skip to main content

Gradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann

Gearrliosta do Gradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann 2024
Gearrliosta do Gradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann 2024

Bronnfar Gradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann Dé Céadaoin seo chugainn. Deis thábhachtach atá sna gradaim aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta a thabhairt d'údair agus do mhaisitheoirí Éireannacha don aos óg, mar a mhíníonn Elaina Ryan, Príomhfheidhmeannach Feidhmiúcháin Leabhair Pháistí Éireann nó CBI.

"Bhuel tá an-tábhacht leis na Gradaim CBI do na húdar agus na maisitheoirí atá ar an ghearrliosta agus ócáid an-speisialta dóibh an obair atá déanta acu a cheiliúradh agus an t-aitheantas cuí a thabhairt dó. Déanann na gradaim a lán rudaí de na foilsitheoirí de na húdair, na maisitheoirí agus na léitheoirí ag deireadh an lae. Tugann an próifíl sna meáin deis breise dóibh ceangal le léitheoirí óga agus is mór an chabhair chom maith na duaiseanna airgid."

Nakai Mudiwa, duine de na Moltóirí Óga do Gradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann 2024 le daltaí Bhunscoile Sráid Gardiner ag seoladh na ngearrliosta i Mí Feabhra seo caite [Pic: Julien Behal Photography]

Leagann Leabhar Pháistí Éireann béim chomh maith ar thábhacht na litríochta Éireannach don aos óg. Agus duine a thuigeann é seo go maith ná Laureate na nÓg, Patricia Forde, a bhfuil leabhar aici ar an ngearrliosta don chéad uair i mbliana chomh maith. Tá dualgas ar leith uirthi an fhógraíocht agus an bholscaireacht seo a dhéanamh rud nach bhfuil éasca i gcónaí.

"Go deimhin in Éirinn bíonn sé deacair go leor aird an phobail agus aird na meáin a tharraingt ar leabhair do ghasúir. Tá rudaí ag feabhsú cinnte ach tá sé deacair. Tá scríbhneoirí Éireannacha i gcoimhlint i gcónaí nó i gcomórtas i gcónaí le scríbhneoirí ó tíortha eile - ón Bhreatain, ó Mheiriceá, mar shampla. Tá sé an-deacair áit a fháil sna siopaí leabhair as go bhfeicfidís tú agus freisin chun go mbeadh údar in ann dul chun cainte le páistí. Tá sé sin deacair a dhéanamh freisin."

Bridget Breathnach, Clara Kumagai, Alan Nolan, Patricia Forde, Elizabeth Rose Murray, Eve McDonnell agus Marie Louise Fitzpatrick [Pic: Julien Behal Photography]

Chuige sin chuaigh sí féin mar aon le 'Bubblegum Bus’ lán le scríbhneoirí agus maisitheoirí ar thuras draíochtaí mhistéireach ó Cheann Mhálainn go Carn Uí Néid ag caint le páistí ó Na Gleannta go Cionn tSáile.

"Bhí sé sin iontach mar faighimidne inspioráid uatha siúd agus tá súil agam go bhfuair siadsan inspioráid uainne. Ach mar a deir tú tá tú i gcomórtas leis an ríomhaire agus an fón agus leis an gcuid eile sa caithfimid a bheith cineál cruthaitheach faoi."

Agus tá go leor ainm aitheanta ar an ngearrliosta, agus tusa anois san áireamh leo?

"Tá áthas an domhain orm faoi sin. Seo é an gradam is mó is dóigh go mbíonn ard againn air agus ag súil leis i gcónaí. Agus tá sé iontach anois le cúpla bliain anuas, go bhfuil KPMG ag tabhairt urraíochta dúinn agus is breá liom é sin a fheiceáil, go bhfuil daoine cosúil le KPMG sásta a gcuid airgead a chur isteach anseo agus ag rá gur rud tábhachtach é litríocht do ghasúir.

Seo na léitheoirí a bheas ann sa chéad ghlúin eile - muna bhfuil muid á fhorbairt anois ní bheidh siad ann - Patricia Forde, Laureate na nÓg

Tá sé iontach tábhachtach go mbeadh léitheoirí i gcónaí againn anseo agus táimid an mhaith sin in Éirinn. Caithfidh mé a rá. Bhí suirbhé mór a rinneadh san Eoraip le déanaí agus bhí muid sa domhan ceapaim sa tarna áit taobh thiar go Singeapór mar na léitheoirí is fearr atá ag léamh don phléisiúr ag aois a deich. Agus má tá tú ag léamh as do stuaim féin ag 10 mbliana d'aois, beidh tú i do léitheoir. Agus tuigimid na rudaí maithe a tharlaíonn 6 sin ó bheith in ann leabhar a léamh agus a bheith sásta sin a dhéanamh."

Is é barr feabhais sna leabhair don aos óg an slat tomhais tríd is tríd, agus bronntar na gradaim seo a leanas:

Gradam KPMG Leabhair Pháistí Éireann Leabhar na Bliana

Gradam Onórach don Mhaisiú Gradam Eilís Dillon

Gradam Speisialta na Moltóirí

Gradam na nGiúiréithe Sóisearacha

Sa bhreis air sin, bronntar Gradam don Laoch Léitheoireachta ar léitheoir óg mar aitheantas ar a n-acmhainn agus mar cheiliúradh ar a ngrá thar na bearta do na leabhair.

Is iad na Gradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann na gradaim is mó le rá le haghaidh leabhair do pháistí in Éirinn. Bunaíodh na gradaim in 1990 chun barr feabhais i leabhair don aos óg le húdair agus maisitheoirí Éireannacha a aithint, urraim a thabhairt dó, agus é a chur chun cinn. Is é KPMG an t-urraitheoir ceannlíne ó 2020 ar aghaidh, le duaischiste iomlán de €16,000 ar fáil a bhuíochas leis.

Tig libh breathnú ar an ngearrliosta iomlán anseo.