An samhradh seo, bígí ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus BBC Raidió Uladh le sraith raidió sé pháirt thar a bheith suimiúil ina ndéantar saol agus scéal saibhir na mban in Éirinn le trí scór bliain anuas a fhí.
Ní sraith raidió amháin é "Saol na mBan"; is aistear fríd an am é, ina gcluintear scéal mór an chlaochlaithe agus mar a dtagann cogarnaí na staire le chéile le macallaí an lae inniu.

Tugann an tsraith cuireadh d'éisteoirí tabhairt faoi thurais ar bhóithre na gcuimhní. Cuntas agus scéal glúine atá in achan chlár agus nochtann sé an dóigh ar athraíodh creatlach na sochaí agus eisint na mban go mór.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Ceara Ní Choinn, comh-léiritheoir agus láithreoir an chláir fé na mná go gcloisfimid uatha.
Cár bhuail tú leis na mná nó conas gur aimsigh sibh na mná áirithe seo?
"Is dócha go bhfuil an t-adh liomsa tríd mo chuid oibre mar léiritheoir teilifíse agus san earnáil teilifíse le níos mó ná fiche bliain anuas a thug an deis dom cuid mhór taistil a dhéanamh thart faoin tír agus is dócha gur bhuail mé le léar mór daoine le linn agus tríd an am sin."
"Nuair a bhí mé ní b'óige, chaith mé seal sna Gaeltachtaí difriúla fosta, rinne mé céim sa Ghaeilge mar sin chuir mé aithne ar go leor leor daoine thar na blianta agus is dóigh gur duine fiosrach mé fosta agus go bhfuil suim agamsa i scéaltaí daonna, scéaltaí an ghnáth dhuine."
"Go bunúsach na mná atá aimsithe againn agus na mná atá faoi agallamh bhí aithne agamsa ar chuid mhór acu roimh ré. Cuid acu nach raibh aithne agamsa orthu ach gur chuala mé fadú daobha agus bhí cairde liom nó comhghleacaithe liom a raibh aithne acu orthu."

Tá nath álainn ag na Sínigh, a deir 'nuair a chailltear seanduine go ndóitear leabharlann chun talamh’ – sé sin ar ndóigh líon na scéalta, líon an taithí, líon na n-eispéireas ag duine aonair amháin atá cailte, mar sin, cén tábhacht duit na scéalta agus an taithí ag na mná seo - cén fáth go mbaileofá iad?
"Tá an nath sin thar a bheith brónach sílim féin ach tá scéal fiúntach agus tábhachtach ag achan duine agus bhuaigh achan uile dhuine againn rath ach go háirithe, tríd go leor eispéireas éagsúla ina saol. Agus is iomaí duine a deir ‘cataobh nár chuir mé an cheist sin nó cataobh nár fhiosraigh mé seo siúd agus uile’ nuair a théann duine éigin ar shlí na fírinne."
"Agus in amanta ní chuirtear na ceisteanna seo, gnáth ceisteanna faoina saol ar an duine is cóngaraí duit agus nuair a imíonn siad imíonn saibhreas staire agus saibhreas stair sóisialta leo."
"Sílim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach ról athraíoch na mban i sochaí na hÉireann a fhiosrú agus a chíoradh agus sin an rud atá á dhéanamh againn sa tsraith seo trí scéalta pearsanta thar 60 bliain."
"In achan uile chlár bíonn mná a rugadh in deich-mbliana éagsúla agus iad ag plé saolta s'acu. Agus cuid acu ag tarraingt ar dheireadh an aistir, cuid acu díreach ag tosú amach agus clúdaíonn achan clár atá déanta againn na téamaí céanna."

"Chuir mé cineáilín na ceisteanna céanna ar achan duine faoina n-óige, faoin oideachas s'acu, cúrsaí oibre, saol an teaghlaigh, cairdeas, grá, airgead agus caidrimh agus ábhar níos éadroime fosta ar nós cúrsaí siamsaíochta agus laethanta saoire agus faisean, fosta. Tá sé sin tábhachtach ag gach bean!"
"Trí shúile na mban seo cloisimid an dóigh gur athraigh an sochaí agus ról na mban ins na tréimhsí seo. Agus rugadh gach duine acu i nglúin éagsúla agus amharcaimid ar na tréimhsí seo i dtéarmaí gheilleagar agus an staid pholaitiúil a bhí ann agus na roghanna éagsúla a bhí ar fáil nó b'fhéidir nach raibh ar fáil do mhná ag an am."
"Tá na rannpháirtithe don chuid is mó ina mná bhreátha. Daoine, b'fhéidir nár chuala muid fúthu ariamh roimhe daoine atá, b'fhéidir ar an imeall, b'fhéidir atá rud beag cúthail in amantaí agus idir chónaitheoirí tuaithe agus oirbeacha."
"Mhothaigh muid go raibh sé tábhachtach guth a thabhairt do mhná a bhí lonnaithe faoin tuath agus istigh sna cathracha fosta le heagsúlacht a ndearcaí a thabhairt."
Ó theallaigh tuaithe go sráideanna bríomhara uirbeacha , tugann "Saol na mBan" scéalta na ngnáthbhan chun beatha – iad siúd a chonaic agus a mhúnlaigh tírdhreach athraitheach an gheilleagair, na polaitíochta agus na saoirsí sóisialta. Seo iad na guthanna nach gcluintear go minic, na scéalta a léiríonn an iliomad dearcthaí agus deiseanna atá faoi bhláth le himeacht ama.

Le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann agus á cur i láthair ag Ceara Ní Choinn, leagann an tsraith amach na cúinsí inar saolaíodh achan ghlúin ban, na dúshláin a bhí rompu, agus na brionglóidí a raibh fonn orthu a shamhlú. Is scéal na hathléimneachta í an tsraith seo, léirítear meon dosháraithe na mban a rugadh agus a tógadh in Éirinn uirbeach agus i ndúichí tuaithe.
Sa chéad chlár cluinimid ó mhná a rugadh sna 1940idí. Máire Mhic Sheáin, duine de na cónaitheoirí Gaeltachta is sine in iarthar Bhéal Feirste. Rugadh Maggie Nic Pháidín ar oileán iargúlta Inis Bó Finne amach ó chósta iarthuaisceart Dhún na nGall, tháinig Patricia Herald ar an tsaol i ndílleachtlann i mBaile Átha Cliath ach uchtaíodh í roinnt blianta ina dhiaidh sin agus chaith sí bunús a saoil i nGaeltacht Loch an Iúir. Is iar-bhean a' tí agus seanchaí í Nóra Ní Raghallaigh ó Ghaeltacht Rann na Feirste, agus ar deireadh bean bhródúil de bhunadh Ard Mhacha theas ó dhúchas, an tSiúr Mairéad Ní Fhearáin a chuaigh isteach sna Cláiríní nuair a chríochnaigh sí an scoil.
Is léiriú de chuid Clean Slate TV é Saol na mBan do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus an BBC le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileáin Thuaisceart Éireann.
Craolfar Saol na mBan ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón 3.7.24 go dtí'n 7.8.24, Dé Céadaoin ag 13.30.