skip to main content

Cluichí ceathrú ceannais iomána

Staid Semple an gort catha.
Staid Semple an gort catha.

Beidh tráchtaireacht i nGaeilge ar an dá chluiche ceathrú ceannais shinsear iomána Dé Satharn ag telefís RTÉ - Átha Cliath in aghaidh Corcaigh agus An Chlár i gcoinne Loch Garman ina ndiaidh.

Dé Satharn a bheidh an tríú agus an ceathrú chluiche ceathrú-ceannais iomána ar siúl i Staid Semple. Ar an láthair beidh Garry Mac Donncha agus Cuan Ó Flatharta chun an tráchtaireacht Gaeilge a sholáthar. Beirt iad a bhfuil a dóthain taithí acu bheith i mbun an saothar, ach chuir RTÉ.ie/Gaeilge ceist nó dhó ortha le rúinne beag eolais insider a lorg.

Dar le Garry go bhfuilimid anois ag buaic na hiomaíochta.

"Deacair a chreidiúint nach bhfuil ach cúig cluiche iománaíochta fágtha sa Chraobh," arsa Garry.

"É sin ráite, is breá liom an staid seo den chraobh nuair atá gach rud sa bhearna bhaoil ó thaobh na contaetha atá fágtha - má chailleann tú, sin é, níl an dara seans agat."

"Seo an seachtú cluiche craoibhe ag Baile Átha Cliath i mbliana agus an séú ceann ag Corcaigh, mar sin tá na himreoirí feicthe go minic agam agus tá neart podchraoltaí amuigh ansin ag caitheamh súil chun cinn chuig an gcluiche gur fiú éisteacht leo, a chabhraíonn le m'ullmhúchán."

Garry Mac Donncha ag súil go mbeidh na Dubs gríosaithe chun iomaíochta in aghaidh Corcaigh.

"Tá sé i bhfad níos fearr go bhfuil na cluichí ceathrú-ceannais i Staid Semple. Tugann Corcaigh slua mór millteach i gcónaí leo go Durlas Éile agus tuigeann na leanúna ó gach contae go bhfuil an baol ann go mbeidh siad ag fágáil slán le Craobh Iománaíochta 2024 má theipeann orthu."

"Tá na cluichí ar siúl go han-luath ach fós féin creidim go mbeidh dhá cluiche ceathrú-ceannais iomaíoch againn. Is iad Corcaigh rogha mór na n-údar as an chéad ceann, ach cá bhfios, ní fhéadfadh na Dubs a bheith chomh dona arís agus a bhí siad i gCluiche Ceannais Laighean. Sin atá uait mar thráchtaire - cluiche atá idir dhá cheann na meá agus ceann scríbe ag teannadh linn!"

Agus cén tuairim atá ag Cuan i dtaobh an súil a bheidh ag an gClár agus Loch Garman ar neart agus laigí an dá fhoireann sa chéad chluiche, ar eagla go mbeidís rompu sa Chluiche Ceannais?

"Déarfaidh an dá champa leat nach mbeidh siad ag caitheamh súil ar an gcéad chluiche," arsa Cuan, "de bharr go mbeidh siad dírithe isteach ar a bpleananna féinig is ag cinntiú go bhfuil an meoin is an aigne is an corp i gceart dá gcluiche féinig. Ach beidh rudaí áirithe go mbeidh siad ag faire amach do; mar shampla, cabhair gaoithe, an ghriain, conas mar atá an féar, bhfuil sé sleamhain, bhfuil an sliotair sleamhain, an sórt bróga caide atá uait. Sin iad na rudaí is mó a mbeidh siad ag faire amach do, má tá siad ag coimeád leath-shúil ar an gcéad chluiche."

Cuan Ó Flatharta - réidh don 3.15 agus aon ghaoth a bheidh ag tabhairt a dhúshlán.

An mbíonn brú fé leith ar Cuan sula dtosnaíonn an imirt? Bfhuil aon phiseoga aige a chabhraíonn leis sa réiteach?

"I dtús báire, gur pribhléid é bheith in ann dul agus faire agus caint ar chluiche iomána mar a tharlaíonn sé sa chás seo le Cathal Moore. Probhléid é ceann des na suíocháin is fearr sa staid a bheith agam féinig agus ag Cathal, mar sin déanann sé sin an jab ana- ana-thaithneamhach.

"Obair bhaile, ullmhúcháin? Caithfidh tú bheith ullmhaithe, chomh simplí leis sin, so bhéinn tar éis roinnt seachtainí a chaitheamh ag léamh, ag faire ar chluichí, ag coimeád súil ar cé tá ag imeacht go maith, cé tá ag scóráil, cad iad na comhráití atá ag bainisteoirí leis na meáin ina dhiaidh agus mar sin de."

"Piseogach? Ní bhéinn puínn piseogach roimis cluiche. Mar a deirim tá sé taitneamhach mar ócáid. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil d'obair bhaile déanta agat, go bhfuil na fóirne i gceart, so chinnteofá go bhfuil na huimhreacha i gceart, nach bhfuil aon aistrithe. Ansan, go praicticiúil, go bhfuil buidéal uisce agam, go bhfuil peann agus páipéar agam, go bhfuil mo highlighter agam, agus ar eagla go mbeadh aon ghaoth ann, go bhfuil rudaí agam chun an páipéar a choimeád síos ar an mbord chun a chinntiú go bhfuil na hainmneacha i gceart agam."

Siad Pat Fleury agus Cathal Moore, fé seach, a bheidh i bhfochair na beirte, le hainilís agus scagadh a dhéanamh ar an imirt.

BÁC v Corcaigh caitheamh isteach ag 1.15

An Chlár v Loch Garman caitheamh isteach ag 3.15

Ar Saorview, RTÉ Player agus RTÉ News App.