Sraith nua i gcuideachta phobal Chois Fharraige i nGaillimh le linn Shamhradh 2023 le blaiseadh a fháil ar shaol an phobail seo ag an am is gnóthaí den bhliain.
Síneann ceantar Chois Fharraige siar le cósta na Gaillimhe ó na Forbacha go Ros an Mhíl. Ceantar ársa atá suite idir an cladach agus an criathrach agus a bhfuil pobal fuinniúil cruthaitheach lán le beocht agus spleodar ag cur faoi ann. Le teacht an tsamhraidh agus síneadh ag teacht ar an lá, tagann borradh faoin saol i gCois Fharraige. Sa tsraith seo, tabharfar léargas fuinniúil, croíúil don lucht féachana ar dhul chun cinn, ar bhuanna, ar dhúshláin agus ar theacht aniar an phobail áitiúil sa tréimhse is gnóthaí den bhliain.
Sa chéad chlár cuirfimid aithne ar Breda Hughes ó Choiste Bailte Slachtmhara an Spidéil atá ar a dícheall barr-slacht a chur ar an mbaile don Samhradh. Caithfimid seal le Tony Antaine Ó Curraoin agus a mhac Antoine as an gCnocán Glas agus iad ag triall ar an gcladach le chéile. Buailfimid le Diarmuid Ó Conghaile atá ag ullmhú a chriú agus a churaí d'Fhéile an Spidéil. Casfaimid le lucht eagraithe na Féile atá ag súil le dea-aimsir, lá maith rásaí agus iomaíocht ghéar ar an bhfarraige.

Sa dara clár, buailfimid le Tommy agus Patrick Connolly agus iad i mbun oibre ar thogra nua gnó, Galway Girl Cruises. Caithfimid seal in éineacht le Siobhán Bairéad as Coláiste Chamuis ar an Tulach a bhfuil lá mór roimpi ag cur fáilte roimh na céadta scoláirí atá tagtha go dtí an ceantar ar bhusanna chun tréimhse a chaitheamh i nGaeltacht Chois Fharraige. Tá an sorcas é féin tagtha go dtí an ceantar agus tabharfaimid cuairt ar Sorcas Le Croí chun bualadh le Colm Seoighe as Ros an Mhíl atá meallta ag saol an tsorcais don Samhradh.

Sa triú clár, casfaimid le Caoilfhionn de Bhaldraithe ó Sruth Yoga atá i mbun ranganna ióga ar thrá an Spidéil. Tabharfaimid cuairt ar cheardlann an Spidéil áit a bhfuil cóisir speisialta á cheiliúradh ag fear an Spailpín Fánach, Gearóid Ó Murchú. Beimid ar ais le Tommy agus Patrick Connolly agus iad fós ag fáil faoi réir dá gcéad turas farraige ar a mbád Galway Girl Cruises. Tá teach lán le scoláirí ag an mbean tí Linda Geoghegan agus tá imní ag teacht ar Mháirtín Choilm Ó Cualáin atá ag fanacht ar an aimsir feabhsú chun go mbeidh sé in ann a chuid garrantaí féir a bhaint.

Sa chlár deireanach sa tsraith, beimid i dteannta Choláiste Chamuis atá ag ceiliúradh caoga bliain ar an bhfód. Gheobhaimid blaiseadh de Thaispeántas Chois Fharraige agus pobal na háite tagtha le chéile chun saothar an tsamhraidh a chur ar taispeáint. Tá an lá mór tagtha do Tommy agus Patrick Connolly. Tabharfaidh siad faoina gcéad turas le Galway Girls Cruises tar éis bóthar fada a bheith curtha díobh acu. Tiocfaimid suas le Máirtín Choilm Ó Cualáin arís atá fós ag fanacht chun an féar a shábháil. An bhfeabhsóidh an aimsir ar chor ar bith an samhradh seo?
Léirithe ag Aniar do TG4
Cuirfear tús leis an tsraith ag 8pm ar an 6 Meitheamh 2024 ar TG4.