skip to main content

Buaiteoirí Chomórtas Iriseoirí an Lae Amárach 2024 fógartha

Coláiste Mhuire as Corcaigh i láthair ag an ócáid.
Coláiste Mhuire as Corcaigh i láthair ag an ócáid.

D'fhógair an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), Ollscoil na Gaillimhe agus TG4 buaiteoirí Chomórtas Iriseoirí an Lae Amárach 2024 ag searmanas bronnta sa Ghaillimh inniu.

Tar éis do phainéal moltóirí breithiúnas a dhéanamh ar na hiarratais ar fad a tháinig isteach, roghnaíodh Gairmscoil Chú UIadh ina mbuaiteoirí ar Chomórtas Iriseoirí an Lae Amárach 2024.

Daltaí, múinteoirí agus lucht meantóireachta COGG agus OÉ Gaillimh - dea-shaothar

I measc na scoileanna eile a d’éirigh leo áit a bhaint amach ar an ghearrliosta don chomórtas i mbliana bhí Coláiste na Coiribe, Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh, Coláiste Mhuire, Cill na Mullach agus Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath.

Tá an comórtas dírithe ar scoláirí in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge ar fud na tíre agus fógrófar na buaiteoirí ag ócáid speisialta i nGaillimh i mí na Bealtaine 2024. Ar an lá, bhí deis ag na scoláirí cuairt a thabhairt ar Champas Ollscoil na Gaillimhe, áit a bhfuair siad amach faoi na deiseanna atá ann staidéar a dhéanamh ar an iriseoireacht san Ollscoil. Chomh maith leis sin, thug na scoláirí cuairt ar stiúideo nuachta TG4 agus bhí deis acu bualadh leis an fhoireann nuachta agus an obair a bhíonn ar siúl acu a fheiceáil.

Todhchaí na hiriseoireacht Choláiste Mhuire Tuar Mhic Éadaigh agus a gceannródaithe.

Mar chuid den chomórtas chruthaigh na scoláirí, a bhí ag obair i ngrúpaí de cheathrar nó cúigear, mír nuachta uile-ardáin agus foilsíodh an mhír ar bhlag (m.sh Wordpress, blogger, Weebly, Edublog). Chuir TG4 Foghlaim agus COGG acmhainní teagaisc agus foghlama 'Iriseoirí an Lae Amárach’ ar fáil ar TG4 Foghlaim (foghlaim.tg4.ie) i mbliana agus bhí sin ina ábhar tacaíochta sa seomra ranga nuair a bhí daltaí ag ullmhú iarratas na scoile. Chláraigh níos mó ná 40 scoil chun úsáid a bhaint as na hacmhainní teagaisc seo.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont: "Tá an iriseoireacht Ghaeilge ina bunchloch lárnach i seirbhís TG4 agus molaim na daltaí seo as an iarracht a chur siad isteach sa chomórtas agus as an tsuim atá léirithe acu san iriseoireacht Ghaeilge."

Dan Dwyer, Ceann Disciplín na Cumarsáide, Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe

Agus í ag fáiltiú roimh Chomórtas Iriseoirí an Lae Amárach 2024, dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Jacqueline Ní Fhearghusa, ‘Chuir an comórtas nua seo gairm na hiriseoireachta faoi bhráid scoláirí na n-iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus chuir sé ar an eolas iad faoi thábhacht iriseoireacht ar ardchaighdeán agus na deiseanna atá sna meáin d’iriseoirí a bhfuil Gaeilge acu.’

Dúirt Aodh Ó Coileáin, Léachtóir sna Meáin in Ollscoil na Gaillimhe: "Tá mé thar a bheith sásta gur thug an comórtas nua léargas do scoláirí Idirbhliana ar ról agus ar obair na meán agus go mb’fhéidir go spreagfadh sé cuid acu tabhairt faoi ghairmeacha sna meáin amach anseo."

Is féidir le scoileanna teacht ar na háiseanna ar: https://foghlaim.tg4.ie/tsraith_shoisearach

Comhghairdeas leis na scoláirí agus múinteoirí ar fad a bhí páirteach sa chomórtas in 2024.