skip to main content

Craoltóir, múinteoir agus pearsa chlúitiúil caillte

É mar ghlór na gcluichí Gaelacha do ghlún i ndiaidh glúin.
É mar ghlór na gcluichí Gaelacha do ghlún i ndiaidh glúin.

NOTE: Coverage of Mícheál Ó Muircheartaigh's funeral will be broadcast live on RTÉ Raidió na Gaeltachta at 11am Sat 29 June.

Tá an tráchtaire cháiliúil cluichí Gaelacha, Mícheál Ó Muircheartaigh, tar éis báis san ospidéal. Bhí sé 93 bliain d'aois.

Caillteanas mhór é dá chlann agus do mhuintir Chiarraí, ach go háirithe, áit ar rugadh é i nDún Síon, siar ó Dhaingean Uí Chúis i 1930. Chaith sé cuid dá shaol mar mhúinteoir agus b'é an chéad deis mar chraoltóir a bhí aige ná tráchtaireacht i nGaeilge a dhéanamh do RTÉ ar chraobh Chorn an Iarnród ar Lá Pádraig 1949. Thosaigh sé ag obair mar chraoltóir lán-aimseartha le RTÉ sna 1980daí.

Bhí aithne mhaith ag lucht na Gaeilge air agus bhí sé bainteach agus tacaíoch le go leor eagrais agus feachtas Ghaeilge le linn a shaol.

Bheadh aithne mhaith ag lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta air, a bhí mar aoí ar an stáisiúin go rí-mhinic.

Seo hé ag caint ar An Saol Ó Dheas i Mí Lúnasa 2020 agus é ag céiliúradh 90 bliain d'aois ina bheatha.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences