Beidh na sluaite ag tarraingt ar Pháirc Éadan na dTorc tráthnóna amárach agus na Saffs buí ag tabhairt aghaidh ar na Dearcáin dearga i gcluiche ceannais Uladh.
Le hardú céime camógs Dhoire ó Idirmheánach go Sinsir i gCraobh na hÉireann anuraigh, tá trí fhoireann anois sa chúige ag imirt ag an leibhéal is airde sa tír. Beidh ainmneacha móra ag tabhairt chun páirce Dé Sathairn, ina measc Aoife Ní Chaiside, Áine McAllister agus Céat McEldowney na Spéiríní agus Róisín McCormick, Caitrín Dobbin agus Maeve Kelly na nGlinntí.

Is iomaí cuairt atá tugtha agus a thabharfaí na comharsan seo ar a chéile; tarraingíodh iad in éadán a chéile don chéad bhabhta de chraobh na hÉireann 2024 i gceann coicíse, agus tá seanaithne ag lucht Shleacht Néill agus Loch gCaol ar a chéile óna gcogaidh chlúiteacha i gcraobh an chlub, araon le hiarimreoirí Choláiste Pádraig, Machaire Rátha agus leithéidí Scoil Cross & Passion agus Naomh Louis Aontroma sna comórtais meánscoile.
Chas an dá dhream ar a chéile anuraidh i mbabhta leathcheannais an chúige agus chuaigh an cluiche sin go snaidhm an rópa.
"Ní raibh ach pointe nó dhó eadrainn an lá sin, más buan mo chuimhne," a dúirt Caitríona Graham as Achadh Eochaille, cúl báire Aontroma.
"Is dócha gur chóir do Dhoire baint an lá sin. Bhí an t-ádh orainn éalú an lá sin."
Fuair contae an Dúin an bua ar Aontroim anuraidh sa bhabhta ceannais, le 10 bpointe óna gcaptaen Niamh Mallon ar an lá, bean Phort an Pheire atá aistrithe go foireann na Gaillimhe ó shin.
"Ghortaigh sin. Bhí muid i ndiaidh iad a bhualadh sa tsraith agus ansin, lenár n-ullmhúchán don chraobh, bhí muid rud beag caillte i gcraobh Uladh agus bhí an bua iomlán tuillte ag an Dún an lá sin," a dúirt Caitríona.

Níl an chraobh seo bainte ag Doire ó bhí 2016 ann, agus leithéidí Gráinne McGoldrick agus Karen Kielt ar an fhoireann. Coicís i ndiaidh cailleadh i cluiche ceannais na sraithe 2A, chuir siad deireadh áititheach le feachtas craoibhe an Dúin, agus scór 1:15 go 5 phointe acu ag deireadh.
"Bhí díomá orainn leis an dóigh ar imir muid in éadan na hIarmhí i bPáirc an Chrócaigh. D'imir i bhfad níos fearr in éadan an Dúin; ag dul isteach chuig tackles go crua," arsa captaen Dhoire, Aoife Ní Chaiside.
"Maidir le hAontroim – is dúshlán ollmhór é. Tá siad ag forbairt le cúpla bliain anuas ag leibhéal níos gasta ná muidinne ag an leibhéal is airde."
"Mothaíonn muid go bhfuil muid ag déanamh 'catch-up’ leo ach tá Doire in áit mhaith faoi láthair, tá a lán oibre á dhéanamh faoi aois."
Ach cad é lena bhfuil na foirne ag súl óna chéile?
Labhair Aoife ar dtús:
"Beidh gach rud níos gasta, na scileanna camáin níos gasta. Beidh siad láidir agus gasta agus cleachtaithe leis an chaighdeán is airde. Ach cúigear déag in éadan cúigear déag, agus bíonn plean ag gach foireann. Amharcann gach duine ar na rudaí céanna – deiseanna scórála, blocánna, turnovers. Ní shílim go mbeidh mórán sa difear eadrainn Dé Satharn."
Aontaíonn Caitríona nach mbeidh mórán eatarthu.
"Caithfimid súil a choinneáil ar Áine McAllister mar gheall ar a scóranna. Agus aon duine dá gcúlaithe, i ndáiríre. Beidh dúshlán roimh ár dtosaithe cibé."
Tá deis ag an dá fhoireann rud beag ratha a fháil tar éis sraitheanna laga go leor le hullmhú do chraobh na hÉireann. Mar a deir Aoife, "deis atá ann cluichí breise a fháil agus tá bród bainte leis fosta."
Tar éis éiginnteacht agus athrú bainistíochta Aontroma i rith na sraithe, mothaíonn Caitríona go bhfuil siad anois ar an bhóthar cheart.
"Tá an bhainistíocht níos socraithe anois, agus chuidigh sin daoine a fháil amach ag an staid seo. Sea, tá an campa in áit mhaith."
Tá aithne ag na foirne seo ar a chéile craiceann istigh agus an iadsan atá glic agus nuálach, is acusan a bheas a bua. Cath spleodrach iomaíoch atá os ár gcomhair leis an phéireáil seo.
Is féidir amharc ar an chluiche beo seo ar Facebook 'Ulster Camogie' agus éisteacht leis an tuairisc faoi Dé Domhnaigh ar Spórt an Lae ar RnaG https://www.rte.ie/radio/rnag/