Thosnaigh an bhféile le tinte cnámh thuas ar na sléibhte, ag suíomhanna rúnda éagsúla ar fud an leithinis. Bhfuil an treoirphlean don saol ag Féile na Bealtaine?
Tá dúil dúchasach agam i dtinte cnámh agus bhí an t-ádh liom a bheith i láthair ceann acu. Tá sárobair déanta ag Féile na Bealtaine chun filíocht, ealaíon agus cultúr a chur ar fáil. I mbliana bhí deis agam cúpla rud a bhaint amach ó luath ar maidin go dtí déanach istoíche!
Go háirithe, agus mé amuigh ag rince gach oíche, bhí sé riachtanach m’anam a athnuachan an mhaidin dár gcionn. Dhein Aerial Flow Ióga le Ilonka an bheart ag síneadh an strus amach uaim. Ag machnamh i ngairdín an Díseart i dteannta Draoi an Daingin, Juli Malone.

Bhí cuairt ar Juice For Thought riachtanach le haghaidh sú d’aon torthaí nó glasra ina dhiaidh. Nó brunch istigh i Hare’s Corner. Is leor go bhfuil roghanna éagsúla timpeall Bhaile an Daingin; caifé ó Bean in Dingle nó tapas áitiúla ó Solas.
Bhí craic againn ag spaisteoireacht timpeall an baile ag féachaint ar bailiúcháin ealaíona éagsúla, ó phictiúir Ciara Dorgan istigh i séipéal San Seamus, Laura Barry i gclós Dick Mac’s nó díolachán vintage pop up i gclós Curran’s. Bhí an baile cosúil le 'tír álainn trína chéile’ le 'iontaisí an tsaoil’ i ngach cúinne, phóirse agus áirse.

An imeacht mór oíche Shathairn ná an Pagan Rave, gan dabht. Bhí an seó difriúil ar gach uile uair go dtí seo, mar is tionscadal ealaíona leanúnachas é. Tagann an ealaíon ina bheathaigh in ár measc le feistis págánach iontach. Ritheann an ceol leictreonach tríd do chorp. Sula dtuigeann tú cad atá ar siúl, bíonn tú ag rince timpeall an 'May Pole' ag canadh chuig an gealach mhór! Mothaíonn tú an draíocht san aer le gach 'págánach’ ag teacht amach ar stáitse, duine i ndiaidh a chéile, ag tabhairt aghaidh ar an lucht féachana chun iad a spreagadh agus a chur ag rince.
Agus cé go bhfuil na seana nósanna meata thar na cianta, táim i lán bhfabhar iad a thabhairt ar ais ar son an craic! Má thugann tú faoi ndeara Lá an Dreoilín, Na Biddies thall i mBeaufort agus a leithéid, chaithfeá a rá, go bhfuil taithí maith ag cleas Chiarraí ar an chraic seo, mar níl sé really caillte againn ón gcéad lá riamh. I slí éigin, mhair na dtraidisiún sin go dtí an lá atá inniu ann. Is maith linn gléasadh suas agus a bheith ag rince! Níl uainn ach an leithscéal.

Go deimhin, ní hamháin gur tugadh seó maith dúinn, ach tugadh deis do dhaoine teacht le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh. Is léir go mbeidh an imeacht seo ag fanacht i mbéal an phobail le blianta fada. Ní raibh ticéad ar fáil an mhaidin ina dhiaidh do Ióga Beats le Hannah Buckley agus an DJ, Subterranean Soul.
Cruthaíonn siad fuaimrian dos na rannpháirtithe i dteannta le sruth ióga vinyasa. Ina ionad, agus botún mór a bhí ann, bhuail mé le mo chairde i gclós Dick Mac's do Sing-Along-Social, Juice for Thought i mo lámh. Deirtear gur craic iontach atá ann – ach bhí orm rith amach as an áit ón gleo. Bhí comhluadar os cionn 100 duine ag canadh Whitney Houston’s 'I Will Always Love You,’ chomh maith le hamhráin eile mór le rá.

Níos déanaí, bhí ceolchoirm ag Pa Sheehy i dtigh Páidí Ó Sé, ceol a bhí i bhfad níos oiriúnaí don lá a bhí i gceist. Tá guth láidir aige ach séimh a théann i bhfeidhm ar do chroí. Insíonn sé scéalta grinn idir na hamhráin a thugann tuiscint duit ar ábhar a chuid amhráin.
Gheall sé dúinn go scríobhadh sé amhráin níos bríomhara as seo amach ach nfheadar an raibh sé ag magadh fúinn aríst. Tá a stíl ag forbairt go mór thar na blianta agus faighim suaimhneas ina ghuth agus a cheol. Lean an cóisir ar aghaidh tráthnóna Dé Domhnaigh. Bhí King Kong Company i dteannta Bobby Fingers ag bailiú na ravers le chéile arís. Ní raibh aithne agam orthu roimhe, ach nuair a cloiseann tú iad beo, tá fuinneamh éigin acu a mheallann tú. Chuir siad na h’éinne ag rince agus chuir siad ana-seó ar siúl, go háirithe Bobby Fingers!

[Pic: Allen Kiely Photography]
Rince, ceol ‘gus comhluadar maith i dteanta seana cáirde agus cáirde nua – tá an samradh tagtha chugainn sa Daingean. Go dtí an am seo arís, Féile na Bealtaine.