skip to main content

Author of 'Nora', Nuala O'Connor, at Dalkey Book Fest

Nuala O'Connor aka Nuala Ní Chonchúir, scríbhneoir.
Nuala O'Connor aka Nuala Ní Chonchúir, scríbhneoir.

Tráthúil go maith do Lá Bloom, beidh údar Nora: A Love Story of Nora Barnacle and James Joyce, Nuala O'Connor, i láthair ag Dalkey Book Festival, í dírithe ar gach rud Seoigeach.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Nuala féna cuid scríbhneoireachta.

Cad é an chéad riail agus duine i mbun beathaisnéis a scríobh, mar fhicsean nó a mhalairt?

"Cuir aithne ar an duine, na daoine. Léigh gach atá ar fáil, atá indéanta: beathaisnéisí, litreacha, teistiméireachtaí cairde, dialainn, léirmheasanna srl. Breathnaigh go grinn ar a gcuid grianghrafanna."

"Siúl an talamh a shiúladar, más féidir. Nuair atá sé sin ar lámh, scag agus athscag. Tá sé riachtanach go mbeidh comhbhá, comhbhá, agus comhbhá agat don ábhar."

What is the first rule of writing a biography, fictionalised or not?

"Know your subject(s). Read everything there is, within reason: biographies, letters, friends' testimonies, diaries, reviews etc. Study their photos."

"Walk the ground they walked, where possible. And when all that's in hand, filter the filter. And you must empathise, empathise, empathise."

Cé tháinig chugat ar dtús, Nora nó Jimmy, agus cén tionchar a bhí ag an spéis ar d'ealaín?

"Bé Jim a tháinig ar dtús tréna chuid scríbhneoireachta agus tré thírdhreacha an fhicsean aige gurb é mo fhód dúchais é; siar an abhain ó Séipéal Íosóide maron leis an áit lár-cathrach i mBleá Cliath a d'fhreastal mé ar scoil, ar Shráid Mhaoilbhríde."

"Bhog mé go Gaillimh nuair a bhí mé 26 (28 bhliain ó shin, anois) agus tháinig Nora chun solais tuilleadh, ar shlí. D'fhreastal mé ar imeacht bhliaintúil Bloomsday i dtigh a máthair ag Bowling Green. Thaithin sé liom go raibh an duine dámhiúil, tíriúil Gaillimheach seo, ábalta smacht éigin a chur ar Joyce. Tá tionchar ag an mbeirt orm, a gcrógacht, an fhocal-ghean aige siúd."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Who came first, Nora or Jimmy, and how has that interest effected your art?

"Jim came first through his writing and also the landscape of his fiction which was my home turf; I grew up upriver from Chapelizod and I went to school in Dublin's city centre, at a Gaelscoil on Marlborough Street."

"I moved to Galway when I was 26yo (28 yrs ago, now) and Nora became more visible, in a sense. I attended the annual Bloomsday event at her mother's house in Bowling Green. I loved that this charismatic, earthy Galwegian was able to put a bit of smacht on Joyce. They both influence me, their courage, his word-love."

Is tú eagarthóir na hirise splanc-fhicsean, Splonk - bhfuil sé deacair na crága idir scríbhneoireacht fhada agus ghearra a athrú?

"Níl, i ndáiríre. Scríobhaim caibidil ghearra sna saothar fada agus déanaim iarracht na caibidil sin a bheith i bhfoirm scéalta. Táim gonta go nádúrtha. Is deacra dom é 'cuimhneamh' fada seachas gearr. Is aoibhinn liom micros, splanc, gearr-fhicsean agus filíocht ar aon dul le h-úrscéalta."

"Tá bheith istigh ar leith im chroí don splanc - is mór liom a gcumhacht agus a giorracht."

You are editor of flash-fiction journal Splonk - is it difficult to change gears between long-form and short-form writing?

"No, not really. I write short chapters in my longer works and I try to make those chapters story-like. I'm naturally concise. I find it harder to 'think' long than short. I love micros, flash, short fiction, and poetry as much as novels."

"Flash holds a special place in my heart - I love its power and brevity."

Beidh Nuala O'Connor páirteach ag Biographer's Ball agus Yes, Yes, Yes, for the Love of Joyce ag Dalkey Book Festival 2024 - tuilleadh eolais anseo.

Tá an leabhar is déanaí le Nuala O'Connor, Seaborne, foilsithe ag New Island, ar fáil anois.

Is féidir éisteacht le Nuala féin ag caint le Brendan O'Connor i Mí Aibreáin faoin leabhar agus féna diagnóis ADHD agus uathachas.

Scéal eipiciúil Anne Bonny, foghlaí mara.

Léigh Nuala blaiseadh beag den saothar i Siopa Leabhar Kenny's sa Ghaillimh, Mí Aibreán na bliana seo, mar chuid d'Fhéile Cúirt 2024.