skip to main content

Dan-dan-daaaaaan!! Beidh sé ina raic for sure.

Chiselled, hirsute and good looking, Cyril is a bad boy with a mean streak. Trouble with a T mór.
Chiselled, hirsute and good looking, Cyril is a bad boy with a mean streak. Trouble with a T mór.

Tá deireadh ag teacht le séasúr eile de Ros na Rún. Creid nó ná creid, ní le caoineacháin a chuirfear deireadh leis ach le pléascadh nó trí.

Tá rudaí an-mhíshuaimhneach i Ros na Rún. Scaipeann an scéal go bhfuil Cyril amuigh ar bannaí nuair a fheictear é timpeall an tsráidbhaile. Bíonn Cyril ar meisce agus cuthach feirge air agus níl aon ní le cailleadh aige anois. Téann sé isteach Tigh Thaidhg agus cuireann sé glas ar na doirse. An dtiocfaidh aon duine slán as ina dhiaidh?

Déanann Diana iarracht Mack a fháil ar ais tar éis feall a dhéanamh ar a iontaoibh. An féidir le Mack seans eile a thabhairt do Diana?


Idir an dá linn, baintear geit as Sonia nuair a fheiceann sí Cyril ag dul thart ach is mór an fhaoisimh di é nuair a thugann Colm abhaile í. Ní fada a mhaireann seo mar baintear geit as an mbeirt acu nuair a thagann seanleannán Choilm chuig an teach. Ach cé atá ann?

Bíonn Niall muiníneach ag tús an lae go bhfaighidh sé Bobbi Lee ar ais, ach seasann sí an fód, agus fágtar Niall idir dhá thine Bhealtaine. Caithfidh sé cinneadh a dhéanamh idir an fhírinne a admháil le hO'Shea nó Bobbi Lee a chailleadh, ach ina ionad sin téann sé ar an ól. An éireoidh Bobbi Lee tuirseach de sheansanna a thabhairt dó nó an seasfaidh sí leis?

Dhein RTÉ.ie/Gaeilge iarracht an rún a tharraingt as Annamaria Nic Dhonncha (Bobbi Lee).

Annamaria Nic Dhonncha AKA Bobbi Lee - an gcaithfí sí Niall ar an gcarn aoiligh?

Bobbi Lee!! Tá Niall bocht casta ar an óil mar gheall ort, nach bhfuil aon trócaire agat don leaid bocht?

"An créatúr, I know táim ag cur droch bhail air. Bhfuil trócaire a'am dhó? Níl. Faoi láthair ar aon nós, níl aon trócaire a’am dhó. Ba bhreá le Bobbi Lee dá mbeadh sí in ann, mar tá siad chomh mór le chéile, ach an chaoi a bhfuil rudaí ag dul, leis na bréaga, tá sé cineáilín deacair aici."

"Tá sí díomách go leor faoi seo agus sé chaoi a a bhfuil sé, teastaíonn uaithi a féin mheas a choinneáil agus sin an rud is tábhachtaí di faoi láthair, mar tá sí bailí tríd an oiread leis na bréaga agus tuilleadh bréaga mar sin tá cineáilín barrier eatrab. So níl sí ró-happy faoi sin."

Seasann an fhírinne i gcónaí, Niall, ach caithfear frapaí a chur fén mbréag.

Ach cad faoi mhuintir Ros na Rún, muintir an phobail, má chinneann tú mícheart, an maithfidh siad siúd duit é?

"Tá súil agam go maithfidh siad dom é, sé an chaoi a bhfuil sé, tá sé feicthe acu ón tús chomh mór le chéile atá Niall agus Bobbi Lee, b'fhéidir an cúpla ba mhó a bhí le chéile go pointe fada. Bhí siad an-láidir le chéile agus is saghas let-down mór millteach é seo do Bobbi Lee agus do Niall ar an taobh eile freisin."

"Tá siad bailí tríd go leor le chéile agus tá sé seo le feiceáil ag an lucht féachana. Is dócha go dtaitníonn leo an chaoi a bhfuil siad chomh mór le chéile ach t’ás a’at féin, chraiceálfadh sí féin suas tú. Sé Niall an t-aon duine amháin cineál a thuigeann í agus anois tá sé athraithe, tá siad, mar a deir siad, cineál, flipping sides."

"B'ise a bhí i gcónaí níos láidre ná eisean agus bhí seisean cineál ar nós puppy beag, i gcónaí cineál, ag éileamh agus chuile shórt. Tá pearsantacht Niall athruithe go leor mar gheall ar na bréige seo. Tá'n bréag insithe aige agus níl sé in ann fáil as. D’inis sé ceann eile di agus ceann eile, agus anois níl a fhios aici cé an chreidfidh sí é níos mó. Tá sí ag iarraidh é a chreidiúint ach níl rudaí ag breathnú go maith."

An mbeidh athmhuintearas idir Bobbi Lee agus Niall? An mbeidh clann mhór ortha máis ea i Séasúr an Fhómhair? Cad a dhéanfaidh Cyril dathúil, dáinséarach? Bhfuil aon srian lena dhóighiúlacht contúirteach? Agus an mbeidh Mack back le Diana? Féach le fáil amach.

Finalé Ros na Run, Déardaoin 13ú Meitheamh ag 8.30 ar TG4