Seo chugainn Mí an Bhróid agus tá an t-imeacht pobail is glioscarnaí, is spraíúla agus is cruthaithí sa mbliain do phobal aiteach na Gaeilge ar na bacáin - An Bál Aiteach.
Más duine aiteach tú le Gaeilge, tá fáilte mhór romhat ag an mBál! Is féidir leat do thicéad a cheannach anois https://tinyurl.com/BROD24.
Tarlaíonn an céiliúradh seo i gClub Chonradh na Gaeilge gach Meitheamh do Bhród Bhaile Átha Cliath, é bunaithe ar bháil na ndaoine de dhath in Harlem sna 1970idí. Gléasann na rannpháirtithe de réir catagóire agus déanann siad iarracht dul i bhfeidhm ar na moltóirí le duaiseanna a bhuachan.

Is iad na catagóirí i mbliana ná ExtravaGeansaí, Drag Caoineadh, Dathanna an Chøntae agus TG Leathair…! Is deis é an Bál do gach duine triail a bhaint as ealaín an draig i suíomh sábháilte agus an aiteacht a chur in iúl i mbealach spraíúil a cheanglaíonn an cultúr Gaelach leis an gcultúr aiteach.
Bíonn taispeántas mar seo ag feidhmhiú ar cúpla leibhéal éagsúla. Céard go díreach atá i gceist ag an té atá ag siúl, agus cén tuiscint atá ag an lucht féachana air? Níl mórán seomraí ar domhan go b'fhéadfá tagairtí a dhéanamh do Ru Pual agus Ros na Rún san anáil chéanna agus go dtuigfí go hiomlán duit. Is mór an spórt an spás speisialta draíochtúil seo a chruthú le chéile mar phobal.

Tá caighdeán an chomórtais ag dul i bhfeabhas gach bliain, agus roinnt rannpháirtithe ag tosú leis na hullmhúcháin na míonna roimh ré. Tá nasc nádúrtha idir an grúpa sóisialta An Queercal Comhrá agus an comharghrúpa ealaíon AerachAiteachGaelach (AAG).
Le cabhrú le baill AAG ullmhú don chomórtas, d'eagraigh AAG ceardlann sa Rediscovery Centre Baile Mhunna níos túisce i mbliana. D’fhoghlaim na rannpháirtithe conas greamanna bunúsacha a dhéanamh agus conas meaisíní fuála a úsáid. Má chaill tú an deis ná bí buartha, beidh arís ann!
Diaidh ar ndiaidh, tá ealaíontóirí AerachAiteachGaelach ag neartú ár ngréasáin le baill nua ó áiteanna ar fud na tíre. Más ealaíontóir aiteach tú féin, is féidir clárú mar bhall ag www.aerachaiteachgaelach.net/ballraioch.

Taobh amuigh den chomórtas féin beidh imeachtaí An Bhál Aiteach ar siúl ar feadh an lae. Beidh beárbaiciú óna 5pm i ngáirdín beorach an Chlub, deis iontach bualadh le lucht An Queercal Comhrá agus AerachAiteachGaelach.
Thíos staighre a rachaimid ansin le roinnt cluichí spraíúla a imirt trí Ghaeilge óna 7pm. Bíonn craic thar na bearta ag baint leis na cluichí iomaíocha áiféasacha seo a chuirfeadh imeachtaí cóisir cearc nó gníomhartha neartaithe foirne i gcuimhne do dhuine. Tosóidh an bál féin thart ar a 9pm. Tar éis bronnadh na nduaiseanna tosóidh an dioscó i gceart agus leanfaidh an scléip ar aghaidh go dtí deireadh na hoíche!
An Bál Aiteach - Dé Sathairn 22 Meitheamh ag 5pm, Club Chonradh na Gaeilge.
@aerachaiteachgaelach @queercalcomhra
Tá an t-imeacht seo á eagrú ag An Queercal Comhrá i gcomhar leis ag an gCiste Spreagtha agus BÁC le Gaeilge.