skip to main content

Port Láirge agus Corcaigh: cé ghéillfidh?

Beidh feighlí tailte Staid Semple ag gol fé dheireadh an chluiche seo
Beidh feighlí tailte Staid Semple ag gol fé dheireadh an chluiche seo

Fíochmhar, fuilteach, fuarchúiseach – sin Craobh Mhumhan na Camógaíochta! "Faoi dheireadh, tá arm Chorcaigh ag dul chun cogaidh d'aitheantas mar fhíor-ardchathair na hÉireann" a bheas muintir Durlas Éille ag rá thart faoin am seo amárach.

Corcaigh v Port Láirge 1.45pm Dé Domhnaigh 19ú Bealtaine, Staid Semple

Beidh sráideanna an bhaile dearg le lucht tacaíochta Chorcaigh ag máirseáil i dtreo na páirce le taispeántas a shú isteach óna mná agus fir i gcraobh na Mumhan. Fite fuaite i measc an marcshlua, beidh léinte gorma Phort Láirge agus Thiobraid Árainn ar an chosán chéanna leo, agus ocras ar chách don dá fhéirín de chluichí atá rompu.

Faoin staid seo, beidh Jerry Wallace agus Ger Manley ag cur na gcáithníní ar chraiceann chamógs Chorcaigh agus Phort Láirge lena n-óráidí deireanacha. Beidh an dá fhoireann ar an eolas faoin bhearna 56 bliain ó bhí Port Láirge san áit seo. Nimh san fheoil idir an dá dhream seo agus a stampa le cur síos acu mar alfa an chúige.

Vikki Falconer Phort Láirge sa tóir ar Aoife McGrath Thiobraid Árainn sa cheathrú cheannais i 2021.

Rud beag staire eatarthu: Babhta ceathrú ceannais na Mumhan anuraidh, bhuail Port Láirge Corcaigh ina ngairdín cúil féin le trí phointe. "Tháinig siad síos go Páirc Uí Chaoimh agus baineadh geit asainn lena ráta oibre agus fisiciúlacht agus is dócha gur thug sin an faobhar sin dúinn i gCraobh na hÉireann" arsa Méabh Cahalane Naomh Fionnbarr, a bhfabhtaigh cloí leis an chamógaíocht idirchontae i mbliana tar éis blianta a chaitheamh leis an pheil fosta.

Is cinnte go raibh an lámh in uachtar ag Corcaigh ó shin. Cúpla mí i ndiaidh sin, thug Méabh agus a foireann sonc dosháraithe do na Déise i gcluiche ceannais na hÉireann, 5:13 go naoi bpointe.

Ag caint air, deir Vikki Falconer, tosaigh na nDéise: "Bhí muid croíbhriste. Thuig muid féin go maith cé chomh holc agus a bhí muid. B’é an chéad chluiche ceannais é dúinn agus ar ndóigh bheadh neirbhíseacht i gceist leis."

I sraith na bliana seo, bhuail Corcaigh arís iad le cúl amháin – ba léir go raibh an bearna ag laghdú.

"Bhí siad millteanach fisiciúil agus níl muid ag súil le rud ar bith eile uathu" - Méabh Cahalane Chorcaigh.

Coicís ó shin, bhuail Port Láirge Tiobraid Árainn, buaiteoirí na sraithe i mbliana, le cúl mall ach fiú agus sin ina bpóca acu, is léir go mothaíonn mná Phort Láirge go dtugtar meas madaidh orthu fós. "Tháinig alt amach ag rá nár chóir dúinn Tiobraid Árainn a bhualadh sa chluiche leathcheannais. Agus bhí caint ann in áit éigin eile faoin chluiche ceannais iontach a bheadh idir Tipp agus Chorcaigh, fiú sular imríodh ár gcluiche leathcheannais" arsa Vikki faoi.

Méabh Cahalane sa chluiche leath-cheannais i gcoinne Port Láirge i 2022.
[Pic: Piaras Ó Mídheach Sportsfile / Getty Images]

Tá cailliúint luath Chorcaigh i gcraobh na Mumhan go fóill i gcloigeann Mhéabh: "Bualadh anuraidh muid agus tá a fhios agat, ní raibh muid sásta lenár gcluiche ar an lá. Táimid ag iarraidh theacht amach agus ár meancóga a cheartú, go díreach cosúil le craobh na hÉireann anuraidh."

Tá roinnt de na himreoirí is mó le rá sa tír le tabhairt chun páirce amárach. Amy O’Connor, laoch Chorcaigh sa chraobh dheireanach; Saoirse McCarthy, a rithfeadh fad na páirce agus a chuirfeadh thar an trasnán é gan caoch na súl; agus Beth Carton, imreoir na bliana Phort Láirge.

Deir Vikki: "Tá sé difriúil ón iomáint agus ón pheil mar níl baint ar bith ag craobh na Mumhan le craobh na hÉireann. Ciallaíonn sin nach bhfuil an brú céanna ag baint leis." Ach is cinnte nach mbaineann sin ar chor ar bith ón iomaíocht. Idir sin agus caighdeán na bhfoirne atá sa chomórtas, cruthaítear taispeántais agus coimhlintí beagnach dosháraithe áit ar bith eile sa tír ina measc. An cheist atá ann ná - an n-éireoidh le héirí amach na Reibiliúnaí nó an mbrisfidh mná na nDéise a síleáil criostal?