Scéim tacaíochta í Gaelbhratach do scoileanna de gach saghas ar fud na hÉireann. Díríonn Gaelbhratach ar chur chun cinn na Gaeilge ar bhonn struchtúrtha, pleanáilte agus taitneamhach sna bunscoileanna agus sna hiar-bhunscoileanna.
Eagraithe ag Gael Linn, is í aidhm na scéime Gaelbhratach ná úsáid na Gaeilge a spreagadh, ní hamháin sa seomra ranga, ach mar theanga phobal na scoile chomh maith. Leagtar an bhéim ar an nGaeilge chumarsáideach agus ar thábhacht na feasachta teanga mar mhodh foghlama na bpáistí go háirithe. Bronntar Gaelbhratach mar ghradam aitheantais as ucht iarrachtaí na scoile mar is cuí.

Ar cheann de na scoileanna atá páirteach sa scéim tá Pobalscoil Naomh Mhichíl, i gCill Mhichíl i gCondae an Chláir. Dar le duine de mhuinteoirí na scoile, Rút Ní Mhuireasa, agus í ar a bealach ag bronnadh na ngradaim in Ollscoil Mhuire gan Smál i Luimneach inniu, go bhfuil ard-luach leis an scéim dos na daltaí.
"Bhíomar ann ón tús," a mhíníonn Ní Mhuireasa. "Tá sár-taithí againn ar an scéim agus an ráth atá air. Baineann na daltaí an-sult as gach bliain. Is dócha go gcruthaíonn an scéim meon dearfach agus dearcadh dearfach i leith na scoláirí go léir leis an nGaeilge. Is dócha go bhfuil píosa spraoi ann agus iad ag iarraidh teacht suas le rudaí nua gach bliain."

Cad é an saghas ruda gur smaoinigh na daltaí air nó a bhí a lorg acu i mbliana?
"Bhuel i mbliana bhí seisiún peil gaelach againn le imreoir ó Chondae an Chláir, Síofra Ní Chonaill. Tháinig sí amach agus rinne sí seisiúin peil gaelach leis na daltaí go léir trén nGaeilge. Mar sin is féidir leo an Ghaeilge a fheiceáil taobh amuigh den seomra ranga."
"Agus mar chuid den saol laethúil. Feiceann siad an chaoi ar féidir leis an Ghaeilge dul isteach in earnáil difriúil ar nós an spórt, an Cumann Lúthchleas Gael, i réimsí eile. Bhain siad go léir sult as sin. Agus glacann siad páirt sna comórtaisí le leithéidí Gael Linn agus Conradh na Gaeilge."
Tugann sé spreagadh do na daltaí ar go leor bealaí, mar sin?
"Gan dabht ar bith. Tugann sé spreagadh dóibh agus bíonn siad i bhfad níos mó gníomhach agus mar sin ceapaim go gcothaíonn sé an meoin dearfach sin. Níl siad chomh diúltach ó thaobh na Gaeilge de. Níl sé díreach bunaithe ar an téacsleabhar agus istigh sa seomra ranga. Léiríonn sé dóibh go bhfuil deiseanna breise ann sa Ghaeilge taobh amuigh den seomra ranga."

Feidhmítear Gaelbhratach le compháirtíochta Chonradh na Gaeilge agus Glór na nGael. Idir mhéanscoileanna agus bunscoileanna tá ós cionn 150 scoileanna timpeall na tíre ag glacadh páirt sa scéim phiolótach. Tá súil ann cuireadh a thabhairt do scoileanna nua teacht isteach sa scéim gach bliain as seo amach.
Is mór leis na daltaí an t-aitheantas a fháil ar a gcuid iarrachtaí, dar le Rút Ní Mhuireasa.
"Táimid go léir ar bís agus sár-lá a reachtáil i ndáiríre. Is iontach an rud atá á dhéanamh ag Gael Linn do saol na Gaeilge agus do na daltaí. Tá sé rí-thabhachtach an bhéim a leagan ar labhairt na Gaeilge agus táimid ana-bhuíoch do Gael Linn dá bharr."
"Ní bheadh na deiseanna sin ar fáil mura mbeadh Gael Linn ag spreagadh na teanga agus ag fáil maoiniú ó na húdaráis éagsúla. Agus beidh ceardlanna ann inniu agus lá spraoiúil geallta do na daltaí agus táimid go léir ag tnúth leis."