Beidh Féile na Meán Ceilteach 2024 ar siúl ón 4-6 Meitheamh i mbliana i Caerdydd na Breataine Bige, áit a mbronnfar gradam ar chláracha agus pearsai craoltóireachta ó thíortha Ceilteacha na hEorpa.
The Celtic Media Festival 2024 takes place from 4-6 June this year in Cardiff,or Caerdydd in Wales, where prizes will be awarded to programmes and presenters from the Celtic countries of Europe.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le hArd Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, atá ina Chathaoir ar Bhord Fhéile na Meán Ceilteach, fén tábhacht atá leis an bhFéile agus ar a spriocanna?
"Bhuel tá an Fhéile bunaithe le blianta fada. An chéad cheann bhí sé i 1980 agus ag an am sin, is dóigh, bhí roinnt craoltóirí in Éirinn, in Albain agus sa mBreatain Bheag a bhí ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh le craoltóireacht sna náisiúin sin, ach freisin le craoltóireacht sna teangacha sin, agus tháinig siad le chéile i 1980. De réir a chéile tháinig méadú ar an bhFéile agus anois is Féile ollmhór idirnáisiúnta atá ann."
"An aidhm atá ann? Bhuel, cuir i gcás trí bhun tíortha sin, Éireann, Albain agus an Bhreatain Bheag, breathnaímid, ar bhealach, uilig ar Londain agus go pointe is deis atá ann axis nua a chruthú. Theastaigh uainn ceangal a chur idir na tíortha sa gcaoi nach gcaithfimid dul trí Londain agus cuid den eispéireas atá againn mar chraoltóirí, mar léiritheoirí agus mar dhaoine cruthaitheacha a roinnt le chéile agus forbairt a dhéanamh le chéile. So, tá go leor tagthaí amach as an bhFéile le blianta fada."

Tá sé sin spéisiúil, mar sin is ag iarraidh Londain a sheachaint a bhí sibh?
"An gnáth axis atá againn ar fad ná breathnú ar an metropolis, más maith leat. Tá sé sin fíor – táimid ag plé le craoltóirí agus léiritheoirí as an mBriotáin, freisin, agus breathnaíonn siadsan go nádúrtha i dtreo Páras."
"Ach is deis atá sa bhFéile ár gceangal féin a dhéanamh ar bhealach difriúil, in áit muid uilig a bheith ag casadh le chéile trí Londain. Is deis é muid uilig a bheith ag casadh le chéile go díreach, agus a bheith ag foghlaim óna chéile. Sílim, chomh maith, gur rud go gcuireann muid béim air, gur féidir a bheith go hiomlán idirnáisiúnta agus domhanda ach a bheith ag díriú, go pointe, ar do pharóiste féin. Tá an tuiscint sin ann nach gcaithfimid dul tríd an metropolis le gur féidir linn a bheith idirnáisiúnta agus tionchar domhanda a bheith ag ábhar as na tíortha seo agus obair sna teangacha seo."
"Rud eile de, cuireann muid an-bhéim ar léiritheoirí neamhspleácha, cur i gcás go dtéann cuid mhór duaiseanna go léiritheoirí neamhspleácha. Ach tá rud eile anois againn, an International Pitching Forum ina bhfuil deis ag daoine maoiniú forbartha €6000 a fháil. Tá léiritheoirí neamhspleácha an-tábhachtach do leithéidí TG4 ach tá siad an-tábhachtach don Fhéile freisin. Tháinig go leor cláracha as daoine a bheith ag castáil ar a gcéile ag Féile na Meán Ceilteach."
As primarly minority language public service media organisations, with some exceptions such as Sky Atlantic or Virgin that make the cut, say, for the festival, does that status bestow any advantages over larger public service media organisations, despite the lack of funding or resource limitations?
"The Festival is about the Celtic countries and an awful lot of the prizes go to majority language. The Festival is different in that it has a deep respect for the place of the minority languages within our countries. I think that is unusual, even within Ireland, Scotland, Wales – especially Ireland and Scotland. I think that is quite difficult to achieve but the Celtic Media Festival does have a special place in its DNA for the minority languages."
"Obviously the highest quality sometimes comes from the highest budget, but as we've shown from An Cailín Ciúin, that’s not necessarily true, it's actually about the creativity and the universality of that creativity."
"So to a certain extent big budgets will win prizes but I think we are very proud of the way we go from Galicia (in Spain) all the way up to the north of Scotland and you can actually see in some of the awards that we are rewarding creativity and not just big budgets."

So bhfuil rath leithéidí Arracht agus An Cailín Ciúin nó samplaí i measc na gcraoltóirí eile chomh maith, ar ardán domhanda tar éis feiceálacht agus aitheantas bhaill Fhéile Meán Ceilteach a threisiú nó a leathnú, bhfuil an próifíl imithe in airde meas tú?
"Sílim go bhfuil. Is Féile í atá ag fás. Ar ndóigh, nuair a bhí Covid ann, bhí ceisteannaí ann, mar is Féile atá ag brath ar dhaoine bheith 'festive’ lena chéile atá ann. Ach d’éirí linn dhá Fhéile dá chur ar fáil go fíorúil agus ó shin tá méadú ag teacht go pointe athshamhlú agus athbheochan ar Fhéile na Meán Ceilteach."
"Chuaigh muid go dtí an Bhriotáin don chéad uair (Quimper), an chéad uair go raibh muid ar mhórthír na hEorpa le fiche bliain, agus d'éirigh thar cíonn leis sin. Nuair a bhí muid in sna Clochán Liath i dTír Chonaill, don chéad uair le fada, bhí an Fhéile díolta amach agus arís i mbliana táimid in Cardiff atá lárnach, ní hamháin ó thaobh na Breataine Bige dhó ach ó thaobh an tionscail seo’gainne sa mBreatain ar fad, go háirithe drámaíocht, agus tá an Fhéile díolta amach arís. Tá tuiscint ag teacht ag daoine gur Féile mhór 'international summit’ mar a thugann muid féin air, atá anois ann. I mbliana go háirid beidh daoine ón Nua Shéalainn agus as Ceanada ag freastal ar an bhFéile. So, creidim gur féile mhór idirnáisiúnta anois í."
Féach liosta ainmniúcháin na ngradaim i mbliana anseo