skip to main content

10 bpost d'Oifigigh Forbartha le Tuismitheoirí na Gaeltachta

Leanaí na Gaeltachta ag Tráth an Dóilín ar an gCeathrú Rua. [Pic: Tuismitheoirí na Gaeltachta]
Leanaí na Gaeltachta ag Tráth an Dóilín ar an gCeathrú Rua. [Pic: Tuismitheoirí na Gaeltachta]

Beidh naonúr Oifigeach Forbartha ag obair sa phobal mar a mbeidh suas le trí Limistéar Pleanála Teanga faoina gcúram agus duine amháin freagrach as cúrsaí teicneolaíochta san eagraíocht a riaradh.


Beidh na poist seo lonnaithe sna ceantair Ghaeltachta éagsúla:
Dún na nGall: Dhá phost
Gaillimh/Co na Mí: Ceithre phost
Maigh Eo: Post amháin
Cúige Mumhan: Dhá phost

Lonnaithe in aon cheantar Gaeltachta: Post amháin

Beidh siad freagrach as seirbhísí, imeachtaí, ócáidí agus scéimeanna Thuismitheoirí na Gaeltachta a eagrú agus a fhorbairt sna ceantair sin.

Beidh Oifigeach Forbartha amháin freagrach as cúrsaí teicneolaíochta san eagraíocht a riaradh – suíomh idirlín, nuachtlitir, meáin shóisialta, córas clárúcháin srl.

Macán agus an Leanbh Nua á léamh ag leanbh nua lena Mham. [Pic: Tuismitheoirí na Gaeltachta]

Beidh na daoine a cheapfar lonnaithe in aon cheann d’oifigí na heagraíochta i nGaoth Dobhair, Conamara nó Corca Dhuibhne nó i suíomhanna oibre lárnacha eile, atá le roghnú go fóill, sna ceantair ina mbeidh siad ag feidhmiú.

Deiseanna teacht le chéile shóisialta lárnach san obair [Pic: Tuismitheoirí na Gaeltachta]

Tá go dtí an Aoine 28 Meitheamh ag daoine iarratas a dhéanamh.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences




Tá tuilleadh eolais faoi na poist seo, na ceantair a mbeidh daoine ag obair iontu agus conas iarratas a dhéanamh ag www.tuismitheoiri.ie