togha, ach tá sé ag cur an fhreagracht ar fad ar an té atá ag fulaingt, agus ní ar an obair, an teicneolaíocht agus an sochaí atá ag cothú na faidhbe.

Tá chuile bhealach aimsithe chun níos mó oibre a bhaint asainn, agus níl an chomhaireamh déanta ar an gcostas ar an gcorp agus an inchinn. An strus. An tuirse. Droch mheabhair shláinte. In ainneoin gur gheall an teicneolaíocht dúinn go dtabharfadh sé níos mó ama dúinn. Ní thugann. Goideann sé uainn é, agus tugann sé do chomhlacht corparáideach é.
Tá ár n-aird agus fócas ag sileadh uainn, agus níl muid ag fáil aon deis ár dtanc folláine a líonadh. Caithim go leor de mo chuid ama ag iarraidh míniú d'othair gur matán atá san inchinn agus gur féidir é a ghortú leis an iomarca meáchain, mar a dhéanfá le do chois ag imirt peile.

Tá muid timpeallaithe anois ag scáileáin agus ag torann agus ag meáin shóisialta atá ag iarraidh aird uainn gach uile nóiméad den lá. Agus táimid ag iarraidh dul ag obair nó ag staidéar, nó comhrá a bheith againn freisin. Ní hamháin go bhfuil an matán sa gcloigeann ag obair, tá sé ag ragobair agus de réir a chéile gortaítear é. Tugann muid deis scíth don chos gortaithe. Níl muid chomh maith céanna leis an inchinn.
Tá sé in am filleadh ar an gcomhairle a thabharfadh ár máthair dúinn agus muid ag déanamh obair bhaile fadó. Nuair nach bhfuil abairt ag déanamh aon chiall agus tú á léamh arís agus arís eile, tóg sos. Amuigh faoin aer más féidir. Ach samhlaigh an chaoi a bhreathnódh roinnt bainisteoirí nó comhleacaithe ort dá ndéarfá go raibh tú ag dul amach le haghaidh siúlóid beag agus go mbeadh do fón fágtha ar an deasc?

Tá sé in am ag fostóirí agus bainisteoirí tuiscint go bhfuil an sos chomh tábhachtach leis an obair, nó go deimhin níos tábhachtaí. Tá cultúr cruthaithe againn ina bhfuil brú orainn a bheith dírithe go hiomlán ar an obair, gan briseadh. Féach ar aon chonradh oibre a thairgítear. Ann, beidh blúirín eolais faoin méid am sosa atá 'ceadaithe’ gach lá, in áit cultúr a chruthú ina mbeadh bloicíní beaga scíth snaíte isteach sa lá.
Íorónach go maith, bheadh éifeacht dearfach aige sin ar an obair, ach shílfeá nach bhfuil cead againn insint do fhostaithe go bhféadfaidh siad éirí ón deasc ó am go chéile. Nó go bhféadfaidís an obair a dhéanamh ag am a fheileann dóibhsean, seachas idir 9 – 5. Fiú agus paindéim curtha dúinn againn agus fios againn gur féidir obair ar bhealaí éagsúla, tá fóstóirí fós ag brú daoine isteach san oifig ag an sean-am céanna. Nó ag cur bogearraí ar ríomhairí le cínntiú go bhfuil daoine ag suí acu agus dírithe ar an scáileán. In olcas a rachaidh rudaí mura ngabhfaidh muid i ngleic leis. Samhlaigh céard atá i ndán do pháistí.
Tá tuilleadh eolais le fáil ag https://about.rte.ie/ie/helplines/