skip to main content

Cill Chainnigh nó Áth Cliath abú?

Tiffanie Fitzgerald in aicsean i gcoinne Corcaigh
Tiffanie Fitzgerald in aicsean i gcoinne Corcaigh

Déjà vu a bhí tuartha a luaithe agus a rinneadh tarraingt chraobh Laighean i dtús an Earraigh- Cait Chill Chainnigh agus Cait na hArdchathrach in adharca a chéile arís.

An péire céanna ar ais sa bhabhta cheannais, agus cloch sa mhuinchille ag na Dubs do Chill Chainnigh tar éis bhua na gCat orthu anuraidh, i gcluiche nach raibh ach ribe eatarthu.

Tháinig iomaíocht an phéire seo anuraigh aniar aduaidh orthu siúd a bhí i bPáirc Uí Nualáin ag amharc orthu. Tar éis na chéad leatha bhí na foirne ar chomhscór, 7 bpointe an taobh, uallach na scórála déanta ag Aishling O'Neill d’Áth Cliath agus Kelly-Ann Doyle Chill Chainnigh ag coradh agus ag casadh achar na páirce sa tóir ar an tsliotar.

Phléasc na himreoirí amach arís sa dara leath agus tugadh taispeántas ealaíona dúinn ar scileanna na bhfoirne. Idir chéad mhothú agus ghluaiseacht chasta instinneach na gCat agus bogadh phasanna láimhe dosháraithe na nDubs, bhí lán a gcuid súl ag cách a chonaic.

Cé gur clúiteach iad na Cait as a gcamógaíocht, ní thiocfadh scileanna ceachtar acu a shéanadh.

"Sílim, i mBaile Átha Cliath, nach n-aithnítear muid mar cheann de na contaetha is fearr camógaíochta ó thaobh scile agus cumais de. Moltar muid go minic as ár bhfisiciúlacht agus aclaíocht agus an sort rud sin agus ní thugtar meas dár n-iomáint mar a thugtar do chontaethe eile" a mhaíonn Aisling Maher, tosaigh iomráiteach Áth Cliath.

Aisling Maher "ní thugtar meas dár n-iomáint mar a thugtar do chontaethe eile"

Líonadh an dara tríocha bomaite le buillí agus iomrascáil, ansin thosaigh Cill Chainnigh ag tarraing ar shiúl sular tharraing Jameson Murphy Baile Átha Cliath ar ais isteach le pointe. Sheas O'Neill an fód ansin agus scóráil sí dhá phointe eile ón imirt le cluiche cothrom a dhéanamh as arís le seacht mbomaite ar an chlog.

B'é comhimirt Chill Chainnigh idir Denise Gaule agus Julianne Malone a thug buile an bháis don fhreasúra – taobhlíne ó Gaule, bomaite fágtha, ceaptha ag Malone agus isteach san eangach ar an dara triail. Iarracht ar chúl ó O’Neill ach cuireadh amú sa tsoicind dheireanach é.

D’fhág cailíní na cathrach anuraigh agus gnó fós le déanamh acu ar an pháirc, gnó a bheas le feiceáil ar an Tulach Mhór amárach gan dabht.

Deir Maher, "Is cinnte gur spreag sin muid. Chuidigh sé linn muinín a chur ionainn féin. Tuigeann muid anois, nuair a imríonn muid go maith gur féidir linn dul san iomaíocht leis an trí nó ceithre fhoireann is fearr sa tír. Is dea-rud é sin go cinnte."

Ach cén comhthéacs ina bhfuil an cluiche seo ag tarlú?

Tá bainistíocht úr tagtha ar bord ag an dá dhream: Peter 'Chap’ Cleere le Cill Chainnigh agus Elaine Dowds agus Mickey McCullagh le BÁC. Tá BÁC ag teacht caol díreach óna mbua sa tsraith 1B agus na Cait ag cneasú óna gcailliúnt i gcluiche ceathrú ceannais na craoibhe uile Éireann anuraigh.

Labhair mé le Tiffanie Fitzgerald faoi seo, cúlaí seasta óg a bhris isteach ar fhoireann Chill Chainnigh trí bliana ó shin.

"Ghortaigh sin go mór muid. Cuireadh amach i lár an tsamhraidh muid, agus dúinne, níor mhaith linn a bheith ansin."

"Ach tharraing sé le chéile muid mar ghrúpa agus táimid ag traenáil go crua anois le meancóga na bliana seo caite a chur i gceart."

Le Miriam Walsh fillte ar ais óna gortú croiseach, Grace Walsh ar ais ar a seanléim, agus díoltas le baint amach ag Maher agus a foireann – mar a dúirt Chapcleare le Camán Caint Dé Máirt:

Cracker de chluiche a bheas ann!

4pm Dé Sathairn 18ú Bealtaine – Páirc Uí Chonchúir, An Tulach Mhór