skip to main content

Páirc Náisiúnta na Mara Ciarraí - dea-ghnó ach plean ag teastáil

An Sceilg Bheag ó Sceilg Mhichíl.
An Sceilg Bheag ó Sceilg Mhichíl.

Fadó riamh a thosnaigh Michael Noonan, fear gnó ó Chicago ag ceannach talún sa Leitriúch.
Sé cinn d'fheirmeacha, agus paistí éagsúla eile ó am go h-am, go dtí le déanaí go raibh 1,400
acra ina bhfuil trí cinn de locha, timpeall ar Mhám na Conarach aige, agus fonn air díol. Ar
€10 milliún. Tosnaíodh ag cur brú ar an Rialtas. Ní raghadh sé go dtí €10 milliún, a dúírt Leo
Varadkar, ach bheadh spéis ann. Agus as san, chomh fada ón bhfarraige agus is féidir dul i
gCorca Dhuibhne, d’fhás Páirc Náisiúnta na Mara.

Cuimsíonn an Pháirc anois An Chonair agus tailte ar Chnoc Bréanainn, 480 acra d'abhantrach
Abhann Móire, dumhacha Trá na hInse, an chuid sin do na Blascaodaí atá i seilbh Oifig na
nOibreacha Poiblí, an dá Sceilg, Cosán an Tetrapod ar Oileán Dairbhre, Tigh, Páirc agus Trá
Dhoire Fhionáin, maraon le stráicí móra mara, 70,000 acra ar fad.

Páirc mhór, scaipthe, an lárionad ar Mhám Conarach. Cad a chosain sí, ar fad? Is deacair suim chruinn a aimsiú, ach deirtear gur timpeall €6 milliún a tugadh ar an gConair.

An Chonair [Pic: Getty Images]

Ní fheadar cad a tharlóidh don gcoill mhór Sitka Spruce atá i lár na páirce? Ní crainn dhúchasacha iad, agus is deacair iad a bhaint gan díobháil a dhéanamh don abhainn – agus níl uisce na h-abhann mar ba cheart é a bheith cheana féin, de réir Dara Ó hUallacháin ar An Saol ó Dheas le déanaí.

Bhíothas ag caint ar héalacaptair a thabhairt isteach chun iad a bhogadh – déanadh cheana é, de réir dealraimh. Bheadh áthas orm deireadh a chur leo, tá coill acu ós comhair mo thí, agus crainn gan anam is ea iad. (Agus maireann siad suas le 700 bliain.)

Dumhacha Trá na hInse [Pic: Getty Images]

Ní fheadar, chomh maith, an bhfágfar caoire ag iníor ar thalamh na Conarach? Má fágtar, conas a tabharfar ar ais fásra nádúrtha? Agus muna bhfágtar, cad mar gheall ar na feirmeoirí go bhfuil a slí bheatha ag brath ar na caoire? Agus na h-iascairí gliomach agus portán, go bhfuil a slí bheatha san, agus slí bheatha bialann agus óstán ag brath orthu? Conas a déanfar bainistiú air sin? Cúig lá sa bhliain a caitear ag iascach oisrí ón bhFianait anois. An é sin a tharlóídh do ghleamaigh is do phortáin?

Is í an bhithéagsúlach príomh-údar na páirce seo, ar muir agus ar tír, agus beidh comhréitigh dheacra le h-aimsiú.

Tá rud éigin deas ag baint le féachaint amach istoíche ar thigh solais. Tá dhá cheann acu sa pháirc seo, ceann na Tiarachta agus ceann na Sceilge. Dhá oileán ghéara, níorbh aon dóichín tógaint orthu, ach críochnaíodh an Sceilig 1826 agus an Tiaracht 1870. Tugann sluaite turasóírí cuairt ar an Sceilg gach aon bhliain, agus téann cuid mhaith timpeall na mBlascaod chomh maith.

Cnoc Bhraonain na Ríochta [Pic: Getty Images]

Agus ansan atá an dea-scéal is mó a bhaineann leis an bPáirc. Cabhróídh sé le turasóireacht.
"Tá sé chomh maith le Fungie" a dúírt an Comhairleoir Contae Breandán Mac Gearailt. Idir
na h-oileáin, an trá is fearr in Éirinn, réimsí siúlóide agus dreapadóireachta, tá rud éigin ann
do gach aon duine.

Agus tá muintir Chorca Dhuibhne ábalta leas a bhaint as. Ach is sleamhain an rud an turasóireacht. Is deacair d’aon duine óg tigh a cheannach, nó a fháil ar cíos anois I gCorca Dhuibhne, de dheascaibh AirBnB, agus turasóireachta I gcoitinne. Feicimid óige Oileáin Chainéaraí ag léirsiú mar gheall ar na deacrachtaí a chothaíonn sé. Teastóidh ádh -- agus ciall – ó riarthóirí Páirce Náísiúnta na Mara.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences