Tá Mo Chuid Rincí Gaelacha mar chuid den sraith My Irish Books dírithe ar leabhar idirghníomhacha a sholáthar do leanaí agus foghlaimeoirí.
Tá My Irish Books dírithe ar léitheoireacht agus an Ghaeilge a chur ar fáil go héasca don phobal. Séard atá sa leabhar nua 'Mo Chuid Rincí Gaelacha' ná bailiúcháin foinn traidisiúnta ar nós 'The Gold Ring' agus 'Denis Murphy's Slide' agus ceoil chéilí a chur os comhair lucht léitheoireachta nua. Maraon le modh idirghníomhach sna leabhair tá foclóir rince Gaelacha ionta chomh maith le sliochtanna a dhéanann cur síos ar na rincí agus na foinn éagsúla.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Emer Ní Scolaí, ceoltóir agus údar an leabhair agus le Risteard Mac Liam, stiúrthóir agus eagarthóir na sraithe. Míníonn, Emer, ar dtús, cad as ar eascair an smaoineamh.
"D'eagraigh Risteard an leabhar (Mo Chuid Amhráin Ghaeilge) ach chuaigh muid ag caint le chéile faoi saghas eagrán nua a scríobh le haghaidh páistí óga a phlé leis an gceol seachas an canadh. So bhí an scríobh agamsa agus ag Risteard agus bheartaíomar go stiúróinn an cheoil agus téacs an leabhair a scríobh."
Agus b'iad tú féin agus an bheirt deirfiúr a sheinn an ceol?
"Sea, táimid i mbanna ceol ar a ghlaoitear Sult. Sin mé féin ar an gcruit mo dheirfiúr Sorcha ar na píobaí agus mo dheirfiúir Caoilfhionn ar an gconsairtín. An smaoineamh a bhí agam ansin ná seinnfinn féin, Sorcha agus Caoilfhionn an cheol ar an leabhar agus go n-úsáidfimid na huirlisí céanna ionas go mbeidh páistí in ann idirdhealú a dhéanamh idir na difríochtaí rithime agus stíle idir na píosaí éagsúla seachas difríochtaí ar uirlise."

Cad iad na rincí a roghnaigh sibh?
"Bhí mé ag plé le Risteard cén cineál rincí a bheidh oiriúnach, agus bheartaíomar ar ríl, port, sean-sleamhnáin, máirseáil agus polka a roghnú. Rinne mé iarracht saghas foinn cáiliúla agus píosaí cáiliúla a roghnú ionas go n aithneoidh na páistí iad. Tá an leabhar dírithe ar gach cineál páiste ach baineadh páistí atá bainteach le Comhaltas nó a sheineann uirlis an-chuid tairbhe as má aithníonn siad na píosaí, sílim. Mar sin na píosaí a roghnaigh mé ná 'Kiss the Maid Behind the Barrel' mar ríl, ‘Polka 1-2-3’ mar polka, ‘The Gold Ring’ mar port, agus ‘Denis Murphy’s’ mar an sleamhnán."
Mhínigh Risteard Mac Liam, stiúrthóir agus eagarthóir sraithe My Irish Books, gur ag leanacht ar aghaidh leis na sraith atá ar siúl acu.
"Tá siad dírithe ar gach aois. Tá an idirghníomhaíocht an-éasca don pháiste óg. Tá siad in ann an chnaipe a bhrú agus feiceann tú go bhfuil ‘reactions’ thar a bheith dearfach acu. Is aoibhinn leo iad. Ach fós féin páistí atá níos sine ná sin tá siad ábalta na focail a fhoghlaim leis na hamhráin agus leis na rincí tá siad ábalta foghlaim faoi chúlra an rince, tá siad ábalta cineál nasc a dhéanamh leis an gceol. So b'fhéidir gur chuala siad an focal ‘port’ nó gur chuala siad an focal ‘sleamhnán’ ach níl a fhios acu go díreach céard é agus le téacs Emer tá sé an-soiléir. Cuireann sí síos go h-an-gairid ar na rincí éagsúla agus tá sampla agat ag bun na méar - caithfidh tú cnaipe a bhrú agus tá tú ábalta éisteacht leis an rince seo. Mar sin baineann siadsan tairbhe níos aibí as an leabhar. Agus cé nach bhfeicfidh tú na leabhar seo ar seilfeanna siopa do dhaoine fásta is aoibheann leo siúd bheith ag brabhsáil tríotha freisin. Foghlaimíonn siad siúd uatha chom maith. Mar sin is do gach aois grúpa iad."

Tús atá sa leabhar seo do pháistí, dar ndóigh. Maidir le céimeanna a chleachtfaí leis na foinn, tig le daoine nascanna a aimsiú ar láithreáin idirlín de réir mar is mian leo féin.
Tá sliochtanna ghairid ar na leathannaigh maidir leis na céimeanna éagsúla agus na ceantair agus traidisiúin as a dtagann na rincí. Tá méadair an cheoil luaite leo chomh maith, mar aon le nodanna beaga ‘rashers-and-sausages rashers-and-sausages’ le cabhrú le leanaí atá ag foghlaim.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Other books in the series included 'Mo Chuid Uirlisí Ceoil,' ‘Mo Chuid Amhráin Ghaeilge’ and ‘Mo Chéad Rainn Ghaeilge.’ Tuilleadh eolais anseo.