skip to main content

1,000 gníomhaíocht chruthaitheach saor in aisce

Sonas agus gáire, ealaín agus spraoi!
Sonas agus gáire, ealaín agus spraoi!

Breis agus 1,000 gníomhaíocht chruthaitheach saor in aisce do dhaoine óga do Cruinniú na nÓg 2024 lena n-áirítear clár aerealaíon do dhaoine óga bodhra i mBaile Átha Cliath.

Beidh an chraic agus an ceol ar fad ó thaispeántas Rambling House i gCora Finne, cóisir rince Eras i bPort Láirge, Cath na mBannaí i gCloich Shiurdáin, ranganna potaireachta i Liatroim, malartú ealaíne teaghlaigh idir Mhaigh Eo agus Ard Mhacha, ranganna saor cloiche oidhreachta agus óraithe in Uíbh Fhailí agus go leor eile le blaiseadh.

Bí cruthaitheach!

Cliceáil anseo chun féachaint ar imeachtaí Chruinniú na nÓg a d’fhéadfadh a bheith ar siúl i do cheantar.

Ar an gclár den chéad uair, tá sraith imeachtaí go déanach san oíche do dhaoine óga. Áirítear sa tsraith seo dráma a chruthófar agus a léireofar taobh istigh de 24 uair an chloig in Iarsmalann Phort Láirge, léiriú agus rince Rocky Horror Picture Show i Luimneach, dioscónna ciúine i nDún Laoghaire agus Uíbh Fhailí, agus oíche mic oscailte i gclub grinn in Átha Cliath Theas.

Mar chuid de ghné Oileán Comhroinnte de Chlár Éire Ildánach, tá imeachtaí ar siúl a thabharfaidh pobail le chéile ar fud an oileáin, lena n-áirítear Deep Dive Game Jam, áit a dtiocfaidh daoine óga ó Loch Garman agus ó Bhéal Feirste le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar na comhcheisteanna comhshaoil atá roimh a bpobail mhuirí; in Convergence fiosrófar an tábhacht a bhaineann le nasc cultúrtha, éagsúlacht agus mórtas áite i nDoire agus i dTamhlacht agus imeachtaí nasctha idir ionaid óige i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath.

Éist linne!

Is comhoibriú é Cruinniú na nÓg 2024 idir Clár Éire Ildánach, na 31 údarás áitiúil in Éirinn agus RTÉ.

Beidh na himeachtaí seo a leanas ina measc:

Déanfaidh Líonra Ealaíon, Sorcais agus Taispeántais Sráide na hÉireann (ISACS) 16 imeacht a óstáil ar fud na tíre do dhaoine óga ar mhaith leo triail a bhaint as scileanna sorcais agus seónna sráide.

· Oileán na Ríme - I mbliana tá Éire Ildánach ag obair i gcomhar le GMC Beats chun gach duine óg in Éirinn a spreagadh chun triail a bhaint as rapáil. Mar ullmhúchán tá foireann Oileán Ríme ag taisteal ar fud na tíre ag reáchtáil sraith ceardlann rap ar líne agus ar an láthair a chuirfear bailchríoch air ar lá ollmhór rap i gceanncheathrú GMC Beats ar Chnoc na hAoine, Corcaigh.

· Óstálfaidh TG4 Amuigh 24 ar thailte a stiúideonna i gConamara i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe le tacaíocht ó Rannóg na Gaeltachta sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Ag an bhféile lae seo beidh bannaí, péinteáil graifítí, ceardlanna DJ, Leabhair Pháistí Éireann, ceardaíocht agus go leor eile, le daoine óga ó gach ceantar Gaeltachta sa tír ag glacadh páirte.

· Ealaín is ea í 2024 – Fógrófar téama chomórtas ealaíne iontach Éire Ildánach agus RTÉ ar lá Chruinniú na nÓg agus beidh an comórtas ar oscailt d’iontrálacha ó mhí Mheán Fómhair

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Tá RTÉ ag tacú le Cruinniú na nÓg le feachtas náisiúnta teilifíse, raidió, ar líne agus go digiteach. Chun liosta iomlán de na gníomhaíochtaí ar fad agus eolas a fháil faoi conas páirt a ghlacadh i gCruinniú na nÓg – téigh chuig cruinniu.creativeireland.gov.ie agus rte.ie.