skip to main content

Imní, ualach, críoch - tá an 'Leaving' ar siúl

Áine ag siúl siar bóithrín na smaointe go samhradh na bliana 2004.
Áine ag siúl siar bóithrín na smaointe go samhradh na bliana 2004.

Tá an féar á ghearradh agus an ghriain ag scoilte na gcloch - tá sé in am scrúdaithe!

Tá aimsir na Scrúduithe Stáit ag luí anuas ar an tír seo mar a thiocfadh ceo teasa nó bailc fearthainne maidin shamhraidh; bíonn sé le mothú san aer tamall roimhe. Tá an tír agus meáin na tíre ag díriú a n-airde ar na scrúduithe, cé atá ag déanamh 'An Leaving', caidé mar atá siad ag fáil ar aghaidh, bhfuil obair ar bith déanta acu, ar cheart coinneal a lasadh daofa… chuala muid ar fad na ráitis seo roimhe.

Tá muid beag mar thír agus tugtha den mhaoithneachas fá ábhair a nascann muid- agus tá mé féin ciontach as sin i mbliana, nó tá mé ag smaoitiú siar ar mo thuras féin chun na hArd-teiste. Ní chreidim go bhfuil fiche bliain imithe tharam ó thug mé aghaidh ar an Ard-teist i 2004, mar dhalta i bPobalscoil Chloich Cheann Fhaola - PCC - ar an Fhál Carrach, i nDún na nGall.

Séanaim i m’intinn go bhfuil an t-achar ama sin ar shiúl thart ó bhí mé ocht mbliana déag d’aois. Tá cuimhne agam ar a bheith dírithe ar na leabharthaí roimh na scrúduithe agus ag smaoitiú ar an samhradh breá a bhí romham amach.

Bhí mé féin agus mo chairde scoile ag éisteacht le Toxic le Britney Spears, Milkshake le Kelis agus Superstar le Jamelia i gclub oíche an Seaview agus ag léamh amaidí faoi na réalta móra i Now Magazine. Bhí an bac ar thobac sna tábhairní i bhfeidhm le cúpla mí agus bhí deis agam vóta a chaitheamh don chéad uair i lár na scrúduithe.

Britney mar fhuaimrian an tsamhraidh.

Bhí muid ar thairseach an tsaoil, ach an Ard-teist a fháil tharainn! An tráthnóna roimh an chéad scrúdú, in áit suí sa bhaile ag meilt ama agus ag éirí neirbhíseach, chuaigh mé go Leitir Ceanainn le m’athair agus thiomáin muid na bhaile bealach iargúlta, thart le Loch Barra sa Ghaeltacht Láir. Chuir sé thart an tráthnóna domh agus thóg sé m’intinn ón lá a bhí romham.

Dá gcaithfinn suí anois i seomra ranga agus mé féin a ullmhú le seacht n-ábhar scoile a bheith foghlamtha go maith agam,ní shílim go mbeadh an fhoighid nó faraor, achar airde agam le mo dhícheall a dhéanamh, mar a bhí an uair sin. Caidé a tháinig orm le fiche bliain ar chóir ar bith?!

Caithfidh mé cuid den locht a chuir ar a bheith gafa le m'fhón póca cliste, rud nach raibh ag gabháil i 2004, agus a bhí, buíochas do Dhia, in easnamh orm blianta na hollscoile fosta. Má shuím anois agus mé ag iarraidh rud inteacht a scríobh, nó léamh faoi, tá sé chóir a bheith dodhéanta gan an fón a tharraingt orm ag pointe inteacht luath san obair sin. Imíonn na maidí le sruth agus ní fada go bhfuil sruthán mo chuid smaointeoireachta ar shiúl bealach an gharraí.

Ní h-aon ionadh nach ar an Ard-teist a bheadh d'intinn agus tú cois Barra.

Ó aois óg bhí mé dírithe ar an fhoghlaim agus na leabharthaí, thaitin an scoil liom agus a bheith ag scríobh aistí. Ní raibh an oiread sin de ghríosadh uaim le suí agus staidéar a dhéanamh, sórt ‘nerd’ a bhí ionam.

In ainneoin sin, is cuimhin liom i Meitheamh 2004 a bheith imníoch faoin mharatón scríbhneoireachta, fuinnimh agus smaointeoireachta a bhí romham le linn laethanta na hArd-teiste. Bhí na chéad laethanta trom ar an lámh - aistí Béarla agus Gaeilge, páipéar Staire ansin - bheinn greadaithe tráthnóna ag teacht amach as na seomraí plúchtacha réamhdhéanta, cása lán de phinn úra i mo ghlaic agus m'intinn ag léimtí ar aghaidh chuig an chéad pháipéar eile.

Ní raibh de chaint agam féin agus mo chairde le linn na trí seachtainí de scrúduithe ach na ceisteanna a bhí ar an pháipéar seo nó a bhí in ainm is a bheith ar an pháipéar siúd, ag tabhairt uchtaigh dá chéile, ag moladh na hábhair a d'ardaigh muid agus na hargóintí fiúntacha (dar linne) a bhí scríofa againn fá na filí a bhí ró-ullmhaithe againn le dhá bhliain anuas.

Shivers síos do spine.

Thaitin na scrúduithe Gaeilge liom mar bhí mé breá compordach leo, agus leoga le na páipéir Staire agus Béarla. Leithscéal ar bith le bheith ag scríobh, shílfeá. Tá cuimhne agam glór Joe Uí Dhónaill a chluinstin ar an téip don chluastuiscint Gaeilge, glór a bhí ar eolas ag go leor againn ónár n-óige ag coimhéad ar TG4. Bhí cúpla lá de shos agam roimh an scrúdú deireanach - Bitheolaíocht a bhí ann,sílim agus bhí sé deacair díriú ar na leabarthaí faoin am sin.

Bhí brothall san aer agus ceitheadacha beaga ann an tráthnóna sin, ach nuair a chríochnaigh achan rud, ba gheall le brionglóid é. Sin é, an mheánscoil críochnaithe agus samhradh breá romhainn le na cairdis a tógadh thar chúig bliana a choinneáil ag imeacht tamall eile sula rachfadh muid ár dtreonna éagsúla. An samhradh sin, fiche bliain ó shin, níor shíl mé go mbeinn san áit a bhfuil mé inniu, i mo chónaí i nGaoth Dobhair agus ag plé le na meáin chumarsáide.

Bhí Áine ag ocht mbliana déag ag iarraidh a bheith ag plé leis an Ghaeilge cinnte, ach diongbháilte ar gan a bheith mar mhúinteoir! Ní droch léargas sin ar mo chuid múinteoirí nó ar mo chuid scolaíochta, ach ar m'fhoighid arís! Bheadh an Áine sin míshásta anois le m’easpa airde in amannta ar chúrsaí oibre agus léitheoireachta, mar nach raibh uaim an uair sin ach a bheith sáite i leabharthaí.

Ó Loch Barra go Loch UCD.

D’imigh scór bliain go damanta gasta, cé go bhfuil cuimhne shoiléir agam ar laethanta na hArd-teiste, ar mo chairde Martina agus Genevieve a d’éist le mo chuid amaidí agus ar an stócach deas a bhí agam ag an am, Diarmaid, nach raibh fiú i mbliain na hArd-teiste!

Níor thuig mé go n-athródh mo shaol agus mo mhianta, mar nach raibh mé fásta forbartha ar chóir ar bith, ainneoin a bheith réidh le dhul amach sa tsaoil. Nuair a tháinig Lúnasa agus na torthaí, bhí mé thar a bheith sásta le mo chuid pointí, agus sceitimíneach ach cumhal faoi shaol na hollscoile i mBaile Átha Cliath. Chuir mo bhlianta i gColáiste na hOllscoile, UCD, i dtreo mo ghairm beatha mar chraoltóir mé, agus mhúnlaigh an tréimhse sin mo dhearcadh mar dhuine as an Ghaeltacht a bhí ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge.

Níor thuig mé ag an am an deis iontach a bhí tugtha domh, tré freastal ar chúrsa ollscoile, na fréamhacha sin a cuireadh sa mheánscoil i gCloich Cheann Fhaola a fhorbairt. Scanraíonn luas na mblianta sin mé ach ar mhaith liom a bheith ar ais anois ar thairseach na hArd-teiste? Cinnte char mhaith!

Níl mé cinnte ar chaith mé iomlán na bhfiche bliain sin ó 2004 ag fás ach is cinnte gur ghlac mé le deiseanna triail a bhaint as rudaí éagsúla. Bíonn trua agam achan samhradh do lucht na hArd-teiste agus an ualach trom oibre atá orthu ach, nach méanar daofa é fosta, an saol úr seo rompu agus ní fios caidé mar a bhéas a bhfiche bliain siúd ag fás agus ag bláthú.

Tá mé cinnte go mbeidh mé féin agus na girseachaí a bhí liom i PCC ag tarraingt cúpla scéal orainn féin agus ag cur iontais go bhfuil 2004 an fhad sin siar, ach leanfaidh mé orm ag súil le fiche bliain eile romham, gan brú na hArd-teiste orm, ach na deiseanna a shíolraigh uaidh san idirlinn do mo threorú i gcónaí.