Agus an samhradh linn, tá scoláirí ag tnúth le teithe ón seomra ranga agus an teaspach a scaoileadh; is ag soláthar do sin atá Cumann Lúthchleas Gael Chill Úird i gCorcaigh sna Cúl Campaí ach go háirithe.
Sé Joe Aherne Oifigeach Forbartha agus Gaeilge le Cill Uird agus labhair RTÉ.ie/Gaeilge leis níos túisce an tseachtain seo.
Tuigim uait go bhfuil thart ar 200 páiste agus suas le 40 chóitseálaithe páirteach sna Cúl Camps i gCill Uird – sin pobal ana-mhór do club a shamhlóinn atá réasúnta beag?
"Sea, tá na huimhreacha mór go leor, ach is club sinn atá ag fás. Leis an mótarbhealach, táimid an-ghar do chathair Chorcaí, an-ghar do Luimneach agus Port Láirge. Mar sin, tá an daonra ag fás bliain i ndiaidh bliana anseo i gCill Uird agus is dócha go dtugann sé sin le fios cúis líon na bpáistí."
"Ach tá go leor cóitseálaithe ann chomh maith mar is dócha nach mór dúinn, caithfidh gach duine a bheith cáilithe sa lá atá inniu ann agus teastaíonn uainn go mbeadh caighdeán ard cóitseálaíochta ar siúl leis na páistí atá ann ionas go mbainfidh siad an méid is mó as."

Tá an-bhéim agaibh ar an spraoi agus ar an taobh taitneamhach den imirt sna Cúl Camps.
"Tá, tá sé tábhachtach go mbeadh an cóitseálaíocht ann ach is é an bun sprioc ná go bhfágfadh gach páiste ag deireadh gach lá tar éis spraoi a bheith acu. Mar sin bíonn bíonn cluichí agus saghas téama spraoi ag rith tríd an lá agus gníomhaíochtaí éagsúla a chabhraíonn leis an spraoi sin a fhorbairt laistigh de na cluichí agus laistigh de na bunscileanna atá á cur chun cinn againn ag na campaí."
"Lasmuigh den taobh sóisialta sin atá ríthábhachtach gheobhaidh na páistí óga tuiscint ar an dtaitníonn an spórt leo, iománaíocht nó peil, agus ar mhaith leo cloígh leo agus b'fhéidir imirt níos rialta i rith na séasúr agus mar sin de?"
"Sin é díreach é, mar sin tá deis ag gach dalta freastal ar na Cúl Campaí fiú muna bhfuil siad bainteach le leis an gclub i rith na bliana agus tugann sé sin deis dóich nascadh le eilimint an spraoi. Tugann sé sin deis do na daltaí nó na páistí nach bhfuil chomh ceangailte leis an spórt; an mbainfidh siad triail as, ar mhaith leo a bheith mar bhall den chlub?"
"Cabhraíonn sé is dócha - nuair a bhíonn siad ballmhar leis an gclub agus go mbíonn siad páirteach i gcluichí agus b'fhéidir, uaireanta, go bhfuil páistí ann agus ceapann siad, 'ní theastaíonn uaim a bheith ag imirt spóirt, nílim ró mhaith chuige'. Ach ag na campaí, feiceann siad, ‘actually, níl sé seo chomh dáiríre is a cheap mé!’ Tá sé nascaithe le spraoi."
"Chomh fada le fóirní faoi 13 nó faoi 14, ní éiríonn sé comórtasach agus tá cúis leis sin agus tá taighde taobh thiar de sin. Caithfidh tú tréimhse ama a chaitheamh ag foghlaim an spórt sara deireann tú leat féin ‘jeepers, teastaíonn uaim leanúint ar aghaidh leis seo!’."

Tá sé tábhachtach go dtugtar cead dóibh bheith ina bpáistí ag spraoi, ag súgradh agus ag baint taitneamh as sular gá bheith níos tugtha dó.
"Cinnte agus táimid go mór dírithe ar an ‘Give Respect, Get Respect’. Sin an clár atá ag an Cumann Lúthchleas Gael, An Cumann Camógaíochta agus Cumann Peil na mBan. Tá an clár sin bunaithe go léir ar eispéireas na ndaltaí laistigh den chlub."
"Nach mbíonn siad faoi bhrú, go mbíonn meas acu ar na cluichí agus uimhir a haon, is dócha go mbainfidh siad taitneamh as agus fiú dos na daoine fásta atá bainteach leo go dtuigeann siadsan chomh maith nach bhfuil béim ar na páistí a bheith mar buaiteoirí agus go bhfuil mar barr sprioc againn go mbainfidís taitneamh as an spórt."
"Beidh lá ann agus beidh comórtais acu agus tiocfaidh an eilimint sin chun cinn. Ach caithfimid bheith cinnte mar chlub agus mar dhaoine fásta go dtugaimid gach deis do na daltaí taitneamh a bhaint as na spóirt seo a imirt."
Agus tosóidh na campaí sin láithreach is dócha nó luath go maith tar éis don scoil críochnú?
"Sin é díreach é. Sé Ailín Ó Cionnaithe, an riarthóir anseo in ár gclub, agus luaigh sé liom nuair a bhí mé ag caint leis, go dtarlaíonn sé díreach ag deireadh na scoil-bliana mar go dteastaíonn uainn go ndéanfadh na páistí nasc le deireadh na scoil-bliana agus tús an tsamhraidh. Nílim ag caitheamh anuas ar ar scoileanna nó rud ar bith ansin."
Not at all, beidh na múinteoirí sona go bhfuil an scoil thart chomh maith!
"Bíonn gach duine sásta le deireadh na bliana a fheiscint alright! Ach sé an chaoi a tharlaíonn sé ná go nglacann daoine am saor ón obair chun cúpla lá a dheánamh anseo is ansiúd agus chun deimhin a dhéanamh de go mbíonn go leor daoine fásta, agus na huimhreacha i gceart mar go gcaithfimid a bheith cruinn, 100%, compórdach go bhfuil cúram na leanaí chun cinn."