Tá an t-am is fearr den bhliain linn agus cuid mhór againn ag réitiú do samhradh lán féilte ceoil. Cuma más féile bheag áitiúil nó féile mhór atá sa dialann againn, tá tábhacht ar leith ag baint leis an fhaisean agus na feistis ildaite agus cruthaitheacha atá le cur le chéile againn do na féilte seo.
Is furasta an rud é a bheith meallta ag an fhógraíocht tarraingteach agus ag na feachtais faisin gasta ar líne ach is fiú machnamh breise a dhéanamh an samhradh seo ar na himpleachtaí atá ag ár gcinntí faisin ar an timpeallacht.
Tá an tionscal éadaí ag truailliú uisce le micreaphlaistigh, ag scaoileadh CO2 isteach san atmaisféar, ag úsáid na mílte lítear uisce agus ag cruthú fostaíochta le heaspa cearta do na milliúin oibrithe timpeall na cruinne.

Bealach amháin le dul i ngleic leis na drochiarmhairtí seo don timpeallacht ná iompú ar an fhaisean inbhuanaithe. Caith díot na nósanna dochracha agus bí dílis don phláinéad trí chinntí coinsiasacha a ghlacadh - geallaim duit fosta go seasfaidh tú amach sa tslua agus go mbainfidh tú níos mó sult as do mhála droma a phacáil!
Seo thíos roinnt leideanna inbhuanaithe agus tú sa tóir ar do fheistis féile an samhradh seo.
1. Cairde
Glac inspioráid ó do chairde. Más féidir éadaí a fháil ar iasacht uathu, is ag cur le fadsaoil na n-éadaí sin atá tú. Faigh spreagadh óna gcuid grianghraf ar líne nó eagraigh oíche leo go dtéann tú fríd a vardrús le teacht ar éadaí oiriúnacha.

2. Malartú Éadaí
Is féidir spraoi iontach a bheith agat trí mhalartú éadaí a eagrú le cairde nó le clann. Bailigh le chéile, tabhair leat éadaí ar ardchaighdeán nach bhfuil caite agat le tamall fada agus i ndiaidh duit malartú a dhéanamh, gabh na bhaile le héadaí atá "úrnua" duitse. Deis iontach atá ann seal eile a thabhairt d'éadaí nach gcaitheann tú féin níos mó.
3. Siopaí Carthanachta
Tá fás dochreidte tagtha ar an suim sna siopaí carthanachta le tamall de bhlianta anuas agus tá caighdeán na siopaí céanna i ndiaidh a ardú go mór dá bharr. Caith lá ag dul ó shiopa go siopa i do bhaile féin nó téigh a fhad leis an chathair mhór go bhfeicfidh tú cad iad na seoda ar féidir a aimsiú. Thig teacht ar stíl ar bith sna siopaí carthanachta, le giota foighne. Sa tochailt atá an chraic!

4. Siopaí Athláimhe ar Líne
Ó Depop go Vinted, agus Ebay go Thriftify, níl aon ghanntanas siopaí ar líne go dtig éadaí athláimhe a cheannacht uathu gan fiú an teach a fhágail. Thig an buzz céanna siopadóireachta sin a fháil ach fios maith agat nach bhfuil tú ag cruthú tuilleadh trioblóide don timpeallacht le roghanna faisean gasta.
5. Éadaí S’againn Féin a Dhéanamh
Céim eile ná ár gcuid éadaí féin a dhéanamh - iontach go deo inbhuanaithe! Is léir ó TikTok na laethanta seo gur nós seo atá ag fás - go háirithe dóibh siúd a bheas ag freastal ar cheolchoirmeacha Taylor Swift. Bí spreagtha ag an ghealáin agus cruthaigh do chulaith féin. Is cinnte nach bhfeicfidh tú ar aon duine eile é!
Féilte cheoil eile in Éirinn i 2024 anseo.