An chéad duais buaite ag TG4 don Gné Fhaisnéis is fearr ag Féile na Meán Ceilteach 2024, Déardaoin seo caite.
Is ar an clár faisnéise Lyra a bronnadh an chéad duais sa chatagóir don Gné Fhaisnéis tráthnóna Dé hAoine ag gradaim Torc Fhéile na Meán Ceilteach sa siúl i gCaerdydd sa Bhreatain Bheag.
Lyra – Gné-Fhaisnéis. Léargas ar shaol agus ar bhás an iriseora iniúchta Lyra McKee as Tuaisceart Éireann, inste trína cuid oibre féin. Léirithe ag Erica Starling Productions Ltd.

Is í Féile na Meán Ceilteach ceann de na féilte is mó le rá agus is fadbhunaithe ar na hoileáin seo agus reáchtáiltear gach bliain í, á roinnt ar na hionaid sna náisiúin agus réigiúin éagsúla Cheilteacha. Cónascann sí comhdháil trí lá do na meáin, a mheallann craoltóirí, léiritheoirí, na meáin chumarsáide agus mic léinn, le comórtas ar fud réimse iomlán de sheánraí ábhair Scannán, Teilifíse, Raidió agus na Meán nua. Bíonn an-tóir go deo ar ghradaim Fhéile na Meán Ceilteach.