Seo an tríú bliain as a chéile go mbeidh an fhéile LADTA+, ealaíne, cultúr agus teangan, Bród na Gaeltachta, ar siúl i dTír Chonaill. Tá an-tacaíocht á fháil ag an fhéile ó Údarás na Gaeltachta, ón gComhairle Contae, ó Ealaín na Gaeltachta agus ó An Comhairle Ealaín chomh maith.
Sé Pól Penrose comhbhunaitheoir agus bainisteoir Bród na Gaeltachta agus labhair RTÉ.ie/Gaeilge leis fén eagrú a bhíonn le déanamh agus fén méid ata ar an gclár i mbliana.
An bhfuil sé deacair teacht ar an maoiniú leis seo go léir a chur ar siúl?
"Bhuel, tá sé chomh doiligh nó chomh furasta agus a dhéanann tú féin é nuair atá tú ag líonadh isteach na foirmeacha leis an maoiniú a fháil. Tá an t-ádh orainn go bhfuil measán breá againn d'ócáidí atá, maram, dírithe ar an phobal LGBT ach dírithe ar phobail áitiúla agus ar an phobal Gaelach fosta."
"Táimid ag iarraidh go leor éagsúlacht a bheith ann agus ón taobh sin tá an tacaíocht ag teacht chugainn furasta go leor mar táimid úr, rud faoi leith atá ann, Bród na Gaeltachta nach bhfuil áit ar bith eile sa tír. Mar sin tá an tacaíocht ann agus i mbliana tá An Comhairle Ealaín ag tabhairt tacaíocht dúinn fosta trén Festival Investment Scheme, rud úr atá againn i mbliana. Táimid ag éirí níos fearr an t-airgead a fháil!"

Tá sé an-chuimsitheach mar chlár, cuir i gcás imeacht mar Dúlra Aiteach – Queer Nature, plé painéal agus seoladh leabhar faoi mar atá an dúlra aiteach go nádúrtha ar go leor bealaí, ach bheadh tarraingt ann do dhaoine ansin mar go bhfoghlaimeoidh siad faoin dúlra, mar shampla?
"Go díreach agus tá painéal speisialta daoine ag dul a bheith linn fa choinne an chomhrá sin. Páirt mhór den chineál misean atá againn ná le daoine a mhealladh isteach sa cheantar seo, sa Ghaeltacht agus sult a bhaint amach as an dúlra faid is atá siad ag ceiliúradh a fhéiniúlacht aiteach nó cibé fhéiniúlacht atá acu agus a bheith ábalta Gaeilge a chluinstin agus a labhairt ag an am céanna."
"Sin an chineál bunús atá againn do Bhród na Gaeltachta go bhfuil muid ag dul ag tabhairt ómós don cheantair atáimid as, an cultúr atá againn anseo agus an timpeallacht agus an dúlra thart orainn agus caidé an dóigh go dtig linne bheith páirteach agus ceiliúradh a dhéanamh iontu sin mar dhaoine a tógadh anseo sa cheantar agus ar bhealach leis sin a dhéanamh leis an phobal agus leis na alllies uilig go léir anseo fosta."

Agus ceann de na mór ócáidí is dócha ar ndóigh is ea Mórshiúil Bhród ar an Satharn an séú lá le 'Drumaí Draíochta’ - sin ócáid a tharraingeoidh go leor de mhuintir na háite bíodh siad bainteach go díreach leis an bpobal LADTA nó go ginearálta go mbeadh spéis acu a bheith ag breathnú ar pharáid mar sin, ar mhórshiúl?
"Na grúpaí a bheidh istigh sa mhórshiúil sin ná grúpaí áitiúla. Drumaí Draíochta, sin grúpa atá sa cheantar, daoine ón phobal, achan aois, achan inscinn, achan chineál duine sa ghrúpa. Tá Banna Cheoil Chloich an Fhaola agus ansin bíonn an sean-bhand Mín Doirí atá ann óna 50daí nó mar sin de. Tá na buíon cheoil sin ón cheantair uilig go léir mar pháirt lárnach den mórshiúil."

"Táimid ag iarraidh go mbeidh sé seo ina ócáid atá ag ceiliúradh Bróid, agus ag tabhairt spás don phobal go ginearálta anseo sa bhaile ábalta ceiliúradh a dhéanamh linn agus go bhfuil spás ann do achan duine. Tá go leor grúpaí eile ag teacht isteach, le máirseáil linn fosta so tá mé ag súil le parade breá mór."
Beidh coirmeacha ceoil, gearrscannáin, ealaín agus go leor eile ar siúl le linn an Fhéile sa chaoi is go mbeidh moch go dorcha breac le hócáidí, imeachtaí agus deiseanna éagsúla ann do dhaoine Bród na Gaeltachta 2024 a cheiliúradh go hard.
Tuilleadh eolais anseo.