Cuireann Cruinniú na nÓg agus Cúla4 "Amuigh 24" i láthair: Féile nua aon lá amháin atá dírithe ar leanaí idir 0-18 mbliana d'aois ina ndéanfar ceiliúradh ar Chruthaitheacht, Ealaín agus Taibhléiriú na nÓg.
Tá ríméad ar Cruinniú na nÓg, i gcomhar le Cúla4 agus Fíbín Media, 'Amuigh 24' a sheoladh. Féile bhríomhar aon lá amháin a bheidh ann, a spreagfaidh an chruthaitheacht agus an ealaín i measc daoine óga 0-18 mbliana d'aois.
Beidh an fhéile ar siúl ar an 15 Meitheamh 2024, lá a gcuirfear eispéireas ealaíne ar leith ar fáil do theaghlaigh agus don phobal ó fud fad na Gaeltachta. Beidh réimse leathan gníomhaíochtaí agus siamsaíochta ar fáil ag 'Amuigh 24' agus é dírithe ar thrí aoisghrúpa ar leith: 0-5 bliana, 6-12 bhliain agus 13-18 mbliana d’aois.
Cinnteoidh an clár cuimsitheach go mbeidh deis ag an lucht freastail a bheith rannpháirteach i gceardlanna idirghníomhacha, chomh maith le taitneamh a bhaint as léirithe ealaíne agus ceol beo mar shampla. Ardán tábhachtach a bheidh san fhéile do dhaoine óga lena gcruthaitheacht féin, a dtallann agus a scileanna ealaíne a chur i láthair.

Beidh ceol beo ar an lá ó Jessica McKean, iarrthóir Junior Eurovision, Trad Rave agus Colm Seoighe & na hEasógaí mar aon le ceardlanna agus léirithe beo ó Circus le Croí, Laureate na nÓg - Trish Forde agus Leabhair Pháistí Éireann, drámaíocht, bácáil, ceardaíocht agus neart ócaidí eile i rith an lae. Is é aidhm na féile an tsamhlaíocht a neartú, an chruthaitheacht a chothú agus suim sna healaíona a spreagadh sa chéad ghlúin eile.
Tríd an rannpháirtíocht agus an taiscéalaíocht ghníomhach, cuirfidh 'Amuigh 24' ar chumas daoine óga iad féin a chur in iúl, suim a chur ina noidhreacht chultúrtha, agus nasc a chothú le daoine óga eile i dtimpeallacht fhuinniúil thacúil.

Beidh saorchead isteach ag an bpobal ag an bhféile le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta ach beidh ar theaghlaigh, grúpaí agus daoine óga clárú don ócáid.
Is féidir tuilleadh eolais agus ticéidí a fháil ar suíomh Éire Ildánach ANSEO