skip to main content

Come help us REIC the Club

REIC. Club an Chonradh. Déardaoin 20 Meitheamh. 7.30i.n.
REIC. Club an Chonradh. Déardaoin 20 Meitheamh. 7.30i.n.

Beidh an oíche filíochta REIC ar siúl Déardaoin an Ghrianstad i gClub Chonradh na Gaeilge. Is oíche filíochta dhátheangach, agus in amanna ilteangach, í REIC. Cuirtear fáilte roimh an Ghaeilge i gcónaí, chomh maith le taispeántas i dteangacha eile.

Bhunaigh an file Ciara Ní É an t-imeacht in 2015 le hardán neamhfhoirmeálta a chur ar fáil dóibh siúd ar spéis leo a bheith ag scríobh i nGaeilge. Cloistear filíocht ó bhéal, rap, amhránaíocht, scéalaíocht agus neart eile ag imeachtaí REIC, a reáchtáiltear go rialta timpeall na tíre.

Tar agus dein do Reic.

Cuireann bean an tí Ciara Ní É REIC ar siúl gach mí nó mar sin i mBÁC, agus tugann sí í chuig féilte éagsúla timpeall na tíre, ina measc Cúirt Gaillimh, Dublin Book Festival, International Literature Festival Dublin, Electric Picnic, IMRAM, agus eile.

Déardaoin beag seo cuirfear fáilte roimh Megan Nic Ruairí agus beidh mic oscailte ann. Beidh cur amach ar dhaoine ar ghuth binn Mhegan ó na bannaí ceoil éagsúla ina bhfuil sí - Clann Mhic Ruairí, BIG LOVE agus Bláth na hÓige. I mí Eanáir na bliana seo tháinig a chéad EP solo amach mar, EP a léiríonn an bua atá ag Megan an traidisiún Gaelach a mheascadh le cineálacha éagsúla ceoil.

Amhránaíocht gleoite a sholáthar ag Megan.

Deir Ciara, "Is breá liom an deis a fháil REIC a reáchtáil le grúpaí difriúla daoine agus le bliain anuas bhí REIC againn i gCiarraí, Port Láirge, Gaillimh, Corcaigh, Má Nuad agus i mBaile Átha Cliath mar chuid de Phizzfest i mBaile Phib, Mother i nDún Uí Choileáin, agus anois ar ais sa bhaile i gClub Chonradh na Gaeilge le tacaíocht ón gCiste Spreagtha. Is imeacht pobail go smior é REIC, a thugann deis do dhaoine a racht a scaoileadh nó a scéal a insint le slua cairdiúil fáiltiúil agus is breá liom go bhfuil suim i gcónaí ag daoine ann."

Faigh ticéad nó cuir do spás in áirithe don open mic anseo Doirse 19:30 REIC 20:00-21:30