Scríobhann an Dr Katie Whelan faoina taighde dochtúireachta ar ghuth iriseoireachta na mban sna meáin chlóite Ghaeilge san fhichiú haois.
In 2017 a músclaíodh fiosracht ionam agus mé i mbun staidéir ar an Máistreacht ar Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge in UCD. Bhíomar i mbun anailíse ar an nGaeilge, ar stair na teanga trí chéile agus ar ghnéithe éagsúla d'iriseoireacht na Gaeilge mar chuid den chúrsa seo. Bheartaigh mé leanúint le cleachtas an taighde ina dhiaidh sin agus tabhairt faoi bhóthar an PhD.
Thuig mé gur thaitin an taighde ar thréimhse an fhichiú haois liom, ceird na hiriseoireachta le linn thréimhse na hathbheochana go háirithe, ach bhí peirspictíocht nó gné úrnua de dhíth le leanúint ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile, mar a bhíonn de dhíth ó thogra PhD ar bith – is é sin go bhfuil léargas úrnua á thabhairt agat sa ghort acadúil a roghnaigh tú. Bhí tionchar mór ag comhthéacs cultúrtha na linne orm ag an am fad is a bhí mé ag cuimhneamh ar ábhar taighde.
In 2017/2018 agus an t-iarratas taighde á chur i dtoll a chéile agam, bhí raic ann faoin mbearna phá idir chraoltóirí fireanna agus baineanna, anseo in Éirinn agus níos faide i gcéin. Chomh maith leis sin nochtaíodh dúshláin fhoireann sacar ban na hÉireann le seomraí feistis agus aitheantas cuí, gairmiúil a fháil dá spórt agus dóibh féin mar imreoirí gairmiúla. Ba é an t-ábhar seo a spreag mé le mo shainspéiseanna ar fad – an iriseoireacht, stair 20ú haois na hÉireann agus mná ceannródaíocha - a nascadh le chéile agus solas a tharraingt ar ghuth na mban.
Ba as seo a d'eascair teideal an taighde, 'Scéal na mBan sna meáin Ghaeilge i ré iar-athbheochana na hÉireann, 1922-1962’ agus cláraíodh go hoifigiúil mé mar mhac léinn PhD in Eanáir 2019. Sna cúig bliana a lean, ba mhinic a raibh teacht orm sa Leabharlann Náisiúnta ar Shráid Chill Dara ag póirseáil tríd na nuachtáin agus na tréimhseacháin éagsúla. Mura raibh mé le fáil ansin bhí mé ag an deasc sa bhaile nó in oifig na n-iarchéimithe in UCD. B’iomaí ábhar iontais sna 474 alt a bhailigh mé, chomh maith le beathaisnéisí na mban-iriseoirí a bailíodh (122 bean ar an iomlán).

Níor shíl mé a riamh mar shampla, go mbeinn ag lua an bhranda fhaisin Balenciaga i dtogra PhD ar na meáin Ghaeilge! Ba í Neillí Ní Mhaolchatha is cúis leis an bhfoinse áirithe sin, agus í i mbun pinn go minic in Déirdre: Iris na mBan ar threochtaí faisin na mór-roinne. Tar éis laethanta fada caite i mbun léitheoireachta, anailíse agus mion-taighde ar 9 bhfoilseachán éagsúil táim faoi dheireadh ag cur clabhsúir leis an gcaibidil seo.
Cosán fada, fairsing a bhí ann le castachtaí agus constaicí go leor, ach d'éirigh liom iad ar fad a shárú agus is é guth na mban a bhí mar threoir agam i gcónaí. Cuirim anseo achoimre beag ar dhá cheann de na foinsí is suntasaí a dtáinig mé orthu le linn na tréimhse.
Máire de Paor
Gné shuntasach a tháinig aníos mar chuid den taighde ná gur mhinic a d’fheidhmigh na meáin chlóite mar ardán do mhná scríobh faoina dtaithí mar oibrithe, agus iad ag saothrú sa spás nua oibre a osclaíodh dóibh. Trí alt a scríobh agus a fhoilsiú ar an ábhar, bhíodh blaiseadh den suíomh oibre a thabhairt do na léitheoirí dá mbeadh siad lonnaithe i suíomh an bhaile. Bhí seo fíor go háirithe do mhná agus iad ag tabhairt cur síos ar a n-eispéireas a bheith ag obair thar lear. B’amhlaidh a thug Máire de Paor faoi in Comhar i Meitheamh 1961. Staraí, seandálaí, taighdeoir agus craoltóir ab ea Máire de Paor (1925-1994) arbh as ceantar Gaeltachta Bhun Cranncha di. Bhain sí céim mháistreachta agus dochtúireachta amach in UCD sa tseandálaíocht agus sa mhiotalóireacht. San alt úd, 'Ag Tochailt sa Phortaingéil’, thug de Paor cuntas críochnúil ar a seal sa tír agus í i mbun oibre. Ní leor di a bheith ag obair thar lear, gaisce a bhí as an gnách don am, go háirithe do bhean, ach bhí Máire de Paor ag tabhairt faoi obair a bhí go daingean i réimse na bhfear – an tseandálaíocht, agus sa mhullach air sin, bhí údarás aici agus í mar stiúrthóir an togra:
"An Cutero ab ainm don chnoc agus bhíos ann i mbun tochailte seandálaíochta – tochailt ar cheann de na dúnta móra Ceilteacha atá go líonmhar sa chuid seo den leithinis. Ag cabhrú liom ar an tochailt bhí mic léinn, an chuid is mó díobh as Ollscoil Coimbra – an ollscoil is mó cáil agus is seanda sa Phortaingéil – agus roint [sic] oibrithe ón chomharsanacht. Le linn na tréimhse a mhair an tochailt (tuairim is trí seachtainí) ba ríshuimiúil an méid a d'fhoghlaimíos uathu mar gheall ar an Phortaingéil."

Tá foclaíocht de Paor agus í ag déanamh cur síos ar an tsruth oibre spéisiúil – is é sin go raibh na mic léinn ag cabhrú léi. Ise a bhí ag stiúradh na tochailte, agus is léiriú é seo ar a huaisleacht agus a húdarás mar scoláire. Is seoid é alt de Paor i gcomhthéacs an taighde seo, mar go dtugann sí cuntas cuimsitheach ar an obair a bhí ar bun aici féin agus ag a foireann, chomh maith le léargas a thabhairt don léitheoir ar thionchar na mban áitiúla ar an obair, agus cosúlachtaí le tarraingt idir a gcleachtais féin agus traidisiún caointe agus sean-nóis na hÉireann:
"I rith an ama, bhí bóthar dá dhéanamh comhgarach [sic] don láithreán tochailte agus ó mhaidin go hoíche bhí glórtha na mban a bhí ag obair le cloisint agam agus iad ag canadh sean-amhráin tíre de ghuthanna arda… Chuir sé iontas orm an fhoireann oibre seo a fheiceáil mar bhí an oiread céanna mná agus fir ann agus bhí na mná ag obair díreach chomh dian leis na fir: ag briseadh na gcloch le tuanna troma, ag sá barraí agus na cailíní óga ag teacht agus ag teacht agus ag imeacht ón tobar le barraillíní uisce".
Eileanór de Buitléir
Eiseamláir de bhean i saol polaitíochta Éire na hiar-athbheochana a labhair ar ról na mban mar chaomhnóir na nGael óg is ea An Seanadóir Eileanóra de Buitléar (1914-1997). Ba bhall de Pháirtí an Lucht Oibre í agus cheap an tUachtarán de Valera mar sheanadóir í i mí Aibreáin 1948, post a bhí aici go dtí 1951. I 1945, sheol an páirtí polaitíochta í chun na Breataine le hiniúchadh a dhéanamh ar cheist na tithíochta.
Is ar an ábhar seo a scríobh sí alt do Comhar i Márta 1949 faoin teideal 'Ceist na dTithe’. Thagair sí don easpa tithíochta a bhí i bpríomhchathair na hÉireann ag an am a rá gur fhág "easba na dtithe i mBaile Átha Cliath anachuid daoine fé chuing na hainnéise".
Bhí tionóntáin le feiceáil i gceantair ar íseal aicme ar fud na hardchathrach agus thug an Seanadóir de Buitléar cur síos tuairisciúil ar choinníollacha millteanacha na dtionóntán: Líon tí gan ach seomra amháin acu, easba uisce, easba leithreas, na franncaigh, boladh na dtenements féin – tá’s ag cách anois chomh fairsing agus atá na scannail seo nár bpríomhchathair.

San alt céanna, mhaígh de Buitléar go raibh an chosúlacht air gur bhraith "sláinte an phobail, beatha na leanaí, síocháin na tíre" go léir ar chumas bhean an tí. Gan lorg na mban ar an gcaoi seo, bheadh na gnéithe uile seo i mbaol. D’impigh an Seanadóir Eileanóra de Buitléar ar an bpobal, trí mheán a hailt in Comhar ar ‘Cheist na dTithe’ a bheith ar a n-airdeall maidir leis an mbagairt seo a sheachaint agus go raibh an chontúirt chéanna i gceist leis seo agus ionsaí míleata: "Ní mór dúinn sinn féin do chosaint air fé mar a dhéanfaimis sinn féin do chosaint ar aer-ruathar nú aon ghníomh cogaidh eile".
Ar bhonn láithreach, bheadh an tionchar seo le brath in imirce na mban agus na n-óg ó na ceantair Ghaeltachta, agus go fadtéarmach bheadh meath le feiceáil i líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír. Ní haon áibhéil le rá mar sin go raibh todhchaí na teanga agus cultúr na tíre ag brath ar ionchur na mban ag leibhéal an bhaile. Cé go raibh tóir ar na mná mar mhná tí, agus mar a luadh níos túisce mar ghníomhairí sna cumainn éagsúla, ba mar chaomhnóirí theanga an bhaile agus céad theagascóir Gaeilge na ngasúr a bhí an cháil ba mhó ar an mbean Éireannach. Ba é seo an ról a bhí deartha di ag an nádúr agus ag an náisiún.