Draíochtúil. Seo é an chéad fhocal a ritheann liom agus machnamh á dhéanamh agam ar Inside Out 2, an scannán is déanaí de chuid Disney Pixar. Tugann an scannán ar turas muid go dtí ceartlár intinn Riley (Kensington Tallman), cailín óg trí bliana déag d'aois a chonaic muid ag fás aníos mar pháiste in Inside Out (2015).
Buaileann muid lenár seanchairde arís sa scannán seo, mothúcháin Riley a ndéantar pearsantú orthu – Gliondar (Amy Poehler), Brón (Phyllis Smith), Fearg (Lewis Black), Déistin (Liza Lapira) agus Faitíos (Tony Hale) – agus iad ag obair le chéile mar fhoireann gan cháim chun Riley a chur chun cinn sa saol.
Agus tá ag éirí go maith leo – tá cairde maithe ag Riley ar scoil, dea-chaidreamh aici lena tuismitheoirí agus scil mhór aici mar imreoir haca oighir – scil atá tugtha faoi deara ag cóitseálaí na Firehawks, foireann na meánscoile áitiúla.

Tagann lúcháir ar Riley agus ar a beirt chairde, Bree (Sumayyah Nuridden-Green) agus Grace (Grace Lu), nuair a thugtar deis dóibh freastal ar champa haca na Firehawks, ach measctar an gliondar le himní nuair a thuigeann Riley go mbeidh uirthi sárchluiche a imirt ag deireadh an champa chun áit a bhaint amach ar an bhfoireann bhuan.
Méadaítear ar an imní nuair a thuigeann sí nach mbeidh Bree agus Grace ag freastal ar an scoil chéanna léi sa chéad bhliain acadúil eile agus go mbeidh sí ag tosú amach i scoil nua ina haonar.

Mar bharr ar an donas, dúisítear na mothúcháin in intinn Riley go tobann i lár na hoíche roimh thús an champa nuair a bhuaileann aláram mór dearg a fhógraíonn an chéad chéim mhór eile i saol Riley – tús an chaithreachais.
Tá athruithe móra le teacht, athruithe suntasacha a chuirfidh gach rud as riocht. I measc na n-athruithe is mó, cuirtear grúpa carachtar nua in aithne dúinn nuair a bhogann siad isteach i gceanncheathrú intinn Riley gan chuireadh: Éad (Ayo Edebiri), Náire (Paul Walter Hauser), Ennui (Leadrán, Adѐle Exarchopoulos), agus an carachtar is mó a chuireann gach rud as riocht – Imní (Maya Hawke).
Sa mhéid a leanann, gabhann Imní seilbh iomlán ar intinn Riley agus cuirtear an ruaig ar na mothúcháin eile go dtí cúl a hintinne. Ní mór do na mothúcháin seo – Gliondar, Brón, Faitíos, Uafás agus Fearg – an turas casta a dhéanamh ar ais chuig ceanncheathrú intinn Riley chun í a shábháil ó Imní agus a féiniúlacht agus a féinmhuinín a thabhairt ar ais.

Éiríonn leis an scannán seo mothúcháin agus tréimhse den saol atá casta a phlé i mbealach atá éatrom agus sothuigthe. Leagtar béim faoi leith ar ról na himní i saol an déagóra. Feictear an streachailt inmheánach – an streachailt laethúil – idir imní agus na mothúcháin eile tríd an scannán, agus cé go bhfuil Imní ag iarraidh Riley a chosaint, déanann sí dochar mór dá cuid meabhairshláinte.
I radharc amháin, nuair atá an cluiche mór á imirt ag Riley chun áit a fháil ar an bhfoireann haca, feicimid go ngéilleann sí don imní agus cuirtear an taom scaoill a thagann uirthi i lár an chluiche os ár gcomhair go físiúil, go réadúil agus go cumhachtach.
Is buaicphointe an scannáin é, le fírinne, mar cuireann sé iallach ar Riley ceisteanna bunúsacha a chur uirthi féin faoin gcineál duine agus faoin gcineál carad í. Feicimid í ag teacht in inmhe.
Cé gur scannán é seo a thaitneoidh go mór le páistí de gach aois, tá neart ann do dhaoine fásta freisin. Tá ceachtanna tábhachtacha le foghlaim faoin imní, faoin uaigneas agus faoin éiginnteacht a bhaineann leis na déaga. Tugtar deis dúinn breathnú isteach in intinn an déagóra agus meabhraíonn sé dúinn a bheith tuisceanach, a bheith cineálta, agus a bheith dílis dár bhféiniúlacht féin.
Oibríonn sé ar leibhéil éagsúla agus bainfidh an ball is óige agus is sine den teaghlach taitneamh as. Agus, mar thuismitheoir, más féidir le scannán mo ghasúir óga féin a choinneáil ina gcuid suíochán ón tús go dtí an deireadh, ní bhfaighidh sé ach ardmholadh uaimse!
Is léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad í an Dr Lára Ní Mhaoláin. Oibríonn sí mar ghrianghrafadóir le Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge freisin.
Tá Inside Out 2 le feiscint i bpictiúrlainn na tíre anois.