Éist le IMLÉ ar Ray Darcy inniu ar RTÉ Radio 1.
Sé an cheoltóir Cian Mac Cárthaigh a bhunaigh an banna ceoil IMLÉ sa bhliain 2016 mar bhuíon a mbeadh ábalta spás a thabhairt do seánraí éagsúla ceoil gan bheith fé ghreim aon lipéad ar leith.
Is deacair mar sin dom leithéid iad a chur isteach in aon bosca, rud gur dual d'iriseoirí ceoil mar sin chuireamar ceist ar Chian féin an scéal a roinnt linn.
Mar bhall seasta IMLÉ ó thús conas go ndéanfá cur síos air – an togra atá ann? Side-projects éagsúla?
"Is dócha go bhfuil sé saghas deacair cur síos a dhéanamh air. Togra, b'fhéidir nó i mBéarla, 'collective’ a thugann muid air. Bhí mé tar éis a bheith ag ceol le roinnt bannaí ceoil thar na mblianta agus bhí mé saghas braon den cur chuige sin mar bhí mé ag iarraidh níos mó solúbthacht, b'fhéidir agus saoirse ó thaobh an stíl ceoil agus mar sin de."
"Mar sin an plean a bhí ann le IMLÉ nuair a thosaigh sé amach agus is dócha fós go dtí an lá atá inniu ann ná go mbeadh daoine éagsúla ag ceol le imlé ach ní bheadh brú orthu a bheith le IMLÉ an t am ar fad má thuigeann tú mé, tagann siad agus imíonn siad. Beagáinín cosúil ag an am. Bhí an chuid rath ag Gorillas, agus bhí neart rath agus tá fós ar Massive Attack."
"Mar sin tá daoine ann a bhí ag gceist leis sna grúpaí sin ón tús agus tá daoine a thagann siad agus déanann siad albam nó déanann siad cúpla singil agus sin é. Mar sin is dócha gurb shin atá i gceist le IMLÉ. Bímse ag plé leis. Tá Karl Odlum, is dócha ann ón chéad lá riamh, an duine atá mar léiritheoir ceoil ar an chuid is mó de na na píosaí atá taifeadta againn."

"Sin an chineál bunchloch agus ansin bíonn daoine éagsúla ag teacht agus ag ceol nó ag canadh linn agus dár ndóigh, bhí an t ádh orainn a bheith ag obair le daoine iontacha thar na blianta agus suas go dtí an lá atá inniu ann."
"Tá leagan iomlán nua ag IMLÉ anois atá beagnach cosúil le banna ceoil i ndáiríre. Tá Neil Ó Briain againn agus an rapper James Shannon agus Róisín Seoighe, dar ndóigh. Ach thar na blianta, tá a fhios agat féin, bhí an chuid daoine éagsúla agus bíonn siad fós ag plé linn ó am go ham. Ríona Sally Hartman, Fergal Moloney, MC Muipéid, dar ndóigh bhí Marcus Mac Conghaíl ar an gcéad albam."
"Bhí an drumadóir Dave Hingerty le cloisteáil ag ceol linn ó am go chéile agus Dave Keegan so bíonn an t-adh orainn, bímid in ann bheith ag plé le daoine éagsúla. Sin an rud a bhí uaim ón tús rud a bhí, b'fhéidir saghas solúbtha mar a deirim."
"Is maith an rud é sin ach b'fhéidir ag an am céanna sa lá atá inniu ann, le Spotify agus a thuilleadh, bíonn sé deacair mar ní féidir le éinne do chuid ceoil nó ceol IMLÉ a chur i mbosca nó seánra agus cuireann sé sin isteach go mór algorithms, dúirt duine liom ar Spotify. Mar sin b'fhéidir go bhfuil amhrán amháin againn agus gur folk atá ann agus an chéad cheann eile is trip-hop atá ann. B'fhéidir go bhfuilimid ar fud na háite, ach is maith liom é sin mar bainim sult as dá bharr."
Tá cineál manifesto agaibh ar chúl an chéad cheirnín, IMLÉ, go mbeadh na hamhrán go hiomlán i nGaeilge agus ansan rap, rac, folk, nó meascán a cheadaíonn daoibh bogadh de réir mar is toil libh. D’eisigh sibh Fáilte Isteach tar éis na paindéime i 2022. Chualathas le déanaí ceol libh, Peacach, mar cheol aitheantas an tsraith teilifíse Bodkin. Conas gur tharla sé sin?
"Bhí sé sin suimiúil ach le dul siar píosa, mar a luaigh tú bhí Fáilte isteach againn. Sin an dara albam. Rinneadh taifead air, b'fhéidir i rith na paindéime agus ar deireadh ach ag an am bhí sé cineáilín ina deireadh le ré mar bhí MC Muipéad agus Fergal Moloney air, ach ní raibh an t am acu díriú ar IMLÉ a thuilleadh. Mar sin bhí sé cinneálín mar relay race ar shlí."
"Bhí siadsan ag críochnú. Tháinig Ríona Sally Hartman isteach ar an albam sin, bhí sí dochreidte agus Róisín Seoighe dár ndóigh chomh maith sin. Thosaigh sé sin b'fhéidir ré eile de chuid IMLÉ agus a fhad is a bhíomar ag plé leis sin, i 2023, go háirithe, bhí mé féin, Róisín agus Neil Ó Briain ag déanamh an chuid ceolchoirmeacha mar bhí saghas, backlog más maith leat gigeanna nár tharla."

"Mar sin, cé go rabhamar ciúin ar na meáin shóisialta, bhíomar thall i Londain, bhíomar san Ísiltír, bhí Ríona ansin chomh maith. Bhíomar i Manchain, mar sin bhaineamar sult as an bhliain. Ach rud amháin a tharla ná bhíomar ar an raidió amháin agus casamar leagan de Peacach, a chanann Róisín, agus thart ar an am céanna, chuaigh dream i dteagmháil linn agus go raibh siad ag obair, a dúirt siad, ar an sraith teilifíse seo, a bhí á scannánú in iarthar Chorcaí."
"Ní raibh an t uafás eolas a thabhairt acu seachas sin, ach dúirt sí gur thaitin Peacach leo agus bhí siad ag lorg tuilleadh eolas faoi. Anois, tarlaíonn na rudaí seo go minic, bíonn duine éicint i dteagmháil leat agus tá siad ag rá go dtarlóidh XY agus Z agus ní chloiseann tú a thuilleadh."
"Bhí an leagan againn dár ndóigh le Marcus ar mar príomh amhránaí air agus scríbhneoir agus tá Fergal Moloney agus MC Muipéid air chomh maith. So thaitin an ceann sin leo. Bhí siad ag lorg samplaí eile a bhí againn so bhí leagan acústach déanta againn chomh maith le Róisín agus sheolamar ar aghaidh iad."
"Níor chuala mé aon rud ar feadh sé nó seacht mí agus cheap mé ‘Sin é, ní fiú é seo fiú a lua le aon duine, ní tharlóidh rud ar bith. Agus ansin go tobann bhí siad i dteagmháil agus bhí meon eile acu. Bhí siad an-dírithe air agus bhí siad ag iarraidh caint faoi, you know gach rud a dheimhniú. Agus dúirt siad linn ansin ok, tá muid ag iarraidh go mbeadh seo mar príomh amhrán ag an tús."
"Mar sin d'athraigh sé sin an scéal go mór mór. Ag an tús cheap mé go raibh suim acu b'fhéidir deich soicind a úsáid ag tús an clár amháin agus sin go breá. Ach ansin bhí sé soiléir go raibh an-spéis acu ann. Mar sin bhíomar ar fad á phlé agus bhí gach rud nach mór socruithe ach ansin dar ndóigh, bhí stailc sa Stáit Aontaithe leis na haisteoirí agus na scríbhneoirí."
"Agus an ceart acu, dar ndóigh, ach bhí siad ar stailc agus dá bhrí sin ní raibh siad in ann Bodkin a chríochnú mar bhí píosaí breise le scríobh nó ADR (athghuthú) agus mar sin a dhéanamh. So bhí sé go dona! Cheap mé go raibh gach rud deimhnithe ach ansin ní rabhamar in ann aon rud a dheimhniú go dtí go raibh an stailc thart."

"Dúirt mo dhuine, an music supervisor, a bhí ana-dheas, agus neart taithí aige Mike Caroleo, a dúirt 6, ní féidir a bheith cinnte riamh, go dtí go bhfuil an measca fuaime ar fad déanta agus go dtí go bhfuil sé seolta ar aghaidh go dtí Netflix."
"Sna cláracha seo like bíonn an-chuid léiritheoirí éagsúla agus dúirt sé liom, go minic ag an nóiméad deireanach siúlann duine eile isteach sa seomra agus deir siad ‘Ní maith liom an ceol sin, tá an t amhrán seo agam’ - mar sin bhíomar ag fanacht is ag fanacht. Chun scéal ghearr a dhéanamh as, bhí siad i dteagmháil, b'fhéidir Márta 23, ach ní raibh aon rud deimhnithe go dtí Eanáir nó Feabhra 2024."
Cúpla soicind sular craoladh é.
"Nach mór! Bheinn ag fáil ríomh phostanna ag 2:00 ar maidin ó LA nó rud éigin mar sin ag lorg níos mó eolais nó le ceist ar leith breise."
"Ach bhí mé dóchasach mar bhí mo dhuine an-tógtha leis agus is amhrán é atá ana-mhaith. Dar ndóigh, is cuimhin liom a bheith ag taifead an chéad leagan de agus bhíomar ar bís nuair a thosaigh Marcus á chanadh. Ansin bhíomar ag smaoineamh ar an léiriúcháin agus an stíl a chuirimid leis."
"Rinne na leaids eile Fergal agus Pádraig nó MC Muipéid, an-jab air chomh maith. Rud a léirigh muid muid féin. Rinneamar taifeadadh muid fhéin is gach rud agus rinne Karl Odlum an meascadh fuaime air. Tá mé an-bhródúil as an albam sin agus bhíos agam go mbeadh daoine fós ag éisteacht leis ar feadh blianta."
Agus seo IMLÉ 2017 mar sin ní bhíonn a fhios agat ní hé gur píosa ceoil nua a bhí ann ceann de na chéad phíosaí a chum sibh?
"Sin é agus leanfaimid orainn ag déanamh leaganacha nua de na hamhráin ar fad so nuair a théann tú chuig ceolchoirm IMLÉ, cloisfidh tú rudaí ón chéad albam. Cloisfidh tú rudaí ó Fáilte Isteach. Leis na hamhránaithe nua a thagann isteach cosúil le Róisín agus James. Déanann siad a leagan féin air agus tá na hamhráin chomh láidir sin like go bhfuil tú in ann leagan eile a dhéanamh de agus atá éagsúil, dathanna difriúla más maith leat."

"Tá daoine fós ag cur aithne orainn anois agus is rud deas é an deis le Netflix mar ní hé go raibh an t-aitheantas uainn thuigeamar go raibh an t-albam agus an t-amhrán sin go maith, ach tá sé go maith don bhanna, tá níos mó éisteoirí againn anois ar na meáin shóisialta agus ar Spotify agus táimid in ann leas a bhaint as sin."
Le cur leis an solúbthacht seo agaibh beidh an Taylor Swift Project ar siúl ag Féile Litríochta na Gaeilge, Imram, i Mí na Samhna, mar is dual d’Imram, coirmcheoil ómóis do réalt mór cheoil ar leith. Sé Gabriel Rosenstock, file, atá tar éis trasscríobh a dhéanamh ar na ar na liricí mar atá déanta aige go minic cheanna. Cén cur chuige a bheidh agaibhse i leith ceol Taylor Swift a chasadh?
"Bhuel Folklore agus Evergreen an dá albam dá cuid atá i gceist. Is stíl níos séimhe atá ag baint leo sin is dócha agus tá níos mó fuaimeanna agus giotár acústach agus buillí i gceist. Mar sin is maith linn an stíl sin agus is dócha oireann sé don cineál cur chuige atá ag an triúr againn, mé féin agus Neil ar na hurlaisí ceoil agus Róisín á chanadh, ach ár mblas féin a chur air. Táimid á chanadh i nGaeilge pé scéal é, cuireann sé sin blas eile air ar aon nós, ach tuigimid chomh maith céanna go mbeidh daoine freastal air atá an-tógtha le Taylor Swift b'fhéidir slua nó lucht féachana nua dúinn chomh maith agus is saghas dúshlán é so caithfimid rud éigin as an nua a chur leis."

Tá Róisín le clos ar an bpíosa ceoil is déanaí agaibh, Sláinte, atá ag dul thart ar Instagram agus in áiteanna eile?
"Sin é bhuel is dócha go bhfuilimid i ré eile anois IMLÉ. Bhí fáilte isteach an caitheann 6 liom go mór mór agus fuaireamar neart texas timpeall an domhain, ach táimid ag iarraidh b'fhéidir tús curtha le stuif nua. Tá sláinte ar fáil anois, is amhrán don samhradh é, is an chéad uair a chloisfidh sibh James Shannon fear as Baile Átha Cliath 15, amhránaí agus rapper chomh maith atá ann agus tá sé fhéin agus Róisín ag canadh an cheann seo."
"Agus sin sampla amhráin amháin ón EP nua atá againn agus táimid ag súil leis sin a eisiúint i Mí Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath ag ceolchoirmeacha agus táimid i mBéal Feirste agus timpeall na háite. Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé in am EP a chur amach agus ansin brú ar aghaidh le albam chomh maith ach táimid ag baint sult as."
Éist le IMLÉ ar Ray Darcy inniu ar RTÉ Radio 1.
Beidh IMLÉ ag seint ar an 27 Iúil i gCumann Mhic Reachtainn i mBéal Feirste agus sa Pavilion i nDún Laoghaire ar an 7ú agus 8ú Samhain ag IMRAM An Taylor Swift Project.
Tuilleadh eolais ag https://www.instagram.com/imle_ceol/