Agus teicneolaíochtaí nua ag cur lenár gcumas cumarsáide a dhéanamh i mionteangacha an domhain, tá an Ghaeilge san áireamh ar go leor bealaí. Gan ró-mhoill, beidh ar ár gcumas aistriúcháin chruinn a dhéanamh ar théacs agus glór an dtoirt.
Féach siar ar chaint a thug An Dr Teresa Lynn 8 mbliain ó shin. Tá go leor athruithe ó shin, gan amhras, ach tá na pointí a dhéanann sí fén éabhlóid teangeolaíoch fós bailí.
Le déanaí, gan amhras, tá beocht agus beatha nua feicthe ar an stáitse domhanda idir scannáin ar nos Arracht nó An Cailín Ciúin, ceol ó leithéidí Fontaines DC ('In Ár gCroíthe go Deo'), Kneecap nó Muintir Uí Fhlatharta. Samplaí iad ortha siúd a bhfuil an t-oidhreacht go smior san fhuil Gaeltachta ionta nó go bhfuil aitheantas agus féiniúlacht le cur in iúl acu trén nGaeilge cathardha, uirbeach. Ní beag an t-ardú croí a thugann a leithéid do ghlúnta óga, go háirithe agus gurb iad na glúnta óga atá i mbun an saothar iad féin, agus an muinín acu coinneáil ortha, ainneoin na ndúshlán roimh aon mhionteanga.
Lately, films such as Arracht and An Cailín Ciúin, music from Fontaines DC ('In Ár gCroíthe go Deo'), Kneecap or Muintir Uí Fhlatharta have brought vitality and vibrancy to a global stage, whether that be bourne of a Gaeltacht tradition or of an urban, metropolitan expression of identity or selfhood. It creates a huge impetus to younger generations, particularly as it those younger generations that are creating these artistic expressions themselves, to persevere, despite the challenges minority languages must contend with.