skip to main content

Seachtain Willie ag teannadh linn

Neansaí Ní Choisdealbha ag craoladh as an Ródaí anuraidh.
Neansaí Ní Choisdealbha ag craoladh as an Ródaí anuraidh.

Agus súil chun cinn againn ar Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach, tá na sluaite ag pacáil uirlisí, éadaí agus gealladhram sna málaí, ciseáin, boscaí agus cásanna, iad ag cur faobhar lena saothar.

Sé an cheoltóir agus craoltóir Tristan Rosenstock a bheidh mar fhear a tí ag Raidió na Gaeltachta ar an láthair don chéad uair i mbliana.

Is ag Neansaí Ní Choisdealbha atá taithí na mblianta ar thraidisiúin na Scoile agus na bhfhéilte éagsúla agus beidh sí ar an láthair i gContae an Chláir arís chun lucht éisteachta a threorú tréna bhfuil ag tarlú. Labhar RTÉ.ie/Gaeilge léi faoin ócáid.

Bhuel, tá an t ádh ortsa mar sin, mar chraoltóir bíonn tú ag caint le go leor daoine spéisiúla le linn na Scoile Samhraidh idir eachtrannaigh agus Éireannaigh agus deis agat ceol a sheinnt, éisteacht leis agus a bheith ag póirseáil thart?

"Sin é ach ó thaobh an chraoladh le Raidió na Gaeltachta, bíonn muid i gcónaí ar thóir ceoltóirí atá ag tosú amach, ceoltóirí óga. Bíonn muid ag iarraidh ardán a thabhairt dóibh. Tá sé sin ar bharr an liosta againn i gcónaí nuair a bhíonn muid ag craoladh. Tá go leor ceoltóirí óga ó thosaigh mise ag déanamh cláracha ó na féilte. Tá go leor ceoltóirí óga gur chuir mé aithne orthu a bhí, b'fhéidir 10 mbliana d'aois, agus atá anois ina gceoltóirí aitheanta agus atá ag casadh ar fud an domhain agus go proifisiúnta."

"Is álainn an rud é sin a bheith in ann a bheith ag breathnú orthu ag teacht aníos agus an fhorbairt a thagann orthu agus eile. So tá neart acu sin feicthe againn ar Raidió na Gaeltachta, go háirid tríd na féilte agus nuair a chastar orainn iad agus mar sin an deis atá againn i ndáiríre castáil leis na ceoltóirí."

"An chuid eile den bhliain is dócha bíonn muid sa stiúideo, bíonn muid ag déanamh cláracha, bímid ag brath ar dhlúthdhioscaí nó taifid a dhéanann muid ag ceolchoirmeacha eile. Ach nuair a théann muid amach ag na féilte agus tá cláracha beo againn agus muid ag tabhairt cuireadh do cheoltóirí teacht isteach chugainn sa ródaí, cuireann tú aithne phearsanta ar na ceoltóirí agus tuigeann siad ansin go bhfuil Raidió na Gaeltachta bailiú leo ó thaobh gcuid ceol agus sásta an t ardán sin a thabhairt dóibh."

"Tagann siad ar ais againn bliain i ndiaidh bliana agus ansin nuair a thosaíonn siad féin ag fáil níos sine, agus b'fhéidir scoláirí níos óige acu féin, cuireann siad na scoláirí isteach chugainn agus sin é an chaoi a leanann sé ar aghaidh. Agus tá cairdeas iontach, is dóigh liom, againn le ceoltóirí traidisiúnta na tíre dá bharr sin."

Neansaí le Bobby Gardiner agus a hiníon, Lynda.

Agus in san comhthéacs beo sin bíonn go leor rudaí eagraithe ar siúl ach is dócha go dtarlaíonn draíocht nádúrtha in áiteanna difriúla suas síos an tsráid agus scléip gan tuar ag titim amach?

"Sin é mar tá tú breathnú ar dhaoine, b'fhéidir ag castáil le chéile don chéad uair agus b'fhéidir ag casadh ceoil le chéile don chéad uair. Agus b'fhéidir cúpla bliain ina dhiaidh tiocfaidh tú ar ais agus b'fhéidir tá grúpa ceoil ag na ceoltóirí sin."

"Déanann siad cairdeas iontach agus ní hamháin sin ach bíonn deis ag na ceoltóirí óga seo suí síos ag casadh in éineacht le ceoltóirí cáiliúla, ceoltóirí atá i bhfad níos sinne, ceoltóirí b'fhéidir gur chuala siad caint oraib agus sa gceol traidisiúnta níl aon deighilt ó thaobh aoisghrúpaí nó eile nuair a théann siad síos ag casadh ceoil."

"Is féidir le duine atá trí bliana déag suí síos in éineacht le duine atá trí scór agus casadh leo agus is breá go minic leis an dream níos sinne nuair a fheiceann siad ceoltóir óg go bhfuil an oiread sin suim acu sa gceol suí isteach ag seisiún. Is breá leothab é."

"Fuair mé féin an tacaíocht sin ó cheoltóirí níos sinne nuair a bhí mé féin i mo dhéagóir. Agus fanfaidh sé leat nuair a thugann ceoltóir níos sinne moladh duit nó b'fhéidir ugach duit. Smaoiním go deo ar an uair a shuí mé síos le taobh Paddy Carty nuair a bhí mé trí bliana déag. Bhí seisean an t-am sin mar ainm mór ó thaobh an cheoil agus casadh orm é ag Fleadh Ceoil na Gaillimhe i mBaile Locha Riach. "Sit down here, girleen," a dúirt sé, "can you play the blackberry blossom?" agus dúirt mé nach raibh sí agam agus mhúin sé dom ansin í, díreach ansin! So rudaí mar sin tarlaíonn siad."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Ar cheann de mhórócáidí na seachtaine ná Céiliúradh Ceoil Raidió na Gaeltachta.

Beidh coirm Céiliúradh Ceoil Raidió na Gaeltachta á chur i láthair ag Neansaí ag a 8 a chlog ar an 7ú Iúil sa halla. Ortha san a bheidh ag seinm ann beidh Muintir Uí Lochlainn, Pádraic O'Reilly agus Ryan Molloy, Colm Jimmy Ó Curraoin, Liz & Yvonne Kane & John Blake, Frankie Gavin & Catherine McHugh agus Shaskeen.

Éist leis an gcolchoirm agus go leor eile den gclúdach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón 6ú Iúil.