skip to main content

Mórcheisteanna toghcháin atá i mbéal an phobail

Beirní Ní Chuinn le clár a chur i láthair in Ionad an Bhlascaoid
Beirní Ní Chuinn le clár a chur i láthair in Ionad an Bhlascaoid

Na Toghcháin: Deis ag pobal na Gaeltachta a bheith i láthair ag trí chraoladh beo de chuid 7LÁ.

Beirní Ní Chuinn agus Máirín Ní Ghadhra a chuirfidh na cláir i láthair.

As seo go lá na dtoghchán ar an 7 Meitheamh, beidh deis ag daoine i dtrí cheantar Gaeltachta freastal ar chraoltaí beo de chuid an chláir cúrsaí reatha 7LÁ. Le linn na gclár, déanfar plé ar na mórcheisteanna atá i mbéal an phobail, cíoradh ar na hiarrthóirí agus tabharfar deis don lucht féachana a dtuairimí a nochtadh.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Beirní Ní Chuinn, a bheidh i mbun láithreoireachta ar an gcéad chlár a chraolfar beo as Ionad an Bhlascaoid ar an 21 Bealtaine.

An ar na toghcháin áitiúil amháin a bheidh siad dírithe?

"Ní shea go deimhin. Beimid dírithe ar na toghcháin áitiúla i dtosach an chláir agus ansin bogfaimid ar aghaidh agus déileálfaimid leis na toghchán Eorpacha. Tagann ábhair dhifriúla chun cinn maidir leis an dá thoghcháin difriúil. Ábhar a thagann chun cinn go sonrach go háitiúil, mar shampla, is ea na bóithre, easpa tithíochta, nó uasghrádú gur gá a dhéanamh ar chúrsaí séarachais. Braitheann sé ar an gceantar Gaeltachta, leis."

Oileáin an Bhlascaoid in Iarthar Duibhneach [Pic: Getty Images]

"Mar shampla anseo i gConamara bíonn ana-caint ar chúrsaí reiligeacha agus i nDún na nGall bíonn tagairtí móra i gcónaí don fhadhb a bhaineann le Mica. Ansan ó thaobh na dtoghcháin Eorpacha na hábhair is mó a bheidh faoi chaibidil ansin ó dheas thíos ag baile i nDún Chaoin, cúrsaí iascaireachta agus cúrsaí talmhaíochta."

"Bheinn ag súil in sna haon cheann des na cláracha i mbliana, an ceann i nDún Chaoin, an ceann i nGaoth Dobhair agus an ceann atá i gConamara, go dtiocfaidh cúrsaí inimirce chun cinn go mór in sna haon ceantair Ghaeltachta, toisc go bhfuil inimircigh agus lucht iarrtha tearmainn lonnaithe in sa trí Ghaeltacht san go sonrach."

Seanscoil Sailearna i gConamara. [Pic: Getty Images]

Tá sibh ag dul amach i measc na bpobal agus tá súil agaibh go dtiocfaidh slua isteach chun suí libh agus ceisteanna a chur?

"Cinnte, a Chearbhall, is dócha gur réamhfhéachaint iad na toghcháin áitiúla agus na toghcháin Eorpacha sa agus beagnach go réamh ullmhúcháin iad don olltoghchán a bheidh a cheapaim féin againn roimh dheireadh na bliana seo."

"Tás agam cheana féin ó thaobh an chláir i nDún Chaoin go bhfuil an-spéis á léiriú aga muintir Chorca Dhuibhne sa chlár. Bhéinn ag ceapadh go mbeidh ar a laghad leathchéad duine nó ní sa mhó againn ag an gclár seo."

7Lá beo le Máirín Ní Ghadhra le muintir na háite ar 28 Bealtaine. [Pic: Getty Images]

"Ceisteanna ar leith á chuardach aige daoine ar leith, mar shampla drochstaid na mbóithre, easpa tithíochta i gceantar Chorca Dhuibhne, fadhbanna ana-mhór le cúrsaí pleanála agus ná fuil go leor de mhuintir na háite a fháil cead pleanála le tig a thógaint ar a gcuid tailte féin agus go bhfuil coibhneas idir tithe cónaithe do mhuintir na háite agus tithe saoire ag strainséirí go hiomlán as riocht agus nach bhfuil sé sin ceart ná cóir dar le muintir na háite féinig."

"Mar sin táimid ag súil leis agus beidh cead cainte ag an lucht féachana ceist a chur ar na hionadaithe poiblí a bheidh ar an bpainéal againn."

Máirín Ní Ghadhra a láithreoidh as Conamara.

Seo leagan amach na gclárach ar leith.

21 Bealtaine – Beo ó Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin i gCiarraí ag 7:30i.n.

28 Bealtaine – Beo ó Amharclann Ghaoth Dobhair i nDún na nGall ag 7:30i.n.

4 Meitheamh – Beo ó Sheanscoil Sailearna in Indreabhán i nGaillimh ag 7:30i.n.

Is féidir le duine ar bith a bhfuil spéis acu freastal ar cheann de na cláir thuasluaite an fhoirm ag an nasc seo a líonadh isteach: Na Toghcháin