skip to main content

Féidireachtaí an cheoil

Gliondar Úna le fuaimeanna ar leith
Gliondar Úna le fuaimeanna ar leith

Fiosróidh Úna Monaghan, trína saothar ceoil féin, na deiseanna a thagann chun cinn nuair a dhéantar smaointe nua a chónascadh leis an gceol traidisiúnta, deiseanna a sháraíonn na rialacha.

San fhadchlár faisnéise nua seo, leanfar an cruitire, an cumadóir agus an t-innealtóir fuaime fad a bheidh sí i mbun a halbam nua trialach, Aonaracht, a thaifeadadh.

Tá blianta fada caite ag Úna ag obair san eolaíocht agus sna healaíona, an méid a bhíonn i bpáirt ag ceol traidisiúnta na hÉireann, ag an gceol trialach, ag an tobchumadóireacht agus ag an teicneolaíocht idirghníomhach á scrúdú aici. D'imir saothar John Cage tionchar ar Úna agus tá clú bainte amach aici sa seánra céanna.

Pauline Scanlon agus Úna Monaghan i mbun oibre.

Tá Aonaracht ar cheann de na tograí is uaillmhianaí dá cuid go dtí seo agus tá uirthi a chur ina luí ar shárcheoltóirí traidisiúnta eile muinín a bheith acu inti agus sa seánra atá sí a chur chun cinn lena cur chuige ceannródaíoch: ag taifeadadh albam d'aonréid ag baint leas as uirlisí leictreonacha.

Tá sí ag tabhairt faoi seo go léir fad a dtugann sí faoi thogra nua eile - ag tógáil clainne.

Tá an iomaí brí a bhaintear as an bhfocal Aonaracht (a bheith asat féin, aon ní amháin) le braith san fhadchlár faisnéise, ó na haonréid a chumann Úna do na ceoltóirí go dtí an chaoi a ndíríonn sí go hiomlán ar na saothair cheoil.

Úna sa stiúideo.

Tá codarsnacht le brath freisin mar gheall ar an gcur chuige comhoibríoch atá i gceist le halbam dá leithéid a léiriú agus mar gheall ar an gcomhpháirtíocht ealaíne atá ag Úna lena máthair féin, an dealbhóir Nóirín Nic Alastair. De réir mar a fhaigheann Úna faoi réir le fáilte a chur roimh a céad pháiste tá ceist amháin ar a hintinn - an mbeidh sí in ann an dá thrá a fhreastal - Clann a thógáil fad a dtugann sí faoin uaillmhian ealaíne?

I measc na sárcheoltóirí agus amhránaithe traidisiúnta a ghlacfaidh páirt in Aonaracht beidh Pauline Scanlon, Paddy Glackin, Iarla Ó Lionáird, Jack Talty, Saileog Ní Cheannabháin agus Tiarnán Ó Duinnchinn.

Úna Monaghan, Iarla Ó Lionaird agus Kevin Murphy ar chamcuaird

Déanfar an próiseas a bhíonn i gceist le halbam a dhéanamh ó thús deireadh a fhiosrú san fhadclár faisnéise seo, an iomaí dúshlán a bhíonn i gceist, an féinamhras agus na hathruithe móra a tharlaíonn sa saol agus an choimhlint a bhíonn i gceist dóibhsean a chuireann iad féin in iúl trí mheán na n-ealaíon fad a dtógann siad clann.

DoubleBand Films a léirigh Aonaracht don BBC Gaeilge agus do TG4 le maoiniú ó Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.

Craolfar Aonaracht Dé Céadaoin, an 5 Meitheamh ag 21:30 ar TG4 agus TG4.ie.