Clár speisialta Nuacht a 1 le Fionnuala Ní Neachtain as Luimneach faoi thoghchán Pharlaimint na hEorpa, na toghcháin áitiúla agus toghchán an Mhéara, Dé hAoine seo caite.
Ar an bpainéal leo bhí ceathrar agus sár-aithne acu ar an gcathair; Úna Ní Bhroiméil iar léachtóir i Roinn na Staire, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach; Ógie Ó Céilleachair, múinteoir 'Polaitíocht agus an tSochaí' i nGaelcholáiste Luimnigh; Seosamh Ó hÉanaigh, iar bhleachtaire Garda a bhí lonnaithe i gcathair Luimnigh.Liam Ó Dochartaigh, iar-stiúrthóir sa rannóg Oideachais Idirnáisiúnta, Ollscoil Luimnigh.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Ag craoladh beo as stiúdéo RTÉ Luimneach pléadh buntáistí agus bacanna a bheadh ar aon Mhéara a toghfaí don chathair. Díríodh ar an jab ó thaobh na cumhachtaí a bheadh ag an té a cheapfaí na sreanga ar fad a tharraingt le chéile ar mhaithe le muintir na cathrach agus an cheantair máguaird.
Agus an é an cinneadh ceart ar chor ar bith duine amháin a bheith i gceannas ar aon chathair thar na struchtúir údaráis áitiúla atá ag feidhmiú ann fé láthair agus le fada an lá? Beidh cathracha eile ag faire.

Éist le Nuacht a 1 gach lá ó Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.