skip to main content

Muintir Uí Fhlatharta aoínna speisialta an chéad oíche

Séamus Ó Flatharta agus Caoimhe Ní Fhlatharta ag Gradam Folk Radio 1 i Mí Márta na bliana seo
Séamus Ó Flatharta agus Caoimhe Ní Fhlatharta ag Gradam Folk Radio 1 i Mí Márta na bliana seo

Fillean oíche amhránaíochta mhíosúil i nGaeilge i gClub Chonradh na Gaeilge, 6 Sr Fhearchair an Déardaoin seo chugainn, 6 Meitheamh. Siad Caoimhe agus Séamus Ó Flatharta a bheidh mar aíonna speisialta ar an oíche.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Séamus Ó Flatharta ina thaobh.

Raibh sibh i láthair cheanna ag an sraith?

"Ní raibh, ní raibh mé féin ná Caoimhe ann ag an gClub Amhránaíochta go dtí seo ach táimid thar a bheith buíoch a bheith mar aíonna speisialta sa gciorcal amhránaíochta oíche Déardaoin seo chugainn. Táimid ag súil go mór na fonnadóirí agus na hamhránaithe eile a chloisteáil agus cúpla amhrán as an gceantar s'againne a roinnt leo freisin.

Caoimhe agus Séamus i mbun ceoil do RnaG.

Nuair a fhaigheann tú cuireadh mar seo an mbíonn stór nó set-list buan amhráin agaibh nó an roghnaíonn sibh amhráin ar leith gach uair nó conas mar a dtugann sibh faoi?

"Ní bhíonn set-list ró-bhuan againn do rudaí mar seo i ndáiríre. Braitheann sé ar na daoine atá ann, ar na hamhráin eile atá á rá ag daoine eile. Dfhéadfadh sé go bhfuil amhrán coitianta againn féin agus daoine eile, so braitheann sé uilig."

"Beimid ag éisteacht le chuile dhuine eile, ag caint le chuile dhuine a bhéas sa Chlub, ag fíofraí daoibhe cén sórt scéalta nó amhrán a thaithíonn leothab. Beidh deis againn freisin amhrán a mhúineadh nó amhrán a roinnt leo freisin. Mar sin ní bheimid ró-bhuan faoi. Beimid breá nádúrtha, bainimid sult as an oíche agus feicfimid cad a tharlós. Sin an cur chuige a bhéas againne."

Read the room agus ar aghaibh libh mar sin, is dócha. Maidir leis an ngaol idir shibilínigh nó gaolta fola ag canadh le chéile agus mar a léirítear an dual breise sin san amhránaíocht - cad é do mheas faoi sin?

"Tugaimid é sin faoi deara, go háirithe mé féin is Caoimhe, mar tá beirt eile sa mbaile, Rónan is Conall, a bhíonns muid ag ceol leothab agus ag góilín leothab freisin, agus tá rud éicínt nádúrtha, cinnte, fé bheith ag góilín in éineacht le ball clainne."

Bí réidh leis an draíocht.

"Tá nasc de shaghas éicínt, nó mar a dúirt tú féin, tá gaol de shaghas éicínt ann a dhéananns an comhcheol an-nádúrtha agus an-éasca. Níl a fhios agam ab é go luíonn na glórtha le chéile nó ab é an chaoi go mbíonn tú compóirteach i dteannta ceoltóir atá tú chomh gar leothab, nó go bhfuil gaol éicínt agat leothab freisin."

"Ach is rud speisialta é. Bhí sé againne ó bhíomar sa chliabháin so is dóigh go bhfuilimid an-chleachtaithe air faoi seo mar sin nár thugamar faoi deara cé chomh speisialta is a bhí sé."

"Ach le gairid agus muid ag dul amach is ag taibhiú agus ag caint le lucht féachanna tar éis ceolchoirm agus mar sin, is dóigh go dtuigimid anois go bhfuil rud éicínt speisialta ansin agus go dtóigeann sé draíocht eile go na taispeáintí a bhíonns againn. Táimid thar a bheith buíoch go bhfuil sé sin againn."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Beidh Caoimhe agus Séamus le clos i mbun amhrán ag Amhránaithe an Chlub, an Déardaoin 6 Meitheamh ag tosnú ag 9i.n.

Ticéidí ar fáil anseo.