skip to main content

Léiriú haiku an fhile SANTÓKA ag IMRAM

IMRAM ag Féile na Gealaí ag céiliúradh filíocht Santóka
IMRAM ag Féile na Gealaí ag céiliúradh filíocht Santóka

Filíocht an haiku ar fáil dóibh siúd atá ag freastal ar Fhéile na Gealaí i mbliana i Ráth Cairn i gcondae na Mí, áit a mbeidh IMRAM ag cur leagan ilmheánach haiku an fhile Seapánaigh, Santóka Taneda os comhair an chosmhuintir.

Seó haiku ilmheánach leis an scríbhneoir Liam Carson, an físealaíontóir Margaret Lonergan agus an ceoltóir Seán MacErlaine.

ag scríobh haidhcú

boladh na mbláth

ar mo lámha

I mí Aibreáin, 1926 chuaigh an file haiku Seapánach agus manach Búdaíoch Santōka Taneda ar an gcéad aistear siúlóide aige. Shiúil sé ar fud na bhfud. Le linn dó a bheith ag siúl, chaitheadh sé róbaí sagairt agus hata mór bambú ar a dtugtar kasa, in aghaidh na gréine. Ag déircínteacht a bhí sé, ag dul ó dhoras go doras, agus is minic a chaith sé na pinginí beaga a fuair sé ar lóistín agus ar dheoch.

I gcaitheamh na siúlóidí fada sin, scríobh sé haiku gan stad, a mheon á thaifeadadh aige, thuas seal, thíos seal, agus é sa tóir ar lánléargas spioradálta. Haiku saorfhoirme a chleacht sé, seachas cloí le rialacha foirmiúla an traidisiúin. Friotal simplí, gan aon deighilt idir an fhilíocht agus a thaithí féin.

Seó haiku ilmheánach é Santōka: A Bhealach Féin a thugann isteach in aigne an fhile sinn agus na tírdhreacha a thug inspioráid dó.

Léifidh Liam Carson a leaganacha Gaeilge de na haiku agus an cumadóir ceoil Seán MacErlaine á thionlacan; teilgfidh Margaret Lonergan íomhánna ar scáileán.

Arna léiriú ag IMRAM i gcomhar le Féile na Gealaí

Ticeidí d'Fhéile na Gealaí ar fáil anseo.