NOTE: Coverage of Mícheál Ó Muircheartaigh's funeral will be broadcast live on RTÉ Raidió na Gaeltachta at 11am Sat 29 June.
Siar sa bhliain 2011 a deineadh céiliúradh 25 bliain Cháirde Chiarraí sa Ghaillimh agus Mícheál Ó Muircheartaigh mar aoí speisialta de chuid An Saol Ó Dheas le Helen Ní Shé.
Ar na haíonna a bhí i dteannta Mhíchíl, agus iad ag caint fén ngaol caide idir Chiarraí agus Gaillimh i measc rudaí eile, bhí Séamus Ó Scanláin ó Ghleann Loic i nDún Chaoin, Máire Ní Shé ó Chill Chúile ó dhúchas, Mairéad de Búrca, Súilleabhánach ó Chathair Bó Sine ó dhúchas, Stiofán de Búrca as Carna Jim Ó Siochrú, Iar-cheannfort na nGardaí sa Ghaillimh ach ó Bhaile an Sceilig ó dhúchas.
Bhí Mícheál Ó Cinnéide as paróiste Fionntrá, Seán Ó Leidhin, duine de bhunaitheoiri Cairde Chiarraí sa Ghaillimh i láthair, maraon le Nóirín Ní Dhálaigh Dhún Chaoin agus Seán Mistéil, aisteoir gairmiúil ó Dhún Chaoin ó dhúchas agus cur síos acu ar an nGaillimh mar chathair drámaíochta & siamsaíochta.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences