skip to main content

Féile na Gealaí i Ráth Chairn Glas Gréine na Mí

Slua mheidhreach na Gealaí.
Slua mheidhreach na Gealaí.

Jiggy, Na Bonnymen, Super Céilí, Joy Dunlop, Na Fíréin, Cuas agus Grooveline - cuid de na bannaí agus na ceoltóirí a bheas ar stáitse Fhéile na Gealaí 2024, féile champála na nGael, i Ráth Chairn Ghlas na Mí ar an 7-9 Meitheamh.

Tugann an fhéile seo ardán do cheoltóirí úra, comhaimseartha na Gaeilge, agus Gaidhlig, agus beidh cuideachta ag teacht thar Shruth na Maoile arís i mbliana go láthair na féile ag Páirc CLG Ráth Chairn.

CUAS: Méabh Ní Bheaglaoich, Nicole Ní Dhubhshláine, Niamh Varian-Barry agus Kyle Macaulay [Pic:Donal Glackin]

Cuirfear tús le himeachtaí tráthnóna Aoine an 7 Meitheamh le ceol ón ghrúpa áitiúil na Hot Toddies ar an stáitse. Leanfaidh an chraic le Cuas as Corca Dhuibhne, Grooveline agus buíon bheomhar Bhaile Átha Cliath, The Bonnymen. Beidh tuilleadh chraic agus damhsa sa chlub áitiúil, An Bradán Feasa, le grúpa a nascann ceol traidisiúnta agus ceol leictreonach pop - Supercéilí as Ciarraí- ní bheidh an t-urlár folamh lena linn!

Spéaclaí gréine nó hata, éigeantach.

Beidh meascán mearaí de cheol arís ar an tSatharn ag toiseacht le Clann ceolmhar Mhic Corraidh as Béal Feirste. Bígí réidh le bheith ag canadh leis Na Fíréin, ar ais le chéile arís do cheolchoirm eisíoch ag ceiliúradh 40 bliain ó chas siad i Ráth Chairn den chéad uair riamh…fadó, fadó in Éirinn!

Ina gcuideachta ar an tSatharn beidh Huartan, Na Shanvans as Béal Feirste agus an geabaire Torby. Maron leo beidh Joy Dunlop, rinceoir agus amhránaí as Gaedhaltacht na hAlban lena banna ceoil úr. Coinneoidh an t-ollghrúpa Jiggy an chraic ag gabháil ar an pháirc sula ndéanfar oilthearacht go dtí'n Bhradán Feasa chuig club na féile don togra úr ceoil trad-leictreonach Cigire na bPuntaí - togra úrnua ceoil faoi stiúir Fhéile na Gealaí - ná cailligí seo ar ór nó ar airgead!

Grooveline glasáilte ar a mbuille.

Beidh croí na féile, an Joe Jack Attack, ar na bonnaí ag an cigire le deireadh a chur le féile 2024. Tá neart imeachtaí sa típí arís ag Féile na Gealaí ar an tSatharn- ióga le ceol le sibh a dhúiseacht ar maidin, rang dornaclaíochta leis an fhuinneamh a ardú, filíocht físiúil IMRAM leis an intinn a mhuscailt agus podchraoladh beo leis na Gaelgals leis an chóisir a thosú i gceart.

Beidh an fuirseoir fíor-Chorcaíoch Tadhg Hickey ag tabhairt faoi seó grinn sa típí agus leanfar sin le ceiliúradh BRÓD curtha i láthair ag Sexy Tadhg (Ó Grifín) agus Aerach Aiteach Gaelach.

Gang girseachaí na Gealaí.

Arís i mbliana tá go leor imeachtaí teaghlaigh eagraithe don tSatharn le seisiúin scéalaíochta i Leabharlann Ráth Chairn, Sorcas Fanzini sa Halla Pobail, imeacht ióga teaghlaigh, ceardlann Fighting Words na Gaeltachta agus seó ceoil Draíocht an Dúlra ag Gráinne Holland agus a cairde. Beidh Oireachtas na Gealaí ag pilleadh arís eile chuig cúl an tí an Bhradáin Feasa ar an tSatharn.

Níl ansin ach cuid den draíocht agus de na hiontaisí a bheas le fáil ag Féile na Gealaí - pacáil an puball agus na spéaclaí gréine do dheireadh seachtaine speisialta, comhluadar craiceáilte agus fíorscoth na siamsaíochta.

The Len Collective ag léiriú céime.

Ticéid Sraith 2 €110 ar díol go dtí 22 Bealtaine.

Beidh Sraith 3 ag tosú ar an 23 Bealtaine agus beidh na ticéid deireadh seachtaine €150.

Tá campáil san áireamh le aon ticéad deireadh seachtaine. Is ar líne amháin a bheas na ticéid ar fáil le ceannacht, seachas na pasanna speisialta atá á ndíol le muintir na háite sa Bhradán Feasa.

Le linn Sraith 3 díolfar líon teoranta ticéid lae ar €80, chomh maith le pasanna teaghlaigh (€15-€30) a thugfas cead do theaghlaigh a bheith ar an láthair go dtí 7 pm.

Beidh bia ar fáil ar an láthair uaidh P.I.M.T Pizza, The Flavour Smyth agus eile.


Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na meáin shóisialta nó ag www.feilenagealai.com