Infheistíocht shuntasach i nGlasbhealaí, Gormbhealaí, Páirceanna Foraoise, Bealaí Rothaíochta agus bealaí siúlóide nua mar aon le tionscadail a thacóidh le spóirt amuigh faoin aer ar nós cadhcála, bord snámha, snámh agus gníomhaíochtaí eile uisce.
Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh an infheistíocht €1.5 milliúin atá fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, i dtograí caitheamh aimsire faoin aer sa Ghaeltacht.
Dúirt Rónán Mac Con Iomaire Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga:
"Is sampla maith í an infheistíocht atá fógartha ar na bealaí gur féidir tógáil ar an obair mhór atá déanta ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le na heagrais forbartha pobail Gaeltachta, ag cur chun cinn úsáid áiseanna nádúrtha ar mhaithe le deiseanna folláine don phobal áitiúil agus ar mhaithe le deiseanna turasóireachta a chur ar fáil do chuairteoirí chun na Gaeltachta."

I measc na dtograí tá:
· Siúlán Bruach an Mhaoilín, Baile na Finne, Co. Dhún na nGall: €200,000
· Siúlán Iarnróid Mhucais, Co. Dhún na nGall: €500,000
· Ionad Pobail an Mháma – Carrchlós, Co. na Gaillimhe: €172,583
· Linn Mhara Bhéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo: €295,974
· Nasc le Páirc Ráth Chairn, Co. na Mí: €140,400

· Feabhsúchán ag trí Thrá Bhratach Ghorm – Baile an Sceilg, An Bhanóg agus Ros Beirthe, Co. Chiarraí: €198,000
Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh an tacaíocht leanúnach seo ón Roinn d'fhorbairt i dtograí caitheamh aimsire faoin aer sa Ghaeltacht. Cuirfidh na tograí seo go mór le forbairt na turasóireachta agus le folláine na bpobal áitiúil sna ceantair Ghaeltachta.
