Tá an seó fíochmhar Night Dances de chuid Emma Martin agus United Fall le léiriú mar chuid d'Fhéile Cork Midsummer ar an 13-15 Meitheamh. Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Emma ina thaobh sin agus fén gcomplacht United Fall.
An é seo an chéad cuairt ag Night Dances ar Chorcaí?
"Is ea agus an chéad uair dom bheith i láthair ag Cork Midsummer. Tá mé ar bís go mór ina thaobh sin de. Agus an t-ionad ina mbeidhmid, an Marina Market, atá athbheoite le déanaí agus an-trendy ar fad. Tá an seomra ina mbeidh an seó ina láthair fíor-spreagúil don saothar mar gur theastaith uaim nach in amharclann a mbeadh sé ach i seantán nó halla."
Nó i Staid Dornálaíochta Náisiúnta (áit a raibh, cheanna)?
"Nó i Staid Dornálaíochta Náisiúnta!"
Bhfuil deacrachtaí eagrúchán an seó a stáitsiú ann ó thaobh solas, fuaime agus mar sin de?
"Bhuel tá leictreachas de dhíth ach tá solas álainn Halo againn a shoilsíonn an seó ar fad nach mór. A fhaid is gur féidir linn é sin a chrochadh agus urlár a chur anuas, na callairí a phlugáil isteach, táimid sách socair. Tá sé deas freisin an lucht féachana a chur ar thrí taobh thart ar an léiriúcháin mar gur mhaith leat go mbeadh an seó timpeallaithe acu."

Ní féidir 'round’ iomlán a bheith ann toisc go mbeidh Daniel Fox, Gilla Band, agus na ceoltóirí leis ar an gceathrú taobh?
"Ceart. Caithfidh siad bheith ansin chun go mbodhróidh siad iad féin!"
Cad as ar fhás an gaol sin le Daniel Fox mar chumadóir don seó?
"Is fan mór mé le tamall fada. Sula dtógaim cumadóir isteach sa seomra beidh mé ag obair ar smaointe le rinceoirí agus bíonn seinnliosta agam. Sular athraigh siad an t-ainm go Gilla Band bhíodh Girl Band ar an seinnliosta sin agam i gcónaí. Tá na hamhráin acu chomh blasta, chomh tarraingteach, agus an-chuid sraitheanna iontu. Tá siad an-láithreach don chorp mar sin."

"Le haghaidh Night Dances bhíos ag dul siar go laethanta na déaga agam, ag éisteacht le go leor Nirvana déanach, beagáinín messy, beagáinín triallach, ag lorg an cheoil sin atá fíochmhar, feargach a chuireann riastradh ionat bheith ag gluaiseacht."
"Ó mo thaobh féin de, tá dord-fhuaim throm mar sin ag Gilla Band agus go háirithe ag Dan agus toisc gurb é an innealtóir acu, chuaigh mé i dteagmháil leis agus chuireas os a chomhair é. Bhí sé an-chineálta agus dúirt ‘Seo linn, déanaimis é!’."
"So thuig sé é, cé nach raibh a leithéid déanta cheanna aige, istigh i lár seomra lán le damhsóirí ag breathnú air, ag rá ‘So…?’’

Conas mar a dhein sibh é mar sin – ar bhreathnaigh Daniel ar na rincí ar dtús agus chum ceoil ina dhiadh sin?
"Ní hea i ndáiríre. Bhí roinnt fuaimeanna luath déanta agam ar an mbogearra GarageBand, smaointe tosaíochta agus thógas Dan agus an dordghiotár aige isteach ar dtús. Tar éis roinnt tubchumadóireachta agus nathanna beaga gluaiseachta agus é féin ag seinnt isteach ann, tháinig rudaí le chéile réasúnta tapaigh."
"Thóg Dan Jamie agus Brian isteach le críoch a chur leis an mbanna – druma-ghléasra agus mar sin de – chuir sé banna álainn le chéile. Tig leat daoine a thabhairt isteach ag timpeallacht stiúideo rince agus iarradh ortha dul siar ar chleachtaithe arís agus arís eile ach bhíodar chomh flaithiúil, fial agus sa tóir ar an nasc a dhéanamh leis na rinceoirí. Tá an nasc sin le feiceáil tré chomh daingean, buanaithe is atá an píosa."
Maidir le buanú, tá United Fall – tú féin, Jill Murray agus Ois O’Donoghue – lonnaithe d’aon ghnó, ceanndána, bfhéidir, fén tuath, cé go bhfuil sibh idirnáisiúnta chomh maith – seo cinneadh soiléir gur ghlac sibh lonnú i gCeatharlach?
"Sea. Ní as Ceatharlach mé ach thángamar anseo 3-bhliain-déag ó shin, as seo do mhuintir m’fhear céile. Tá ionad dochreidte ealaíona anseo againn (Visual) agus ní hé go bhfuil droch lucht féachana againn ach tá sé íseal maidir le damhsa de. Sílim go bhfuil eagla nó imní ar dhaoine go bhfuil siad ag teacht ag breathnú ar rud éigin gan scéal nó insint, go mbeidh siad caillte nó gur cheart dóibh rud éigin a thuiscint nach bhfuil ar eolas acu."
"Tuigim na rudaí sin go léir agus sílim nach bhfuil éirithe ag rince é féin a mhíniú go maith, is minic go mbíonn sé dírithe air féin, saghas. Tá taithí agam chomh maith ar na cineálacha rincí atá níos iomaíoch nó brabúsach sa cheantair máguaird anseo thart. Bíonn hallaí spóirt mhóra pacáilte le daoine a thagann chun na daoine óga seo a eiscint sna comórtaisí sin – tá an t-éileamh ann. Ach sílim go gceapann daoine gur chéim rófhada dóibh é dul ag breathnú ar rince i láthair amharclanna."

"Mar sin ní hé gurb é seo an sprioc ag tús ach theastaigh uaim camchuairt náisiúnta a dhéanamh le Night Dances in áiteanna nach bhfuil lucht féachana móra rince ionta. Dá raghfeadh daoine sa tseans ní bheadh dul amú ortha agus leanfaidís leo i dtreo seónna eile. Má fheiceann siad rud éigin nach dtaitníonn leo, nach cuma? Fill arís an mhí seo chugainn!"
Tá grúpa rinceoirí óga, Dance Republic, páirteach in Night Dances; nach meallfaí a muintir agus a gcairde siúd an lucht féachana sin nach bhfreastalódh ar an ngnáth bhealach?
"Cinnte, gan dabht. Tá siad siúd ann agus tá na daoine óga sin ábalta rinceoirí gairmiúla a fheiscint atá ina mbun seo an t-am ar fad, iad ag cleachtadh leo, ag réiteach don seó leo agus ag caint leo. Léiríonn sé do na daoine óga gur féidir slí beatha a dhéanamh ina leithéid ceird. Tugann sé sin ardú croí dom a thaispeáint dóibh nach gá go n-éireofá as ag aois a 17 nó mar sin."
Siar-stocaireacht an ealaíontóra Éireannaigh – an briseadh croí agus uallach I gcónaí é bheith ag lorg airgead mhaoinithe chun do shaothar a chur ar fáil?
"Is briseadh croí atá ann agus saothar dian ach braithimse gur pribhléid ollmhór atá dúinn go bhfuil airgead ann le teacht air. Tuigim go bhfuil an próiseas míchothrom uaireanta ach go háirithe do ealaíontóirí nua, óga atá ag tosnú amach, go dtógann sé tamall sula thuilleann tú pingin."
"Ach cuimhnigh nach bhfuil a leithéid sna Stáit Aontaithe – bíonn daoine ag braith ar dheontóirí agus mar sin de agus nfheadar bhfuil an eitic céanna ann is atá againne anseo. Tá córas iontach againn in Éirinn ach ní fiú domsa go bhfaigheadh gach éinne píosa beag den mhaoiniú – caithfear modh inbhuanaithe a chruthú chun gur féidir le grúpaí agus ealaíontóirí fás agus forbairt tré iad a mhaoiniú."
Bheifeá sona mar sin leis an scéim thuarastail ag an Aire Catherine Martin d'ealaíontóirí?
"Is céim iontach mór atá ann. Tá sé léirithe sa bhFrainc, mar shampla, go n-éiríonn lena leithéid. Sílim go ndéanfaidh sé difríocht ollmhór mar go bhfuil rabharta tallainne ar an mbealach – glórtha nua, bríomhaire, láidre agus sílim go n-athróidh sé sin an tír-dreach chun feabhais."
Beidh Night Dances in Amharclann na Mainistreach ar an 24 agus 25 Bealtaine mar chuid de Dublin Dance Festival. Ticéidí ar fáil fós anseo.
Más spéis leat tuilleadh a bhlaiseadh breathnaigh ar Dublin Dance Festival anseo.