Leanann Gael Linn lena scéim Gaelbhratach agus tuilleadh scoileanna páirteach le creidiúint a fháil de bharr a gcuid saothar ag cur na Gaeilge chun cinn sa cheantair máguaird ina bhfuil siad lonnaithe.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Bainisteoir Gaelbhratach Gael Linn, Edel Ní Bhraonáin, fén scéim agus an tairbhe a ghabhann leis.
Cén tábhacht atá leis an ngradam sin agus cé chomh h-ard is atá sé ar chlár Gael Linn?
"Bhuel, n'fheadar bhfuil aon scéim thar a chéile níos tábhachtaí do Gael Linn. Sé an rud atá eisceachtúil faoi Gaelbhratach ná gur scéim uile scoile é a mhaireann ó cheann ceann na bliana agus go bhfuil deis ag scoileanna fud fad na tíre bheith páirteach, ag an iarbhunleibhéal, tá deis ag scoileanna T1 agus T2 le tapú is cuma cá bhfuil siad lonnaithe, agus ag an mbunleibhéal is dírithe ar na scoileanna Béarla atá an scéim agus an rud is dócha atá ar fáil faoin scéim freisin ná gurbh iad na daltaí atá i bhfeighil, go mbíonn coiste curtha le chéile acu agus gur iadsan atá i bhfeighil ar an scéim."

Tugann sé seo an spreagadh nó an t-ugach dóibh is dócha a aithint go bhfuil ar a gcumas Gaeilge a labhairt agus a úsáid?
"Sin é go díreach, agus ní hamháin sin ach gur féidir rud ar bith sa saol a dhéanamh trí Ghaeilge, gur féidir saol trí Ghaeilge a bheith agat agus gur féidir leat do rogha rud a dhéanamh trí Ghaeilge ach cúpla duine a mhealladh le chéile le tabhairt faoi sin. Bíodh sé go bhfuil suim agat i gcúrsaí ceoil, cúrsaí faisin, cúrsaí ealaíne, cúrsaí spóirt nach bhfuil aon rud nach féidir a dhéanamh 3 Ghaeilge agus gur féidir níos mó a bhaint amach má tá grúpa daoine ag obair le chéile, meitheal bailithe le chéile, agus má aimsíonn tú do threibh gur féidir aon rud a bhaint amach."

Aontaíonn Áine Ní Chinnéide, Príomh Oide Scoil Náisiúnta Caisleáin an Danair i ndeisceart Loch Garman, ar cheann de na scoileanna a bhí i láthair inniu.
"Is scéim iontach é an Gaelbhratach a eagraíonn Gael Linn do scoileanna nach í an Ghaeilge an chéad teanga sa scoil agus tá sé an-tábhachtach mar go ndéanann sé rudaí chun Gaeilge a spreagadh sna daltaí agus baineann na daltaí an-taitneamh agus tairbhe as."
Agus cad a rinne sibhse sa scoil agaibhse i Loch Garmain leis an nGaeilge a spreagadh sa cheantar?
"Bhuel, tá béim ana-mhór ar an nGaeilge labhartha agus eagraímid eachtraí éagsúla chun é sin a chur chun cinn. Tá coiste Gaelbhratach sa scoil atá freagrach do na himeachtaí Gaelach agus i mbliana rinneamar seó faisean agus podchraoladh. Comórtas é an podchraoladh a d'eagraigh Gael Linn dúinn agus do bhain na páistí an-taitneamh as agus bhí na tuismitheoirí ábalta an Ghaeilge a chloisint sa phodchraoladh freisin. So mar sin bíonn níos mó ná na daltaí ag baint taitneamh as na rudaí a bhí ar siúl.

Ana mhaith so is dócha go bhfeicfimid duine nó dhó de na hiar daltaí agat ag teacht i dtreo RTÉ amach anseo?
"Oh tá súil agam é ar aon nós. Is é an duais a bhuamar ná ceardlann le láithreoir caoimhe ní chathail so tá súil agam go mbeidh daltaí ábalta podcraoladh a dhéanamh as seo amach."
Bratach na Gaeilge ar foluain
Scoil Mhuire Áth an Mhuillinn, Corcaigh
Ghlac daltaí na scoile seo páirt i gComórtas Podchraoladh Gaelbhratach Mar chuid den phodchraoladh, bhí an dráma 'Na Trí Mhuc', agallaimh, ceol agus chan siad an t-amhrán 'Zombaí' as Gaeilge chomh maith. Ba dheis iontach í seo scileanna podchraoltóireachta na ndaltaí agus an teanga labhartha a nascadh le chéile ag an am céanna! Nach iontach é sin!
Scoil Náisiúnta an Tobair, Co. an Chláir
Tá spéis ollmhór ag Scoil Náisiúnta, An Tobar sa stair agus i dtíreolaíocht. Rinne siad staidéar domhain ar an mBoirinn, ainmneacha na bplandaí agus ainmnithe dúchasacha a chónaíonn ann, uile trí mheán na Gaeilge. Buaicphointe na bliana is ea nuair a tháinig an t-údar Aiden Courtney ar cuairt ó Choimicí Gael agus chruthaigh na páistí a gcoimicí féin trí mheán na Gaeilge. Bhí an-spraoi ag na daltaí leis sin agus bhí gach duine an-bhródúil as a gcuid coimicí féin!
Scoil Mhuire Fatima, Co. Laoise
Dhírigh Scoil Mhuire Fatima go mór ar iarracht a dhéanamh a dtionól scoile a stiúradh trí mheán na Gaeilge. Bhí deis ag daltaí ó bhun barr na scoile comhrá agus amhránaíocht a dhéanamh ar an idirchum gach Aoine, rud a bhain siad an-sult ar fad as. Bhí Foireann Fáiltithe ag an scoil - d'oibrigh siad go dícheallach, ag cur fáilte roimh dhaltaí ar maidin agus ag rá slán leo san iarnóin. Bhí veist speisialta agus láinnéar leis na frásaí éagsúla orthu ag gach dalta!
Scoil Náisiúnta an Phápa Eoin Pól II, BAC
Baineann an scoil seo an-sult as seisiúin scéalaíochta trí mheán na Gaeilge. Is i gcontae Átha Cliath atá Scoil an Phápa Eoin Póil II lonnaithe. II. Tháinig an seanchaí, Seosamh Ó Maolalaí, ar cuairt chuig an scoil i mbliana. D'inis sé scéalta agus chan sé amhráin leis na daltaí. Cuairteoir speisialta eile a bhí acu ná Róisín as Óga Yoga a mhúin ióga do neart daltaí i nGaeilge. Is daltaí aclaí agus scéalacha atá iontu go cinnte!
Is scéim Ghaeilge í Gaelbhratach atá dírithe ar chur chun cinn na Gaeilge i mbunscoileanna agus i meánscoileanna timpeall na tíre. Gach bliain, eagraíonn Gaelbhratach Searmanas Bronnta na nGradam Gaelbhratach chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gcúnamh suntasach atá déanta ag múinteoirí agus daltaí ar fud na tíre i gcur chun cinn na Gaeilge ina gcuid scoileanna.