Tar éis traenála cuí, tosaíonn an turas i gceart - amach ón Bhun Bheag i dTír Chonaill agus siar leo go Gabhla.
Féach siar - Watch full series here
Sraith ceithre chlár í "Kayak ó Thuaidh" a leanann beirt tosaitheoirí cadhcála, Tessa Fleming agus Irial Ó Ceallaigh, agus iad ag tabhairt faoi thuras eipiciúil ar chósta thuaidh na hÉireann. In éineacht leis an saineolaí cadhcála John Hubbucks, tugann siad dúshlán na gaoithe agus na dtonnta do-thuartha san Atlantach, ag cur crua orthu féin leis an aistear a chur i gcrích.

Sa chéad chlár, tugann na láithreoirí faoi dhian-seisiúin treanála ar chladaigh Chontae an Dúin sula dtosaíonn siad ar a dturas éachtach ag cuan an Bhuna Bhig i nDún na nGall. Is é an chéad dúshlán ná turas amach go Gabhla agus as sin go Cnoc Fola i nGaoth Dobhair.

Ar an bhealach, foghlaimíonn Tessa agus Irial faoi thábhacht na farraige in Éirinn san am atá thart, san am i láthair agus san am atá le teacht. Déanann an tsraith ceiliúradh ar an radharc tíre fíorálainn ar chósta thuaidh an Atlantaigh, ar a stair shaibhir agus ar na daoine a bhfuil cónaí orthu ann.

Tá go leor dúshlán rompu ar an turas, agus caithfidh Tessa agus Irial tarraingt ar iomlán a nirt agus ar a ndiongbháilteacht coirp leis na constaicí sin a shárú, idir stoirmeacha, taoidí agus gortuithe, agus iad ag céaslú ó iarthuaisceart Dhún na nGall go hoirthuaisceart Aontroma.
Ag tosú anocht 12ú Aibreán, ó 20.30 go 21.00 ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.
Starts tonight 12 April, from 20.30 to 21.00 on RTE One and RTE Player.